Cheapfá go raibh a dhothain dochar déanta ag Sinn Féin do na meáin Ghaeilge nó tá ionadaithe an pháirtí ar bhord Fhoras na Gaeilge tar éis suí ar a lámha agus dhá nuachtán Ghaeilge á dhruidim ceal tacaíochta ón bhForas céanna.
Anois tá siad ag iarraidh grúpa comhairleach a chur ar bun chun “moltaí a chur le chéile agus agus a chur faoi bhráid an rialtais maidir le todhchaí na meán clóite agus na meáin craolta in Éirinn”.
De réir sceala ar Gaelport:
Labhair Piaras Ó Dochartaigh, Sinn Féin, ag an gcruinniú agus luaigh sé cás Foinse mar shampla don ghéarghá atá ann do pholasaithe agus reachtaíocht a chur ar bun agus tiomantas agus tacaíocht do na meáin dúchasacha a léiriú.
Agus dúirt sé, gan aon tuiscint ar an íoróin, is léir:
Dúirt sé go raibh sé do-ghlactha go raibh a phort deireanach seinnte ag Foinse, a d’fhoilsigh an t-eagrán deireanach ag an deireadh seachtaine.
Má tá sé doghlactha aige go raibh port deireannach Foinse seinnte, cén fath go raibh sé inghlactha ag a chomhleacaithe atá ina suí ar bhórd Fhoras na Gaeilge?
Tá soir agus siar ann faoi fhiúntas Foinse agus an slí gur tháinig deireadh leis an nuachtán agus daoine den tuairim ná raibh an scéal iomlán á roinnt ag Pádraig Ó Céidigh linn. Bhí dhá stiúrthóir ar an gcomhlacht, mar shampla, agus ní raibh, is cosúil, aon bhaint acu le reachtáil na comhlachta ó lá go lá ach tá ceist ann faoi cé acu an raibh siad araon ag tarraingt tuarastal substaintiúil ón gcomhlacht.
Más amhlaidh go raibh, cén fath go raibh? Táimse den tuairim go mba cheart go mbeadh stiurthóirí na comhlachta ag fáíl sciar den brabhús ós rud é gurb iad a bhunaigh an nuachtán – ach níl a fhios agam an bhfuil sé ceart go mbeadh tuarastal á tharraingt acu agus gan iad fostaithe go foirmeálta ag an gcomhlacht….
Ag an am chéanna, tá gá le diancheistiú ar ionadaithe Shinn Féin agus ionadaithe na bpairtithe eile atá ina shuí timpeall ar bhórd an Fhorais féachaint cén fath gur lig siad an dara nuachtán Ghaeilge chun báis i dtréimhse sé mhí.
Níl sé maith a dhothain go bhfuil an Seanadóir Piaras Ó Dochartaigh ag dul thart agus ag béicigh faoi dhúnadh Foinse agus go gcaithfidh an Rialtas seo, siúd agus eile a dhéanamh faoi seo nuair atá neamh íontas á dhéanamh aige de ról a pháirtí féin sa chliseadh is déanaí – agus sa chliseadh a chuaigh roimhe. An é nach dtuigeann sé an scéal iomlán nó an bhfuil sé ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn?
Tá alt ag Seán Tadhg Ó Gairbhí i dTuarascáil inniu agus é ag caint ar an ghá atá le nuachtán Ghaeilge agus an baol ina bhfuil an teanga anois d’uireasa Foinse. Rinne sé tagairt sleasach do Lá Nua – gan ainm an nuachtáin a lua – an é Lá Nua an t-ainm nach féidir a chur i gcló ar cholún Ghaeilge an Irish Times ar chúis éigean?
Ní raibh sa Ghaeilge riamh ach “péil pholaitiúil” do SF.Can a thaibh nár ghlac siad leis an Áireacht Cultúir ó thuaidh.Aon chaiteachas o thuaidh anois caithfear a mhacasáil a chaitheamh ar an Albanais Ultais dár leis an t-Úasal McCausland.Tá an Ghaeilge ina phraiseach ó thuaidh is ó dheas anois a bhuíochas do na polaiteoirí.An cheacht!!!níl aon rud in ann don Ghaeilge ach na polaiteoirí a chaoiméad amach as.
“tá an Ghaeilge ina praiseach ó thuaidh is ó dheas anois…” – ak COME ON. An bhfuil deireadh leis an melodrama seo??!
Seans go raibh tionchar éigin ar an méid a bhí le rá agat agus ag daoine eile maidir le seasamh SF i dtaobh Foinse de. Féach http://www.gaelport.com/sonrai-nuachta?NewsItemID=2527
Beagán déanach cinnte ach i gcead dóibh ní fheicim cinnirí na bpáirtithe eile ar lorg cruinniú práinne ar an gceist seo (eisceacht is ea é Ó Cuiv[chomh maith ní cinnire páirtí é] dar ndóigh).