Éadochas eagarthóra

agallamh spéisiúil ag Caitlín Ní Ruanaidh le h-iar eagarthóir an iar nuachtáin, Foinse, ar an Druma Mór ar maidin, agallamh ina léiríonn Seán Tadhg Ó Gairbhí éadóchas go mbeidh Foinse linn arís.

Is cinnte gur iriseoir den scoth é Seán Tadhg a rinne sár jab faoi chúinsí deacra. Ní thuigim go raibh na h-acmhainní aige an crut is fearr a chur ar Foinse agus ní thuigim go fóill an scéal seo faoin chúlchiste a bhí ag an nuachtán – ach nár caitheadh, is léir domsa, ar uasghrádú an nuachtáin.

Sin argóint do lá eile, áfach. Tuigim cás Sheán Tadhg agus é anois sa tóir ar phost – fiú is go bhfuil taithí na mblianta aige agus iomrá air mar iriseoir, níl na folúntais ann sna meáin faoi láthair, gan trácht ar na meáin Ghaeilge.

B’olc an scéal dá gcaillfí a leitheid de thalainn ó na meáin Ghaeilge.

San agallamh seo, tá sé ag seachaint na ceiste faoin locht, cé air a cheart an locht a chur as ucht an gcliseadh ar Foinse?

Nílim chomh carthannach céanna. Tá an locht ar an bhForas, tá an locht ar Ghaeil nár cheannaigh é agus tá an locht ar an Aire Éamon Ó Cuív a shuigh ar a lámha nuair a bhí an nuachtán i bpriacal an oiread gur shuigh sé ar a lámha nuair a bhí Lá Nua i mbaol.

Is é seo an teachtaireacht is duairce ón agallamh:

Fad is a thuigtear domsa, sin deireadh leis an pháipéar. Ní dóigh liom go dtiocfadh sé slán sa ghearrtéarma. Beimid gan nuachtán Gaeilge ar feadh tamaill. Brathann sin amach anseo ar Fhoras na Gaeilge, ar an rud a dhéanfaidh siad sin amach anseo

Is féidir libh an chuid eile den agallamh a léamh ar shuíomh An Druma Mór. Maith thú, a Chaitlín, fuair tú scúp deas… ní fheadar ar chuir aon meán eile Seán Tadhg faoi agallamh…

4 thuairim ar “Éadochas eagarthóra

  1. séamus Mac Seáin

    ní nach ionadh ní raibh Tadhg abálta mórán eolais a tabhairt dúinn ar an taobh ghnó de FOINSE nó níor sin a chúram.Níl deireadh le FOINSE de bharr nach raibh an paipéar go maith ach nach raibh go leor airgid ann lena choinneáilt ag dul mar a bhí sé.Sílim féin go fóill go dtiocfadh FOINSE a thabhairt amach 52 seachtain sa bhlian ar an 500,000 Euro a bhí ar fáil dó ach atheagrú a dhéanamh ar an ghnó.Ní thiocfadh “páirtnéirí suan” a bheith ann agus chaithfeadh gach duine a bheadh ar an phárolla a bheith ag obair go díreach don pháipéar.Cuirfidh sé iontas orm mura dtiocfaidh “FOINSE EILE ” ar an fhód faoi chúrám eile agus le cabhair Údarás na Gaeltachta.mar comharcumann b’fhéidir???

    Freagra
  2. Ping: Éadochas eagarthóra | Unemployment Killer's Daily Blog

  3. Tadhg Mac Dhonnagáin

    Má tá “Gaeil” ann nár cheannaigh Foinse, is de bharr gur airigh siad nár bhain sé leo, nó nach raibh spéis acu páipéar Gaeilge a léamh, nó de bharr nach bhfuil cleachtadh acu ar Ghaeilge a léamh. Is iomaí cainteoir dúchais Gaeilge (agus is líonmhaire go mór fada na cainteoirí dúchais Béarla) nach léann a dhath riamh ach na páipéir thablóideacha. Aois léitheoireachta seacht mbliana ar an meán a theastaíonn le leithéid an Star a léamh – páipéar atá foilsithe i mórtheanga nach mbíonn daoine ag súil leis an bhfocal scríofa a bheith ag teacht go dílis lena gcanúint labhartha féin agus nach bhfuil curtha ó dhoras ag Béarla nach mbaineann go beacht lena ndúchas.

    Tá pobal ann do nuachtán Gaeilge, ach is pobal meánaicmeach é, pobal daoine a bhfuil oideachas orthu agus iad cleachtach ar Ghaeilge scríofa. Más dírithe ar chúrsaí reatha go príomha a bheadh nuachtán, tá tú ag iarraidh gnó costasach a bhunú ar mhionlach taobh istigh de mhionlach custaiméirí.

    Creidim féin, ar an mbonn sin, nach raibh margadh réalaíoch ann do pháipéar laethúil ag an bpointe seo i stair na teanga. B’fhéidir go mbeidh amach anseo, ach ar bhonn airgeadais, creidim go pearsanta gur thóg an Foras an cinneadh ceart deireadh a chur le Lá Nua. Ní raibh an pobal ann dó. Fiú agus é ar fáil saor in aisce, mar a bhíodh thart ar oifigí Telegael, ar éigean go bhfeicfeá duine ar bith ag leagan láimhe air – agus an áit lán le cainteoirí Gaeilge a raibh oideachas orthu!

    Dá mbeadh an t-airgead ann, go teoiriciúil, d’fhéadfaí páipéar laethúil a fhorbairt a mbeadh scúpanna ann gach ré lá, a mbeadh iriseoirí den chéad scoth ag iarraidh oibriú ann – ach dá bhféadfá an fhoireann sin a aimsiú agus iad a choinneáil ó bheith ag fáil jabanna níos aitheanta san Irish Times nó sa Galway Advertiser, arbh fhiú costas an nuachtáin sin, nuair a chuimhníonn tú ar an méid daoine a bheadh in ann é a léamh?

    Bhí Foinse go maith mar gur meascán cliste d’iris phobail agus nuachtán deireadh seachtaine a bhí ann. Tugadh a cheart do na healaíona ann agus do chúrsaí spóirt. Bhí stuif éadrom go leor chomh maith ann, ábhar a bhain le saol sóisialta na Gaeltachta agus na Gaeilge. Bhí pobal ag Foinse agus thug sé seirbhís don phobal sin, seirbhís a bhí ag teastáil uaidh.

    Tá sé tábhachtach go gcuirfí a léithéid chéanna ina áit. Maidir le nuachtán laethúil, is é an t-idirlíon an bealach chun cinn – tá ábhar pobail i bhfad níos mó ann ar fud na cruinne agus gan na fadhbanna ná na costais chéanna dáiliúcháin.

    D’fhéadfaí seirbhísí breise a bheith ar fáil ar shíntiús – seirbhísí a bhainfeadh le foghlaim na teanga ba mhó a mbeadh tóir orthu, sílim féin.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Mura raibh margadh ann do nuachtán laethúil, ní raibh margadh ann do nuachtán seachtainiúil, dar liom. An uair is fearr go raibh Lá, bhí 4,404 coip á dhíol go laethúil – sin díolachán ABC. Nuair a druideadh Foinse bhí 4,000 coip á dhíol go seachtainiúil ag an nuachtán. An fath nár chuaigh Lá i bhfeabhas ó thaobh díólachán de ina dhiaidh sin – thart ar Samhradh 2004 – bhain sé leis an moill a bhí ar an bhForas tacaiocht linn ó thaobh margaíocht is mar sin de. Thréigh siad sinn de bharr, dar liom, go raibh eagla orthu go n-eireodh linn. Dar liom bhí an tairge chomh maith le Foinse, ar a laghad. Is féidir linn easaontú ar an gceist sin mas maith leat. Ach tuigim ód chaint gur nuachtán áitiúil agat abea Foinse – agus b’shin an fhadhb. Bhí sé áitiúil do Chonamara – rud a léirigh sé leis an bhéim ar scéalta a thacaigh le h-aththarraingt teorainneacha na Gaeltachta (ar mhaithe nach mbeadh fagtha sa Ghaeltacht ach Conamara agus cúpla pobal fánach eile mhothaíos) ach ní raibh an cheangal laidir idir é agus pobail Ghaeilge eile na tíre, easnamh atá cruthaithe ag an easpa tacaíochta ata léirithe don nuachtán le déanaí. Cinnte scriobhadh cúpla litir agus a leithéid chuig nuachtáin – ach cad ab fhiú iad?
    Ní raibh Foinse téigeartha go leor don ghnó ina raibh sé, fiú an eagrán dheireannach ní raibh téigear ann. Nior mhothaigh an nuachtán cruatan riamh roimh a bhás ró luath agus é ag saothrú suas le €750,000 in aghaidh na bliana bhfógraí ó rannóga stáit ó dheas agus chlis siad laithreach nuair a bhuail an cruatan seo.
    Ní aontaim leat faoi chinneadh an Fhorais nó dar liom níl an céad noisean acu acu faoi chúrsaí nuachtáin agus margaíochta – ní féidir leo a gcúntais féin a fhoilsiú in am trath gan bacadh le nuachtán. Níl a fhios agam ach an oiread cad é an critéir a bhaineann siad feidhm as chun na leabhair atá le tacaíocht Bórd na Leabhar Ghaeilge.
    Má tá sé tabhachtach go gcuirfí ‘a léithéid chéanna’ in áit Foinse, cé atá chun sin a dhéanamh? Seans ar bith go bhfuil éinne chun sin a dhéanamh dar liom mar nach bhfuil an margadh maith go leor – agus ní bheidh an tacaíocht ón stát leordhothaineach. Is é an t-idirlíon an t-aon bhealach chun cinn d’fhoilsiú nuachta is chúrsaí reatha i nGaeilge. Ní bheidh ‘seachtanán’ ar ais – nó cén bhrí a bheadh leis i ré 24/7?
    Sílim go bhfuil ana chuid seirbhisí ann le h-aghaidh foghlaimeoirí teanga – níl a dhothain ann le h-aghaidh sinne atá an teanga acu agus atá ag iarraidh ábhar spéisiúil le léamh.
    Ag an am cheanna agus tusa agus mise ag argóint faoi phinginí le h-aghaidh leabhair is nuachtáin is irisí Ghaeilge a fhoilsiú, tá na milliún Euro á chaitheamh ar chaipéisí a aistriú nach bhfuil á léamh ag mionlach an bheag ar fad, fiú i gcomparáid le leitheoirí na nuachtán.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s