Anois nó riamh….

Tá ceisteanna fós ann i dtaobh Foinse – an bhfuil sé beo nó marbh? – ach tá sé in am dúinn féachaint ar staid na h-iriseoireachta Ghaeilge faoi láthair i bhfianaise na sceannairte atá déanta le tamall anuas ar an earnáil seo.

Ní h-é an iriseoireacht chló amháin atá curtha ó mhaith ag maorláthaigh ach is cinnte go bhfuil ár n-áird ar bhás ró luath na nuachtán, Lá Nua agus Foinse, le roinnt míonna anuas.

Ach, de bharr na gciorruithe, tá dhá chlár chursaí reatha a bhí á chraoladh ar RTÉ RnaG, Faoi Chaibidil agus Seó Beo an tSathairn, cláracha ná raibh ró spreagúil nó géar chúiseach dar liom, ach bhí siad ar an sceideal agus ni fhillfidh siad san Fhómhar. Fágann sin nach mbeidh ach Adhmhaidin agus Nuacht a hAon ina mbeidh aon sórt plé á dhéanamh ar chúrsaí reatha. Agus ansan ní bheidh ann ach an bheagán agus plé cúrsaí reatha ag troid le scéalta pharóistiúla ó na Gaeltachtaí móra.

Bain ón bpictiúr chomh maith an easpa mór chláracha chúrsaí reatha i nGaeilge ar an dteilifís. Níl ann ach Seacht Lá ar TG4 – sin clár uair sa tseachtain a mhaireann níos lú ná leath uair a chloig. Craoltar ‘Scannal’ ar RTÉ – ach is clár é sin a bhaineann le cúrsaí stairiúla seachas cúrsai reatha.

Níl an scéal morán nios fearr ar an idirlíon. Iris mhíosúil é Beo.ie agus cé go mbionn roinnt ailt ann ar chúrsaí reatha – cuid acu a bhionn le moladh – tá an iris srianta ag an bhfoilsiú míosúil. Níl an réimse ábhair ann a chinnteodh go mbeadh léitheoireacht aige taobh amuigh de chiorcal na bhfoghlaimeoirí, sciar tabhachtach den mhargadh ach sciar teoranta.

Is cosúil go gcaithfimíd, chomh fada is a bhaineann sé le na h-udaráis, na h-údaráis céanna a deir gur mhian leo go mbeadh Éire ina thír dhá theangach faoi 2028, go gcaithfimíd, an dream atá Gaeilge againn agus a thaitníonn cúrsaí reatha leo, glacadh leis go gcaithfimid cúl éisteacht le cúrsaí reatha i mBéarla gan aon pháirt a ghlacadh sa phlé.

Ar an bport céanna, trí bhliain deag tar éis bhunú TG4/TnaG, níl cead ag pobal na Gaeilge féachaint ar chluichí ceannais na hÉireann beo beathach le trachtaireacht Ghaeilge. Is cosúil go mbeidh orainn brath go ceann tamall eile ar an bhfuaim ar an dteilífís a ísliú agus éisteacht leis an dtrachtaireacht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nó, más trachtaireacht dhá theangach atá uainn, eisteacht le Mícheál Ó Muircheartaigh ar Raidió 1.

Tá obair mhaith á dhéanamh ag leithéidí An Druma Mór/Nuacht 24, nós* agus Feasta is Saol le freastal ar sciar áirithe den mhargadh – ach níl na h-acmhainní acu an beart a dhéanamh mar is ceart. Maidir le Comhar, tá deis ann rud éigean fónta a dhéanamh ach ní féidir leis an iris aon dul chun cinn a dhéanamh agus é faoi stiúr eagarthóir nach gcreideann sa nua theicneolaíocht agus nach dtuigeann cad atá ag titim amach i saol na Gaeilge is na tíre.

Thug mise faoi ndeara port áirithe i gcuid de na ráitis a deineadh i dtaobh Foinse agus an nuachtán ag saothrú an bháis. Bhí go leor achainí agus éilimh á dhéanamh go dtiocfadh an Rialtas i gcabhair ar Foinse ionas nach gcaillfí an nuachtán – ach is é sin díreach an fhadhb.

Má táimíd le h-iriseoireacht Ghaeilge a thabhairt slán don chéad glúin eile, ní feidir linn bheith ag brath ar na h-údaráis. Ciall ceannaigh, tá sé nios fearr ná an dhá chiall a mhúintear. Agus tá ciall ceannaithe go daor ag pobal na Gaeilge le tamall anuas. Beidh orainn greim a bhreith ar ár gcinniúint féin.

Déanfadsa mó dhícheall anseo plé a dhéanamh ar chúrsaí reatha agus nuacht an lae ach táímse ag obair faoi chúing – tá post agam i réimse eile agus ní féidir liom mo chuid ama a chaitheamh anseo faoi mar ba mhaith liom.

Táim sásta tairiscint a rinne mé roimhe seo a dhéanamh in athuair. Má tá Gaeil ann ar mhaith leo iriseoireacht Ghaeilge sláintiúil, beidh orthu íoc as. Tá ciste ag teastáil, ciste shuntasach thart ar €1m a bheidh ag teastáil. Táimse sásta €1,000 a infhéistiú ina leitheid de chiste – agus ní beag liom an tsuim sin – chomh fada is go bhfuil 999 Gael eile ag teastáil. Nuair a rinne mé an tairiscint seo roimhe, fuair mé ceathrar nó cúigear a bhí sásta a lámha a chur ina bpócaí.

Anois, tá an práinn níos géire. Tá gá leis an t-airgead chun bonn láidir a chur faoi sheirbhís nuachta is fóram plé rannpháirteach is eolgaiseach, acmhainn a bheadh neamhspleach ar fad ón stát agus saor, mar sin, óna marbh fhaisc.

Anois nó riamh.

Táim á scríobh seo agus mé ag faire ar an eagrán dheireannach de Questions and Answers á chraoladh. Breis is fiche bliain a bhí an clár sin á chraoladh agus cé gur fada an lá a bhí sé ar bharr a léime, bhí sé tabhachtach mar fhóram do phobal na tíre.

Tá sé deich nó cúig bhliain deag ó bhí an chlár cúrsaí reatha deireannach Ghaeilge ar aon chainéal teilifíse nó raidió – nach cuimhin linn ‘Cúrsaí’.

D’imigh sin agus tháinig seo. Cad atáimíd chun déanamh chun an bearna a líonadh…..?

Aon tuairim amháin ar “Anois nó riamh….

  1. Micilín Muc

    “Má táimíd le h-iriseoireacht Ghaeilge a thabhairt slán don chéad glúin eile, ní feidir linn bheith ag brath ar na h-údaráis” – tá an lán-cheart agat ansin a Choncubhair.

    An chuid is mó d’fhiontair Ghaeilge, is ón bpobal a tháinig siad, ní ó pholaiteoirí. Is fúinne, an pobal, atá sé a chinntiú go maireann nuachtáin agus irisí agus cláir raidió trí shíntiúis agus cóipeanna a cheannach agus trí cúigear nó cibé méad duine eile a mhealladh i dtreo na Gaeilge gach bliain.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s