Ceist mhór go fóill faoi thodhchaí Foinse…

Tá amhras orm anois cé acu nó nach mbeidh eagrán eile de Foinse agus má bhionn féin, ní chreidim go mbeidh sé ann an deireadh seachtaine seo chugainn.

Tar éis dom a thuairisciú go raibh Údarás na Gaeltachta ag teacht ar chapall bán chun an nuachtán a tharrtháíl, ní doigh liom go bhfuil sé chomh soiléir le sin.

De réir an fhíseáin seo, nach bhfuil thar moladh beirte ó thaobh an chaighdeáin de tá aiféaltas orm, a taifeadadh ó Nuacht TG4 Déardaoin agus Dé hAoine (de réir mar a craoladh iad ar an idirlíon), is éard atá i gceist go bhfuil Liam Ó Cuinneagáin ag moladh go gceannódh foireann an nuachtáin Moinéar Teo – agus tá Pádraig Ó Céidigh sásta é a thabhairt doibh ar faic! – agus go mbeadh cabhair ag teacht ón Údarás, seans.

Ar ndóigh d’fhagadh sin go raibh na fadhbanna leis an bhForas fós le sarú. An mbeadh cabhair breise le fáil ón Stát chuige seo?

An bhfuil leitheoirí Foinse, tusa agus mise, sásta a lámha a chur ina bpocaí ar son an nuachtáin.

Rinne mise tairiscint roimhe seo, go bhfuilim sásta €1,000 a chur ar fáíl do Chiste na Meáin Ghaeilge, más amhlaidh go bhfuil 999 Gael eile sásta déanamh mar an gcéanna. Dá mbeadh a leithéid sin de chiste ann, ní bheadh Foinse sa phriacal céanna anois.

Seasann an tairiscint sin. An bhfuil nuachtán nó seirbhís nuachta idirlín iomlán, 24/7, le foireann íochta ag teastáil ó phobal na Gaeilge? Sin an cheist. Anois an t-am le beart a dhéanamh!

6 thuairim ar “Ceist mhór go fóill faoi thodhchaí Foinse…

  1. séamus Mac Seáin

    má thuigim i gceart é.tá Pádraig ag rá go gcosaíonn sé milliun Euro sa bhlian le FOINSE a fhoilsiú, sin tuairim agus 20,000 Euro sa tseachtain. cuir i gcás go raibh an deichear oibrí ag fáil 1000 Euro ar thuarastal sa tseachatain (agus ní dócha é) d’fhagfadh sé sin 10,000 Euro sa tseachatain le 4000 cóip a chlóbhualadh agus a scaipeadh, cíos a íoc srl. Costas an ard dar leat don tógra ar fad.Tá sé do chreidte ag mo mhacasamhail go raibh 750,000 Euro sa bhliain ó Fhógraíocht ag Foinse roimhe seo agus níl mé ag maíomh an tsaibhris sin ort ach dar leat go raibh duine éigin ag déanamh brabach réasúnta mór sna blianta a d’imigh agus is trua nar choinnigh siad cuid de sin do lá na coise teine.Ceist eile an raibh stiúrthóiri ar an pháipéar ag fáil airgid as agus gan iad a bheith ag obair dírach sa pháipéar?Is mó ceisteanna na freagraí a ardaíonn an scéal ar fad.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Gan amhras tá go leor ceisteanna a Shéamuis. An rud a dhéarfainnse, ní bhaineann na ceisteanna linne. Níl a fhios agam an fiú tabhairt faoi nuachtán eile – cad é an buntáiste nuachtán a scaipeadh leis an Irish Indo – 170,000 coip a chlobhuaileadh – nuair is fearr i bhfad é a dháileadh mar PDF agus é a bheith ar fáil go dtí an oiread leitheoirí agus ar mhaith leo.

    Nílim ag iarraidh an múnla céanna sa todhchaí agus a bhí á úsáid roimhe seo…

    Má ghlac Pádraig Ó Céidigh an fiontar ar féin – tá brabhús ag dul do. Caithfimid imeacht ón smaoineamh seo go mbeidh ar dhaoine rudaí a dhéanamh ar son na cúise…

    Freagra
  3. Sean Mór

    Ní fheicim féin aon chiall le leagan pdf den pháipéar a chur ar fáil ar an idirlíon. Is beag duine a léann leagan pdf d’aon nuachtán ar an idirlíon. Tá seirbhís nuachta de dhíth ar an idirlíon, 24/7… ní ‘leagan pdf dhá lá i ndiaidh a fhoilsithe’ mar a dúirt Ferdie.

    Freagra
  4. séamus Mac Seáin

    níl mé chomh cinnte sin a choncubhair a chara nach mbaineann na ceisteanna sin linn.Teastaíonn uaimse a oiread den mheánchumársáid Ghaeilge a bheith ann agus is féidir.Tá dhá pháipéar ar shéala a bheith imithe agus níor mhiste liom fios a bheith agam cad chuige.An raibh Foinse ag iompar ualach breise costasaí de bharr stiúrthóirí a bheith ag tarraingt díbhín as an chomhlacht gan inchur oibre? is féidir nach raibh agus níl a fhios agam ach sílim go mbaineann sé le habhar ma,s maith linn fios a bheith againn cad chuige nár leor an 355,000 Euro móide 150,000 Euro ar fhógraí le 52 páipéar sa bhliain a chur amach.An raibh costasaí clódóireachta ró ard ? an raibh cíos ró ard? ach gan an teolas sin againn ta sé deacair fios a bheith agat dáiríre fath na teipe.An amhlaidh go raibh PÓCéidigh i ndhiaidh éirí tuirseach den rud? (agus cé a bheadh i ndhiadh air?)ach ar a laghad ar bith sílim go bhfuil ceachtanna le foghlaim ón dá fhionntar ar theip orthu.Bhí LÁ Nua mar chuid de ghnó eile nárbh é á phríomh chúrám páipéar Gaeilge a chur amach agus Foinse nárbh é príomh chúram an Úinéará é ach oiread.Ceacht le foghlaim ansin.Na bíodh an chéad iarracht eile mar chuid de ghnó ar bith eile.Tá fócas iomlan de dhíth le mionghnó ar bith le go néireochadh leis. Is féidir nár leor sin féin ach an té ab bhuailtear sa cheann bíonn eagla air.

    Freagra
  5. séamus Mac Seáin

    dala an scéal agus mé ag iarraidh níos mó eolais ar an an fhíseán sin a thug tú dúinn thárlaigh mé ar tháifead TG4 de “caidé atá sna páipéir” agus ní raibh le plé acu ach iGaeilge agus Nuacht 24.an léiriú sin go bhfuil sibh ag dul i bhféidhm? ma’s ea comhghairdeas.Is olc an ghaoth srl.

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Níl a fhios agam freagraí na gceisteanna a chuireann tú, a Shéamuis. Creidim gur fear gnó stuama é Pádraig Ó Céidigh agus nár ghlac sé fiontar Foinse air féin gan cúiteamh. Ní h-ionann sin agus saothar ar a dtugtar pá mar chúiteamh air. Agus tá brabhús tuillte ag an bhfiontraí.

    Tá eagla orm go bhfuil an port seinte ar an gceist seo. Ní fhéadfaí am níos measa a roghnú le h-aghaidh bheith ag iarraidh grúpa a theacht le cheile chun tabhairt faoi fiontar mar seo.

    Mothaím nach bhfuil an fonn ar fhoireann Foinse dul sa bhearna baoil – fiú is mé ag léamh an nuachtáin ag an deireadh seachtaine mhothaigh mé go raibh siad ag glacadh leis an gcinniúint. Ní raibh aon fearg le mothú ar na leathnaigh.

    Thug mé faoi ndeara san eagarfhocal go raibh caint ann faoi ‘iriseoireacht oibiachtúil údarásach’ – agus go raibh árd luach á chur air. Ní thagaim leis an luacháil sin. Cibé meán Ghaeilge atá chun teacht chun tosaigh anois, ní mór do bheith dúshlánach agus go minic bionn an iriseoireacht ‘oibiachtúil’ is údarásach seo leamh, fiú leadránach.

    Agus an dara nuachtán á chur i gcré na cille, in áit an phúint seachas le h-áis Lá, in áit na ndeich scillingí, mothaím pian ar leith faoin airgead iomarcach atá á chaitheamh ar an aistriúchán. Ach sin scéal eile.

    Ní fheadar an mbeidh tuairim á nochtadh ag an Bórd Snip ar an gceist seo le linn na seachtaine?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s