Tá an Bórd Snip le tuairisc a chur faoi bhráid an Rialtais an tseachtain seo ina molfar go leoor giorruithe a bheidh le déanamh ar sheirbhisí phoiblí, an chóras leasa shoisialta is eile.
Cé go bhfuil leor i saol na h-eacnamaíochta a mhaíonn nach aon chabhair dúinn teacht as an sainn eacnamaíochta na giorruithe céanna, tá an Rialtas meaite ar na ciorruithe seo.
Deirtear go bhfuil tuairim is 400 moltaí sa tuarascáil seo ón mBórd a bhí faoi stiúr an eacnamaí, Colm McCarthy.
I bhfianaise an daorbhreith a tugadh ar an Rialtas agus eacnamaíocht na tíre seo i dtuarascáil an IMF an tseachtain seo agus an trachtaireacht ó shin, is léir nach bhfuil tada feicthe againn fós agus sinn ag caint ar chiorruithe is eile.
Óir go bhfuil oisbidéil, seirbhisí sláinte agus scoileanna ag fulaingt, an féidir linn bheith ag súil go dtiocfaidh an Ghaeilge is an Ghaeltacht slán ón dtuath?
I dtuairiscí éagsúla inniu, tá caint ann faoi ‘athmhúnlú’ a bheith á dhéanamh ar an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Cad a chiallaíonn seo don Ghaeilge, don Ghaeltacht, don phlean chun an Ghaeilge a réimniú faoi 2028, don Aire Ó Cuív, do thionscal an aistriúcháin?
Tá ráflaí go bhfuil an Roinn Éalaion, Spórt agus Turasóireachta [gan cúrsaí turasóireachta] le comhnascadh leis an Roinnn Gnóthaí Pobal Tuaithe agus Gaeltachta.Droch scéal ar bharr na drocgscealta le shé mhí anuas don Ghaeilge agus dha paipéar nuachta clóite.Beidh Máire Ní Choclainn [atá ar a slí amach] i gceannas an Roinn nua, deireadh le ré Ó Cúiv a bheidh ag soiléariú an Ghaeilge i gConnamara agus Martin Cullen a bheidh ar a héiliceaptar go Port Láirge don uair dheireannach.Dár leis an úadar Fionbarr Ó Brolcháin a scríobh an leabhar Capitalising on Culture, Competing on Difference a mhalairt treo ba cheart duinn a bheith a dúl.
Ós rud é go mbeidh laghdú maoine le feiscint ins gach gné den saol poiblí, sé an dushlán ná claoi níos daingne le forbairt dheonach ar leibhéal “sinn féin” seachas “mé féin” feasta.
Táim féin cinnte a Choncubhair go bhfuil Colm McCarthy claonta in aghaidh na Gaeilge agus go dtiocfaidh sé síos go crua uirthi.