Foinse – ní bás ach athfhás

foinse
Mairfidh Foinse beo is cosúil. Ach más amhlaidh an scéal, tá gá le h-athruithe le go mbeidh an nuachtán níos fearr agus níos mó i dtiúin le pobal leitheoireachta na Gaeilge agus an pobal níos leithne. Is é an bannaí is fearr nach mbeidh siad sa phriacal seo arís níos mó coipeanna a dhíol.

Ach sinne, na leitheoirí agus na ceannaitheoirí, cad ar mhaith linne a fheiscint sa nuachtán amach anseo?

Cad é bhúr mbarúil? Tá’s agaibh cad iad mo thuairimí? Mura bhfuil fonn oraibh freagra a thabhairt i bhfoirm trachtaireacht, b’fhéidir go bhfreagróidh sibh an pobal bhreith neamh eolaíoch seo.

6 thuairim ar “Foinse – ní bás ach athfhás

  1. mait ó brádaigh

    Thiocfainn leat maidir leis an díolachán. Níor mhór ceangal éigin a chur ar an socrú nua le go mbrúfaí díol an nuachtáin. Agus mé i mo dhéagóir dhíol mé ‘Inniu’ ó theach go teach sa Ghalltacht. Inniu féin bhrúigh an CLG a lotó áitiúil orm. Mé lántsásta sin a dhéanamh ach tharla gur bhrúigh díoltóir orm é agus murach sin ní dóigh liom go ngabhfainn as mo shlí len é a cheannach. Tharla go ndíoladh an siopa a bhí in aice leis an díoltóir CLG Foinse ach inniu ní raibh cóip ann ná sa siopa eile suas an bóthar. Faoi dheireadh fuair mé cóip tráthnóna i mBóthar na Trá – thart ar 30-35 cóip ann agus gan mórán díolta. D’fhiosraigh mé sa scoil (Gaelscoil) i measc múinteoirí agus tuistí an gceannaíonn éinne Foinse ? Fíorbheagán an freagra.
    Tuigim chomh maith go bhfuil/raibh plean ag P Ó Céidigh é a scaipeadh leis an Indo. Fós féin bheinn den tuairim nach mór lucht na Gaeilge a mhealladh le €2 a íoc na seachtaine agus an nuachtán a cheannach. Ansin bheadh cairde ann dá mbagrófaí an tacaíocht deontasúil a ghearradh agus ní bhfaigheadh F na G amhé leis mar a fhaigheann siad anois.

    Freagra
  2. aonghus

    Níl mo rogha i do liosta thuas. Tá spéis agam in níos mó na Gaeilge & Gaeltacht!

    Bhí colúin Alex Hijmans ar an saol mór i measc na rudaí ba mhó mo spéis iontu i bhFoinse.

    Léinn Ian Malcolm i Lá le spéis freisin – tuairimí nach bhfeictear ró mhinic i nGaeilge (agus fánach go leor i mBéarla san daorstát).

    Cinnte, bheadh feidhm le guth na sé contae in aon nuachtán atá ceaptha a bheith ionadaíoch ar lucht labhartha na Gaeilge.

    Bheidh feidhm leis le scéalta faoin nGaeilge thar lear.

    Ach sé príomh gnó nuachtáin *nuacht a sholáthair*

    Is deacair é sin a dhéanamh le foireann bheag. N’fheadar conas go bhfeadfaí nuachtán a eagrú san tslí go mbeadh scéalta a mbeadh suim ag an bpobal tré chéile – pé acu Gaeilge nó Béarla a dteanga – á nochtadh ar dtús ag an nuachtán.

    Freagra
  3. séamus Mac Seáin

    a aonghuis a chara an taon dearbhú atá ann ná gur chuala mé Liam Ó Cuinneagáin Cathaoirleach an Údaráis á rá ar TG4.Ní dócha go nabradh sé é gan toil an Bhoird? Dúirt PÓCéidigh ar an chlár chéanna go raibh sé sásta an páipéar a thabhairt dóibh saor ináisce mar a bhí tairgithe do fhoireann an pháipéir féin roimhe seo.

    Freagra
  4. aonghus

    GRMA, a Sheáin,
    Bhíos ag déanamh iontas de nach raibh aon ráiteas ar líne.

    An ea atá i gceist na go nglacfadh an údarás seilbh ar an nuachtán agus glacadh le conradh FnaG?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s