Capall bán an Údaráis ag teacht i gcabhair ar Foinse

Is cosúil go bhfuil Údarás na Gaeltachta, ar chapall bán, tar éis teacht i gcabhair ar Foinse, nuair ná raibh Foras na Gaeilge sásta amhlaidh a dhéanamh.

Sin mar atá á thuairisciú ag Nuacht TG4 anocht, de réir mo sheanchara, Séamus Mac Seáin. Níl an scéal iomlán agam.

Níl a fhios agam, áfach, cad é atá beartaithe? An amhlaidh go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag ceannach sciar i Moinéar Teo? An amhlaidh go bhfuil deontas tarrthála á thabhairt ag an Údarás don fhoilsitheoir?

Os rud é nach bhfaca mé an scéal de réir mar ar tuairiscíodh é ar Nuacht TG4 – agus nach mbeidh sin ar fáil ar shuíomh an chraoltóra go dtí Dé Luain! – ní fiú dom bheith ag iarraidh míniú a thabhairt díbh.

Ach tá cúpla tuairim agam mar gheall ar an slí chun tosaigh, ar mhaithe le feabhas a chur ar Foinse, nó is teachtaireacht cinnte é go bhfuil gá le feabhas ar an nuachtán, le ‘faobhar’ breise agus is deis é chun an nuachtán a iompó i dtreo nach mbeidh sé ag brath ar an Stat amach anseo.

Tá gá le h-athdhearadh iomlán ar an nuachtán agus ní mór gort ghlanadh a dhéanamh ar na colúnaithe, leithéidí Cathal Mac Coille, Póilín Ní Chiaráin is cúpla duine eile nach luaifidh mé anseo. Ní mór an nuacht a athréimniú mar phríomh ghnó an nuachtáin – ar feadh tamall cheapas nach raibh i gceist le codanna móra de Foinse ach líonadh spáis, seanscéalta le meirg orthu a bhí foilsithe i nuachtáin áítiúla aistrithe go Gaeilge agus athchúrsáilte i Foinse seachtain nó dhó níos déanaí gan aon eolas breise iontu.

Tá sé riachtanach freisin go dtomfadh an nuachtán nios doimhne san idirlíon agus úsáid as uirlisí ar nós Twitter agus Facebook chun margaíocht a dhéanamh, mar atá á dhéanamh ag an Irish Times agus ag RTÉ is go leor eile.

Más fíor an scéal seo, tá áthas orm go bhfuil na postanna slán. Tá beagáinín cumha orm freisin nó ní fhaca mé capall bán ar bith nuair a bhí Lá Nua i dtrioblóid. Ach is dócha gur fánach an mhaise dom bheith á lorg taobh amuigh de Ghaillimh Thiar, toghcheantar an Aire.

Ag an am chéanna, aithním gur forásaí agus gur tuisceanaí i bhfad ar chúrsaí gnó is fiontraíochta Údarás na Gaeltachta ná an Fhoras….

Thabharfainn chomhairle in éadan bheith ag tabhairt an iomarca creidiúna do scéalta an Fhorais faoi chúlchiste Foinse, tuairim is €618,000 de réir dealraimh. Tá seo bunaithe ar fhigiúirí ar fhoilsíodh iad an bhliain seo chaite i gcúntais Moinéar Teo agus cuirtear san áireamh ann, de réir mar a thuigim, ceannaras Foinse maraon le trealamh.

Chuala mé go leor cáineadh ar Phádraig Ó Céidigh ag ocáid an Barr 50 agus daoine ag cur ina leith go raibh sé ag imirt cluiche dainséarach agus go raibh sé caillte aige – agus sin a ceapadh inniu (Dé hAoine) ag am lón.

Ní aontaím leis an tuairim sin cé nach séanfainn go raibh cluiche de short éigean á imirt anseo. An rud nach dtuigtear, creidim, nach bhfuil aon cheangal ar Phádraig Ó Céidigh nó Moinéar Teoranta nuachtán a fhoilsiú dúinn agus caillteanas a bheith acu. Ní caillteanas beag ach an oiread – ach suas le €5,000 in aghaidh na seachtaine. Ar mhaith leatasa go mbeadh sin ag teacht amach as do phóca?

Aithním go bhfuil daoine amuigh ansin a rinne a leithéid d’obair -agus atá á dhéanamh go fóill – gan brabhús ar bith, gan íocaíocht ar bith go deimhin féin. Agus go bhfuil go leor den deonachas seo ann i saol na Gaeilge go fóill?

Ach is mór idir deonachas an ghnath dhuine a dheineann rud ó am go chéile nó fiú go rialta ar son an phobail ach a shaothraíonn slí beatha i slí éigean eile agus bheith ag súil leis an chineal céanna spioraid is cinealtacht ó fhear ghnó atá ag brath ar an obair seo dá shlí beatha. Caithfidh an t-é sin a bheith aireach faoin mbunlíne.

Tá daoine ann freisin a cheapann go bhféadfaidís nuachtán ana bhrea a chur ar fáíl ar €355,000. Ach glac uaimse é, ní mór an méid airgid é sin chun an obair sin a dhéanamh ar ard chaighdeán ar feadh tréimhse fada.

Tá ard mholadh ag dul do An Druma Mór agus Nuacht 24 as an obair atá á dhéanamh acu – ach creidimse go bhfuil siad i dteideal slí beatha a thuilleamh as a leithéid d’obair. Má tá tuairisceoir ar Nuacht TG4 ábalta €53,000 in aghaidh na bliana a thuilleamh ón gcéad lá a théann sé ag obair leis an nuacht sheirbhís, cén fath nach mbeadh tuarastal ionchurtha leis ag iriseoirí sna meáin chlóite? Agus dá mbeadh tuarastail fónta á ioc leis na h-iriseoirí atá ag obair ar Nuacht 24, an mbeadh an nuachtán á fhoilsiú ar €355,000 in aghaidh na bliana?

Tá an dainséar ann go ndíolfaimíd sinn féin faoin luach atá tuillte againn má chloímíd le sean múnlaí smaointeoireachta. Níl mé ar shon an dream nach bhfeiceann ach ‘comhartha an Euro’ nuair a amharcann siad ar an nGaeilge ach níl mé ar shon na sclabhaíochta ach an oiread.

3 thuairim ar “Capall bán an Údaráis ag teacht i gcabhair ar Foinse

  1. Aodán Ó Sé

    De réir taighde idirnáisiúnta, ní cheanaíonn furmhór na ndaoine fé 30 bliain d’aois nuachtán ar bith. Cruthú ar sin ná titim diolacháin na nuachtán ar fad i n-Éirinn.

    Braitheann an t-aos óg ar nuacht idirlíne tré fón póca nó ríomhaire glún.
    Is é an cheist is deacra ó thaobh meán scríofa de ná conas is féidir airgead a thuilleamh as suíomh idirlíne.

    Baineann nuachtáin agus irisí clóbhuailte le ré atá thart

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tá alán den cheart a Aodáin – agus sin an fath go bhfuilim ag moladh múnlaí nua. An féidir airgead a dhéanamh as a leithéid de mhúnla – airgead a dhothain le go mbeadh sé inmharthanach? Is céist é sin a chaithfear freagra a aimsiú – ach leis an idirlíon tá an módh tairgthe agus scaipeacháin saor agus mar sin de níl an oiread costais ag baint leis is a bhaineann le nuachtán nó iris chlóite.
    Msh – de réir na gcúntais atá foilsithe agus ar fáil, fuair an iris Comhar deontas isteach is amach le €35,000 anuraidh agus d’fhoilsíodh trí eagrán den iris. Sin isteach is amach le €11,000 an eagrán. De réir mar a thuigim, is é €1,200 in aghaidh an eagráin an táílle a íocadh leis an eagarthóir agus bhí buiséad €1,800 ann d’altanna is do shaothair eile a cuireadh ar fáil. Ciallaíonn sin go raibh breis is €8,000 ann le h-aghaidh clóbhuaileadh agus dáileadh. Go fóill bhí caillteanas ag Comhar. Ní íonsaí ar Comhar atá i gceist anseo – tá go leor de sin déanta in áiteanna eile ar an mblag seo. Léiríonn sé sin an faillí a bhaineann le caiteachas ar phaipéar agus ar dháileadh seachas ar ábhar agus ar chur i láthair is margaíocht, na codanna is mó den chaiteachas ar irisí ar líne.

    Freagra
  3. Ping: 1,000+ signatures & 1,000 thank yous!... 1,000+ síniú agus buíochas le 1,000! | Patrick James

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s