Foinse agus an Fhoras: gan deatach de dhath ar bith go fóill

Ní raibh aon toradh cinnte ar an gcruinniú inné idir Moinéar Teoranta, Foilsitheoirí Foinse, agus Fo-choiste Nuachtáin agus Irisí Fhoras na Gaeilge faoi thodhchaí an nuachtáin sheachtainiúil.

Is cosúil go bhfuil gá le tuilleadh cainteanna. Níl aon eolas agam cé acu ar tairgeadh breis airgid nó maolú d’aon tsort ar na téarmaí chonartha nó an raibh Pádraig Ó Céidigh sásta geilleadh ar cheist an airgid.

Ó mo thaithí féin ar an bhForas, ní bheadh púinn sa bhreis sa dara tairiscint thar an chéad cheann agus os rud é go bhfuil sé ráite go poiblí ag Pádraig Ó Céidigh nárbh leor an €400,000 – an uas teorainn a bhí luaite leis an gconradh seo ón gcéad lá ag an bhForas (cén fath?) – agus go raibh sé ráite go poiblí ag an Aire, thar cheann an Fhorais, nach bhféadfaí an uasteorainn sin a sharú gan dul ag lorg tairiscintí nua ón bpobal arís, amhail is go bhfuil scuaine grúpaí amuigh ansin ar bís chun nuachtán sheachtainiúil Ghaeilge a fhoilsiú agus caillteanas airgid ollmhór a bheith acu, ní fheicim conas a raibh éinne dóchasach go mbeadh réiteach ann inné.

Murar féidir leis an bhForas an bearna a d’fhag teitheadh na bhfógraí stáit a chúiteamh nó murar féidir leis an Aire a rá go cinnte go mbeidh an méid seo €x00,000 ar fáil ag Foinse gach bliain ó leithéid sin d’fhograí, tá an cluiche seo thart mar ní amadán é Pádraig Ó Céidigh, níl sé chun a thuilleadh airgid a chur amú agus gnó eile aige, atá ag saothrú brabhúis, a chur i mbaol. An gcuirfeá locht air as sin? Ní chuirfinn.

Is é bun agus barr na ceiste nach dtuigeann Fo-choiste (anaithnid – nach aisteach nach bhfoilsítear ainmneacha baill an choiste go poiblí) Nuachtáin agus Irisí an Fhorais an ghnó atá ar bun acu. Ní thuigeann Foras na Gaeilge an ghnó sin ach an oiread agus is beag é tuiscint an Aire freisin ar an scéal.

Má theastaíonn nuachtán Ghaeilge ón bhForas nó ón Aire, bíodh a fhios acu go gcosnóidh sé airgead. Is mó i bhfad an buntáiste a bhfaighidh siad as infhéistíocht fhiúntach a dhéanamh sa togra ná an nuachtán a ligint chun báis.

Má chailltear Foinse, beidh sé mar fheartlaoi ag an bhForas – na comhaltaí agus na feidhmeannaigh ar fad – agus ag an Aire gur thiomáin siad tarraing tabhachtach i gcónra na Gaeilge…. Lig siad chun báis dhá nuachtán Ghaeilge a bhí ar an fhód sara raibh tasg nó tuairisc ar cheachtar acu sa saol phoiblí.

Creachadóireacht teanga é sin a spreagadh bród i measc na n-aondachtach is mó in éadan na Gaeilge….

5 thuairim ar “Foinse agus an Fhoras: gan deatach de dhath ar bith go fóill

  1. Micilín Muc

    An rud nach dtuigim ná conas nach féidir le Foras na Gaeilge an t-airgead, nó cuid den airgead, a bhí á thabhairt do Lá Nua a thabhairt do Foinse anois?

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ceist mhaith.

    An tuisicint atá agam ar an bhForas agus an caiteachas atá á dhéanamh acu ná seo: tamall de bhlianta ó shin, táim ag ceapadh gur 2000 a bhí ann nó b’fhéidir 2002, gur shocraigh an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas go mbeadh foireann de 65 ag Foras na Gaeilge. Ag an am sin, bhí thart ar 35 ann. Ó shin i leith tá an Fhoras ag iarraidh an 65 sin a bhaint amach. Le déanaí, go luath tar éis do Lá Nua imeacht as cló, d’fhograíodh cúig phost ag an bhForas – tuarastal iomlán bliantúil de thart ar €200,000. An méid airgid a bhí á fháíl ag Lá Nua – thart ar €200,000.

    Mar sin de tá Foras na Gaeilge ag cur leis an bhfoireann agus nil aon fhianaise go bhfuil an Fhoras níos eifeachtaí. Mar shampla, le déanaí, d’earcaíodh feidhmeannach i mBéal Feirste. Bhí an duine sin ag obair le aisínteacht forásach a bhi ag déanamh obair thabhachtach i réimse na Gaeilge sa chathair. Dhiultaigh an Fhoras cead don comhlacht sin an fholúntas a líonadh mar sin tá an aisínteacht gan ball foirne chun obair atá le déanamh a dhéanamh. Agus an fheidhmeannach nua ag Foras na Gaeilge, tá sé gan buiséad feidhmiúcháin agus mar sin den níl aon obair ann do le déanamh….

    An bhfuil sé soiléir anois cad atá ar siúl?

    Freagra
  3. Micilín Muc

    Nach ndéantar airgead a chur i leataobh do na míreanna caiteachais éagsúla?

    Má thugtar airgead do scoil le caitheamh ar fhoirgneamh nua, ní féidir leo an t-airgead a úsáid le ríomhairí nua a cheannach ina ionad.

    An bhfuil an cead ag an bhForas airgead i gcomhar deontas a chaitheamh ar a bhfoireann féin?

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Tá pointe agat ach ní mór duit smaoineamh gur tháinig deireadh le Lá Nua i 2008 agus d’earcaíodh na fostaithe nua i 2009. Mar sin d’fhéadfaí an airgead sa bhuiséad faoi cheannteideal amháin a athrú go dtí mír caiteachais eile – ó nuachtáin go foireann. Ní bheidh a fhios againn, gan amhras, go dtí go bhfoilseofar cúntais an Fhorais do 2008, má fhoilsítear iad, uair eigean b’fhéidir i 2013. Mar is eol duit nior cuireadh cúntais 2004 go dtí níos luaithe i mbliana agus níl aon rian go fóill ar chúntais 2005-8.

    Freagra
  5. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Ag togáil impireacht atá an Fhoras seachas bheith ag cabhrú leis an nGaeilge.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s