Cinnlínte as Gaeilge ar líne ag RTÉ

cinnlinteLe fada an lá táim ag gearán faoi easnamh ollmhór RTÉ maidir le nuacht ar líne i nGaeilge. Agus anois is cosúil go bhfuil siad ag beartú ar an cheist.

Is cosúil go bhfuil seirbhís cinnlínte – nó leath sheirbhís cinnlínte – ar líne ag RTÉ ó mhí Feabhra anuraidh.

Ar ndóigh is mór idir é agus an seirbhís atá ar fáil ag an BBC i nGaidhlig na hAlban nó sa Bhreatnais – ach is tús é. Ní gá do Chathal Goan agus a chomhleacaithe in RTÉ a cheapadh go bhfuilim iomlán sásta – ach ní mór creidiúint a thabhairt doibh as an leath chéim chun tosaigh seo….

Ba cheart a rá freisin go bhfuil creidiúint ag dul don Druma Mór nó léiríonn an seirbhís den scoth sin – atá píosa chun tosaigh ar sheirbhís RTÉ sa chiall is go mbionn scéalta iomlána i gceist seachas cinnlínte agus scéalta ó phobal na Gaeilge freisin – an méid ar féidir le blag gan acmhainní a dhéanamh i gcomparáid le craoltóir náisiúnta le buiséad na céadta milliún euro.

Ceisteanna a bheadh á chur agamsa cé chomh minic is a bhionn an suíomh seo á uasdátú nó nach bhfuil ann ach feasachán amháin in aghaidh an lae, seirbhís maslach i bhfirinne in aois seo na nuachta 24/7. Tugaim faoi ndeara, mar shampla,nach bhfuil aont tagairt sa mhéid atá ann agus mé á scríobh seo do scéal mór an lae, an €1.8m i ndamaistí a bronnadh ar Monica Leech as an leabhal a rinne an Evening Herald uirthí san Ard Chúirt inniu. Cén fath nach bhfuil an scéal sin agus é ar cheann na gcinnlínte ar gach nuacht sheirbhís eile?

Ach, mar a dúirt, is fearr leathbhulóg gan aon arán in aon chorr…..ar éigean.
cymraeggaidhlig

4 thuairim ar “Cinnlínte as Gaeilge ar líne ag RTÉ

  1. colm

    Is rud é nach dtuigim ná cén fáth nach gcrochann siad na scéalta a leítear ar RnaG ar maidin ar an suíomh go díreach tar éis iad a ullmhú, seachas fanacht go deireadh an tráthnóna chun rud suarach a chur ar fáil dúinn.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tá pobal na Gaeilge céasta ag cúpla rud – maorláthas mire an Rialtais agus an earnáíl phoiblí agus rialacha ceard-chumainn. Táim cinnte go bhfuil riail éigean ann a deir gur obair ‘sa bhreis’ é sin agus mar sin go gcaithfear ioc sa bhreis air. Agus mar sin de ní íoctar agus ní deintear an obair.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s