Ceist airgid

Deirtear linn nach ganntanas airgid ag an bhForas is cúis leis an tairiscint atá déanta acu go Moinéar Teoranta bheith chomh h-íseal gur diultaíodh don tairiscint.

Mar sin tá cúis eigean eile ar chúl na faidhbe. Níl aoinne ag rá céard é.

Tá litir san Irish Times inniu ó bhean a chuireann an cheist, cé acu an mbeadh lucht ceannaithe Foinse sásta €2 a íoc le h-aghaidh an nuachtán, seachas €1.50?

Mo fhreagra ar an gceist sin gur chuma liom níos mó a íoc – ach a bheith cinnte go mbeadh nuachtán barr feabhais ar fáil.

Ní doigh liom go mbionn Foinse ag brath ar an airgead a íoctar sna siopaí as ucht an nuachtán. D’fhéadfadh sé sin bheith thíos seal, thuas seal. Is cinnte go mbíodh titim éigean ar dhíol Lá Nua le linn an tSamhraidh, nuair a bhí lucht oibre in earnáil na Gaeilge ar saoire, mar shampla.

Ach cuirfidh mé an cheist ar aon nós i bpobal bhreith neamh fhoirmeálta, neamh eolaíoch…

2 thuairim ar “Ceist airgid

  1. séamus Mac Seáin

    bhéinnse sásta breis airgid a íoc cinnte mar atá mé ag déanamh le Nuacht 24,agus Comhar agus an Timire agus an tUltach agus Nós agus club leabhair Coiscéim agus club leabhar Fás ach tá fonn ar na foilseacháin sin leanúint ar aghaidh agus tháinig siad ag iarraidh cuidiú orm.An bhfuil móinéir teo i bhfathach le dul ar aghaidh? Ní easpa airgid amháin a chuir deireadh le LA NUA dar liom ar gur éirigh an Andersostown News tuirseach den síor streacáilt agus theastaigh uathu a bheith reidh leis.Cá bhfuil an cailtaeanas go díreach le FOINSE tuarastal? Cló? cíos? brabach do stiúrthóirí? Iocaíochtaí le scríbhneóirí? nó caidé?.Airgead réasúnta mór é 355000 euro sa bhliain le 52 páipéar a chur amach.Cad é an brabach a bhí ann sna blianta a chuaigh tharainn? An bhfuil bealtaí eile ann leis an pháipéar a shabháil seachas tuilleadh airgid ón Fhoras? An bhfuil staitéis ag Foinse fein ina chomhair sin?.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ceisteanna thar a bheith réasúnta, a Shéamuis. De réir mo thuiscint bhí brabhús de bhreis ar €199,000 acu i 2006, an bliain is fearr acu, agus €90,000 nó mar sin an bliain dar gcionn. Ar chuaigh an t-airgead sin ar ais sa nuachtán – nil an chuma sin ar an scéal, dar liom, nó nior cuireadh aon snás nua ar an nuachtán nó nior earcaíodh aon scriobhnóirí nua.
    An fath go bhfuilim chomh tógtha faoi chás Foinse ná seo. Mothaím go bhfuilim ar nós duine a tháinig slán ó thimpiste gluaisteáin agus anois feicim é ag tarlú in athuair ós comhair mo shúile.
    Ní fheictear dom go bhfuil aon straitéis ag an bhForas nó má tá, cén fath nach roineann siad linn é? Nár chuala tusa agus mise iad ag caint minic go leor faoi pháírtíocht? Dá mba rud é go raibh sé, mar shampla, i gceist acu nuachtán laethúil a athsheoladh faoi 2013, nár cheart é a rá anois le go mbeadh dreamanna ag ullmhú plean. Níl sé ró fhada uainn…. Dúirt Ferdie Ó Faillí go raibh sé i gceist filleadh ar nuachtán laethúil – má tá sé dairíre ba cheart dó dáta a lua leis. Ach is dócha gur sin an iomarca a iarraidh.

    Ag am na h-eigeandála, agus is é seo sin, níl aon amhras orm go bhfuil an airgead seo ag teastáíl anois ó Foinse agus tá amhras orm go mbeidh a dhothain á thairiscint ag Foras na Gaeilge inniu ag an gcruinniú atá á reachtáil – an bhfuil Foinse chun leanúint. Ní chuirfinn geall air. Agus ní doigh liom go mbeadh a dhothain airgid ann dá n-ardófaí an praghas.

    Anois dá mbeadh €355,000 ar fáil le h-aghaidh múnla ar nós Nuacht 24 – seirbhís ar an idirlíon móide nuachtán sa phost gach seachtain do shintiúiseoirí, bheinn den tuairim go mbeadh toradh maith ar sin agus go mbeadh sé inmharthanach.

    Ach an bhfuil an tuiscint sin ag an bhForas?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s