Seo an Samhradh – séasúr na n-athchraoltaí – mar sin ní ghabhfaidh mé leithscéal as é seo a roinnt libh arís. Nó bhí sé ar na buaicphointí ag an OIreachtas anuraidh i gCorcaigh.
Os rud é gur luaigh mé thíos é agus mé ag caint ar Des Bishop, seo chughaibh Bubba Shakespeare ag ‘rappáíl’ as Gaeilge. Rinné mé é a scannánú agus mé ag amharc ar Sheó Ronáin á chraoladh ar Raidió na Gaeltachta, beo ó lobaí an Rochestown Park Hotel i gCorcaigh.
Má tá aoinne eile amuigh ansin le saothar nua i nGaeilge agus fonn orthu nasc le h-aghaidh físeán a chur chugam, beidh fáilte roimis. Ná bíodh sé ró ghairsiúil. Suíomh don teaghlach é iGaeilge!
A Chroist, a Choncuibhir tá Bubba comh cool leis an Antartic.