Deintear díchoimisiunú ar an gCoimisinéir Teanga…

Dá mba rud é go raibh rogha agamsa, ar mhaithe le Foinse a thabhairt slán (agus Lá Nua roimhe!), chuirfinn deireadh leis an gCoimisinéir Teanga.

Níl aon chol agam do Sheán Ó Cuirreáin agus a fhoireann atá suite in oifig ghalanta ar an Spidéal ach ní fheictear dom an tairbhe atá á dhéanamh aige don Ghaeilge agus dar liom go mbeadh níos mó de bhuntáiste ag baint le na meáin a chothú ná madra faire ar nós an Choimisinéir, madra faire nach féidir leis abhastraigh i bhfurmhór na gcásanna ina mbionn leatrom á dhéanamh ar phobal labhartha is úsáide na Gaeilge.

An sampla is fearr den rud ar a bhfuil mé ag trácht, an eachtra a tharla le déanaí nuair a rinne votairí ar an Spidéal, i gcúlchlós an Choimisinéara féin, gearán faoi phobalbhreith iar votála a rinne RTÉ/An Sunday Independent ann lá an vóta, 5 Meitheamh.

Ní raibh aon rud a fhéadfadh an Choimisinéir a dhéanamh chun múineadh a chur ar RTÉ de bharr nach bhfuil scéim teanga aontaithe idir an chraoltóír agus an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go fóill.

Mar sin is féidir le comhlacht phoiblí aon sort smacht a sheachaint tre bheith mall ag aontú scéime teanga. Sin cosaint íontach a thug Acht na dTeangacha Oifigiúla don craoltóir.

Má cheapann sibh gur vóta mímhuiníne atáimse ag moladh, agus gur cineal tréas é sin ar na h-iarrachtaí a deineadh chun Acht na dTeangacha a bheithann, ní faic é i gcomparáid leis an vóta mímhuiníne ó mhathair roinn an Choimisinéara, Roinn Uí Chuív, atá geall leis dhá bhliain ar chúl le cur i bhfeidhm an dara scéim teanga.

Tá liosta ollmhór de chomhlachtaí phoiblí ann – breis is 650 – agus scéimeanna teanga le h-aontú lena bhfurmhór. Seo an liosta de na comhlachtai atá scéimeanna aontaithe leo go dtí seo, sé bliana i ndiaidh reachtú Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Is léir go nglacfaidh sé breis is scór bliain go dtí go mbeidh scéim teanga ag gach comhlacht phoiblí ar an liosta – agus idir an dhá linn, caithfear athnuachan a dhéanamh ar na comhlachtaí atá scéimeanna aontaithe acu roimhe sin. Cur amú ama is dúthrachta an obair sin i gcomparáíd leis an bhfíor obair atá le déanamh, pobal na Gaeilge a mhealladh chun úsáid a bhaint as an nGaeilge leis na comhlachtaí poiblí le go mbeidh orthu, mar thoradh ar éileamh, riar a dhéanamh orthu i nGaeilge.

Agus cén bealach is éifeachtaí chun sin a dhéanamh? An Ghaeilge a bheith feiceálach ar na meáin agus chuige sin tá gá le h-earnáil fuinniúil is gairmiúil de na meáin Ghaeilge.

Ait liom go fóill gur fhagadh na meáin ar lár ó mholtaí na Tuairisce faoi Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht….

Cé mhéid airgead a shabhailfí dá ndéanfaí díchoimisiunú ar an gCoimisinéir Teanga – suas le €1m in aghaidh na bliana. An mbeadh aon bannaí ann go roinnfí an t-airgead sin ar Foinse nó na meáin Ghaeilge dá gcuirfí deireadh le ré an Choimisinéara? Gan amhras níl. Is dócha go mbeadh na h-iar Airí ar Theachtai Dála iad go fóill ag lorg a bpinsin arís nó rud éigean seafóideach mar sin.

Ach i bhfírinne, ní fheictear dom go bhfuil an dara rogha ann. Mar a duradh roimhe i dtaca le h-armlóin an IRA is eile, nior bhain dichoimsiunú le díchur na n-arm an oiread is gur bhain sé le cur ó mhaith an mheoin aigne a lig do dhaoine úsáid a bhain úsáid mharfach as na h-armlóin céanna.

Sa tslí céanna, ní féidir leis an Choimisinéir a chuid oibre a dhéanamh, sé sin le rá tabhairt ar chomhlachtaí poiblí gnó a dhéanamh le saorannaigh ina rogha teanga oifigiúil, Béarla agus Gaeilge. Againn amháin atá an rogha sin agus ní dhéanfaimíd sin mura gceapaimíd go bhfuil an Ghaeilge tabhachtach inár saol. Cuidíonn laithreacht is neart na Gaeilge sna meáin linn teacht ar an dtuiscint sin níos mó, dar liom, ná reachtaíocht teanga nó Coimisinéirí Teanga.

6 thuairim ar “Deintear díchoimisiunú ar an gCoimisinéir Teanga…

  1. Feirsteach

    An bhfuil tú dáiríre, a Chonchubhar?
    Tá lochtanna leis an gcóras faoin Achta ach ní réiteofar lochtanna an chórais trí dheireadh a chur leis an Achta, rud a dhéanfar go praicticiúil dá bhfhaighfeá réidh le hOifig an Choimisinéara Teanga.

    Níl a fhios agam fuat féin ach níl fonn orm cás bunreachtúil a thógáil gach uair nach bhfaighim seirbhís cheart Gaeilge ó Údaráis an Stáit. Bheinn ag troid dosaen chás dlí Bunreachta sa bhliain seo amháin!

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Táim lán dáiríre. Má tá seirbhis Ghaeilge ó dhuine, is féidir leis é sin a lorg agus ní féidir é a shéanadh air, de réir na Bunreachta. Nil Acht na dTeangacha Oifigiúla ach ag cur teorainn leis na seirbhísí ar féidir iad a éileamh ón Stát agus is madra gan fiacail gan tafann é an Choimisinéir Teanga.

    Ní gá duit aon cás cúirte a throid – ní gá duit ach cás Uí Bheoláin a lua agus beidh ar an Stát geilleadh ar an bpointe. Sin an dlí. Ar iarr tú riamh ort féin cén fath gur mhol Ó Cuív an cur chuige scéimiúil ó thuaidh – mar go raibh a fhios aige gurb é an cur chuige teorannta is fearr a thaitneodh le na hAondachtóirí.

    Freagra
  3. Feirsteach

    “Ní gá duit aon cás cúirte a throid – ní gá duit ach cás Uí Bheoláin a lua agus beidh ar an Stát geilleadh ar an bpointe. Sin an dlí.”
    Mo phointe ná, céard a dhéanann tú nuair nach ngéilleann siad?

    Freagra
  4. GGN

    Caithfidh mé admháil nach raibh cúis agam labhairt leis an Choimisinéir riamh ach gur labhair beagnach gach Gaeilgeoir ó dheas a bhfuil aithne agamsa orthu leis minic go leor.

    Deir gach duine acu go raibh sé eifeachtach mar dhuine agus gur reitigh sé an fhadhb a bhí acu.

    Títear domsa go ndéanann séan jab atá sé in ainm a bheith ag déanamh.

    Mór an trua go bhfuil sé bunaithe i nGaeltacht Chonamara seachas i nGaeltacht beag áit éigin eile.

    Freagra
  5. Janet

    Tugaim an frustrachas a leiríonn tú san alt maidir le forfheidmiú na bunreachta agus cur chuige roinn Uí Chuív. Ní chreidim, áfach, agus is léir nach gcreideann tú féin, go bhfuil Foinse, ná togra ar bith eile, faoi bhagairt mar gheall ar easpa airgid amháin. Lom na fírinne, is beag na tacaíochta seachas maoinithe atá ar fáil do phobal na Gaeilge thuaidh ná theas ó pholaiteoirí ná ón státchóras. Ba chóir go raibh tús áit ag luachanna fhorbairt phobail, cur le cumas phobal na Gaeilge, muid a spreagadh agus a mhunlú ar bhealach dearfach in áit an buille is an beagán. Tá imchumhachtú agus neamspleáchas na n-eagraíochtaí Gaeilge le neartú is le chothú. Is ról ná ceannairí tíre é seo. Ról na reachtaíochta na cearta a chosaint is a mhíniú. Tá an dhá rud de dhíth go géar, thuaidh agus theas.

    Freagra
  6. igaeilge Údar an Ailt

    Títear domsa go ndéanann séan jab atá sé in ainm a bheith ag déanamh.

    Is é sin díreach an fhadhb a Ghaeil. Tá sé ag déanamh a chuid oibre go h-éifeachtach taobh istigh de na srianta atá air – sé sin le rá, níl aon ról aige olc nó maith maidir le comhlachtaí Stáit, leithéidí RTÉ, an chomhlacht Stát is cumhachtaí agus is mó a imríonn tionchar, agus ní féidir ach a shamhlú nó a chreidiúint go bhfuil sin d’aon ghnó.

    Agus céard a dheineann sé má fhaigheann sé lucht ar dhream – ní féidir leis fíneál a chur orthu nó priosún a ghearradh orthu nó rud ar bith mar sin. Cad is féidir leis a dhéanamh ach iad a ainmniú i dtuarascáil phoiblí agus iad a náiriú nó deintear an méid sin a thuairisciú sna meáin.

    Ach anois tá meán níos lú ann agus Foinse (geall leis) is Lá Nua imithe. Níl fagtha ach An Druma Mór/Nuacht 24 agus dá fheabhas iad níl na h-acmhainní acu tuairisciú mar is ceart a dhéanamh ar imeachtaí ó dheas.

    Deirimse gur cheart an fear i lár baill a bhaint amach ón ngort ar fad – má tá gearán agat, deineann tú gearán leis na meáin. Má tá bunús leis, mura bhfuil sé clúmhillteach, beidh na meáin sásta scéal a dhéanamh agus náireofar an t-é atá ag cur bac ar an nGaeilge nó ag déanamh neamairt uirthí.

    Chomh fada is a bhaineann sé liom is maorláthach iomarcach é an Choimisinéir Teanga.

    Tá’s agam gur ainmhí éagsúil an reachtaíocht ó thuaidh, chomh fada is atá sé molta ag POBAL ar aon nós. Ach creidim gur lú seans go gcuirfear i bhfeidhm an reachtaíocht sin ná go mbeidh fir sneachta in ifreann go luath. Ní h-é nach bhfuil sé fiúntach ach go bhfuil sé ró fhiúntach. Léiríonn an reachtaíocht molta ó thuaidh chomh h-easnamhach is atá Acht na dTeangacha Oifigiúla.

    Is lú arís an seans go mbeidh imchumhachtú agus neamhspleachas na n-eagraíochaí Ghaeilge á gcosaint is á chothú.

    In áit reachtaíocht a thabharfaidh cothromas do chach is a dhéanfaidh cosaint ar ghnéithe thabhachtacha na teanga, tar éis an mhargála a dhéanfaidh SF leis an DUP, ní bheidh fágtha ach iarlais – an iarlais a chinnteoidh postanna do cháirde na gcáirde agus a fhagfaidh mór phobal na Gaeilge ar an dtrá folamh….

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s