Cur chuige chriochdheighilteach Uí Chuív – agus Shinn Féin

Bhí litir spéisiúil sa Sunday Tribune ag an deireadh seachtaine, ó bhean a bhí ag cáineadh cur chuige an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i leith na Gaeilge agus na leideanna atá faigthe againn le tamall anuas faoi ath-eagar ghluaiseacht na Gaeilge.

Dar leis an Bhean Uasal Ní Mhaoláin, is cur chuige criochdheighilteach atá ag an Aire Ó Cuív.

. Whilst proclaiming himself champion of the Irish language, he is interfering in language organisations all over the county, regardless of the efficacy of their work. Fianna Fáil signed both the Good Friday and the St Andrews agreements on behalf of the government of the Republic of Ireland, yet paid only lip service to pushing the British government to do what it signed up to for Irish speakers. . His frustration at the bureaucratic Foras na Gaeilge is understandable. So is his anger about the various unionist culture ministers he has been left to deal with, from Micheal McGimpsey to Gregory Campbell via Edwin Poots; they have gone from bad to worse

Ach tuigeann sí do, ar shlí:

. His frustration at the bureaucratic Foras na Gaeilge is understandable. So is his anger about the various unionist culture ministers he has been left to deal with, from Micheal McGimpsey to Gregory Campbell via Edwin Poots; they have gone from bad to worse

Ar ndóigh is é an toradh ar seo ar fad, na pleananna le h-aghaidh Údarás na Gaeilge, mar shampla, agus fiú an phlean 20 bliana (19 anois?) chun tír dhá theangach a bheith in Éirinn faoi 2028 go mbeidh cainteoirí Ghaeilge an tuaiscirt fagtha ar an imeall – agus ní don chéad uair – nó ar an dtrá folamh ar fad.

Is cinnte go bhfuil an teorainn go mór i gceist chomh fada is a bhaineann sé leis an Aire. Aon uair a chuala mé é ag caint, nó a léigh mé agallamh leis, bhí sé den tuairim go laidir nach ndéanfadh Rialtas na hÉireann rud ar bith ar son Gaeilge ó thuaidh mar gurb é sin cúram an Aire ó thuaidh. Anuas ar sin, chuala mé á rá nach bhféadfaí bheith ag súil le tada eile ó Aire Aondachtach agus cúrsaí mar atá ach diultachas don Ghaeilge.

Agus ansan cuirim an cheist cén fath nár ghlac páirtí náisiúnach – Sinn Féin nó an SDLP – leis an Aireacht seo. B’é ceann de na h-aireachtaí deireannacha a roinneadh, más buan mo chuimhne.

Is cinnte go mbeadh Aire Náisiúnach sa phost seo níos cúramaí i leith chúrsaí cultúr agus teanga na nAondachtach ná an míchúram agus naimhdeas atá léirithe ag na hAirí Aondachtacha i leith cultúr agus teanga na nGael.

An bhfuil aon seans go mbeidh cur chuige uile oileánda ann i leith na Gaeilge? Ni chreidim é agus olcas an gheilleagair á úsáid ag polaiteoirí ar gach taobh den teorainn chun ciorruithe a dhéanamh a chuireann cruachas ar pháistí scoile agus othair in oisbidéil. Gan amhras níl cúrsaí chomh h-olc sin – tá cuid acu ag tarraing pinsin agus tuarastal ag an am chéanna. Nior ceadaíodh ach laghdú 25% ar a bpinsin ar eagla go dtabharfadh duine acu dushlán dlí do chiorrú níos mó ná sin. Dar leis an Ard Aighne, deirtear linn, go raibh ‘legitimate expectation’ ag na Teachtaí ar iar Airí Rialtais iad go bhfaighdis pinsean iomlán agus iad fós ina teachtaí. [Ar ndóigh beidh deireadh ar fad leis an bpinsin seo do iar Airi ar Theachtai Dála iad go foill tar éis an chéad olltoghchán eile – rud a chinnteoidh nach mbeidh iar Airí ar Theachtaí Dála iad ag lorg olltoghchán go luath!]

Má tá cur chuige uile Eirinn ag teastáil uainn i bhfírinne, is fúinn féin atá sé. Ní féidir bheith ag brath ar pholaiteoirí nó ar Airí Rialtais.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s