An sionnach i measc na gcearc anois

NelsonMcCauslandDe réir na dtuairiscí is déanaí, tá Nelson McCausland ceaptha ina Aire Cultúr, Ealaíon is Foillíochta ó thuaidh ag an gCéad Aire, Peter Robinson.

Duine é McCausland atá sean aithne agam air. Diograiseoir Albainis Uladh é – cé nach eol dom go labhrann sé an teanga. Is cinnte, áfach, gurb é an chéad chloch ar a phaidrín, mas ceadmhach dom an mheafar mhí oiriúnach sin a úsáid, tús áite a thabhairt don chultúr – agus ní don teanga – Albainis Uladh thar an Ghaeilge.

Tá sé ráite aige go mion is go minic roimhe seo. Is duine é ar fuath leis Éireannachas an oiread sin gur rinne sé gearán le déanaí gur cheart deireadh a chuir leis an ‘Éireannach’ sna Leoin Briotanach agus Éireannach. (Cheapfá go mbeadh aondachtóir dílis mar é ar shon gach ceangal a choimead idir Éire agus an Bhreatain!)

Anuas ar sin, creideann sé nach ‘Ceilteach’ é cé go bhfuil McCausland mar ainm air. Ainm chomh Ceilteach is nach gá é a mhíniú.

Tá roinnt tuairimí aisteacha eile aige. Beidh le feiceáil conas mar a eireoidh leis san Aireacht seo – ach táim réasúnta cinnte go rachaidh a ré chun dochair na Gaeilge an oiread agus gur féidir leis.

Chomh fada agus a bhaineann sé le Nelson, is ionann a bheith in aghaidh na Gaeilge agus a bheith dilis dá chreideamh.

Cinneadh tubaisteach don Ghaeilge é seo – agus ar ndóigh ní féidir le Sinn Féin faic a dhéanamh in éadan an Aire mar go bhfuil siad ceangailte go dluth leis ar an bhFeidhmeannas.

Beidh an athas orm má léiritear dom go bhfuilim mícheart. Ach is é mo bharúil gur feidhm ‘frith Chultúr’ a bheidh ag an Aire nua Cultúr ó thuaidh, frith Chultúr na nGael chun a bheith beacht…

Ar ndóigh d’fhéadfadh sé tarlú go bhfuilim mí cheart. Ní féidir linn bheith ag súil nach mbeidh Nelson McCausland ina Aire Aondachtach – ach dá ndéanfadh sé a mhachnamh ar sin agus teacht ar an dtuiscint gur fearr i bhfad a bheadh sé do Thuaisceart Éireann dá mbeadh reachtaíocht ann chun an teanga dúchasach Ultach seo a chosaint, mar atá reachtaíocht sa Bhreatain Bheag agus in Alba roimhe, agus beartú dá réir, d’fhéadfadh sé amadán a dhéanamh díom.

D’fhéadfadh sé mo dhúshlán a shárú freisin tre airgead breise a aimsiú don Chiste Chraoltóireacht Ghaeilge, le go mbeadh an bearna idir é agus cistí do chraoltóireacht i nGaeilge na hAlban agus na Breatnaise sa Bhreatain Bheag níos cúinge ná mar atá.

An bhfuil tú chun glacadh leis an dúshlán, a Nelson, agus léiriú dúinn go bhfuil tú níos fearr ná an íomhá atá againn ort? Nó an gcloífídh tú go docht le brat do threabh?

Sin í an cheist….

2 thuairim ar “An sionnach i measc na gcearc anois

  1. séamus Mac Seáin

    fear áisteach gan amhras é Nelson ach ar a laghad tá suim airithe aige i gCultúr na hULtaise mura bhionann agus an triúr a chuaigh roimhe,McGimpsey,Poots agus Campbell.thiocfadh do gur sin an ball lag aige nó beidh sé ag iarraidh rud éigin a dhéanamh ar son na hUltaise rud nach raibh an triúr eile ag iarraidh a dhéanamh agus beidh air a mhiniú cad chuige nach bhfuil sé ag déanamh rud éigin ar son na Gaeilge.Tá a shúil agam go bhfuil grúpaí Gaeilge ag seoladh cuireadh chuige cheana féin le castáil leo.Tá cruthaíthe roimhe seo aige nach misde leis mar Sionnach dul isteach i gcró na gcearc nó bhí sé sa Chultúrlann i mBéal Feirste roinnt uair le cúpla bliain anuas.Tugaimis a dhúshlán

    Freagra
  2. Fearn

    Más spéis ag an feilméara na cearca is dual dó iad a chothú agus aire ceart a thabhairt dóibh i leaba iad a thabhairt i bhfeighil an tsionnaigh agus gach “monuar óch” uaidh nuair a théann an sionnach i mbun a dhúchais!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s