Ardú tónach is tápú deise

With the boom well and truly over, Irish is a pointless little luxury that the State should let people pay for, if they want to.

We live in an English speaking age in which even thriving European languages such as French and German are being slowly swamped and eroded by anglicisations. Those countries may have reason to feel a little nationalistic pique, but for us the horse has bolted and we may as well enjoy the huge advantage that native English gives us in the world.

Call a government department and try to get an answer in Gaeilge and hear the stutters of confusion. Yet the number of Government sponsored quangos and tax payer funded media in the language continues to grow. From the little watched TG4, supported to the hilt by the tax payer – to the untold sums spent translating everything from the announcements at Dublin Airport to phonebook sized records of European legislation – “so as not to marginalise us”, in the words of former MEP, Seán Ó Neachtain – we are haemorrhaging enough money into Irish to buy at least a few electronic voting booths and even have enough change left over for a few flights for the Fas executives. Business class, of course.

Sin togha agus rogha na ráitis ón íonsaí is déanai ar an nGaeilge agus pobal a labhartha. Foilsíodh é seo sa Sunday Independent, san iris ‘Life’ agus, mar is dual d’alt ar bith ina ndeintear díspeagadh ar an nGaeilge, tá pictiúr de Peig in éineacht leis.

Níl sé cúpla seachtain ó shin ó bhí alt moltach sa Sunday Tribune, leath bhadóir an Sunday Independent, ag moladh ‘gnéasúlacht na Gaeilge’ agus leis an alt sin bhí pictiúirí de Dáithí Ó Sé, an fear is gnéasúla in Éirinn, agus Gráinne Seoighe in éineacht le cúpla ‘babe’ eile ó dhomhan na meán Ghaeilge.

An fiú bheith buartha go bhfuil lúdramán eile aimsithe ag an Sunday Independent chun a bheith ag íonsaí na Gaeilge, lúdramán darbh ainm Donal Lynch?

Deir daoine nach fiú – agus beidh siad ag rá nár cheart dul i ngleic lena leithéid. Go dtugann sin ugach dóibh. Ní aontaím leis an dearcadh sin mar go gcreidim gur deis é seo nach feidir a ligint tharainn.

Tá roinnt rudaí a deir Lynch – ní fheadar an bhfuil sé gaolta ar an lúdramán frith Ghaelach eile, Declan Lynch, a bhionn ag scríobadh sa Dodo – a aontaím leo cé go bhfuilim go h-iomlán ina choinnibh maidir leis an treo agus an brí atá lena alt.

Má tá sé buartha faoin airgead atá á chaitheamh ar an nGaeilge agus ré an racmais thart (agus ná labhraimís anseo faoin phairtí a thacaigh an Sunday Independent leis i gcaitheamh na mblianta sin), céard eile a leagfadh sé an tua air? Oisbidéil – tá daoine tinn leath marbh ar aon nós, scoileanna – ní fiú airgead a chaitheamh ar chóras oideachais nuair atá daoine ábalta gach rud arbh fhiú a fhoghlaim ar Twitter!

Aontaím leis an maíomh atá á dhéanamh aige maidir leis na h-aistriúcháin – cad is fiú é? Léiríonn an cheangal atá á dhéanamh aige idir airgead amú ar an nGaeilge agus an gheilleagar a bheith i bponc an dioscúrsa atá romhainn mar gheall ar an nGaeilge agus tacaíocht an Stát di. Thug mé rabhadh faoi seo roimhe.

Ar ndóigh, creidimse nach bhfuil leath a dhothain airgid á chaitheamh ar na meáin Ghaeilge. Léiríonn an tagairt a deineadh do na meaisíní votála an méid sin – caitheadh nios mó ar an mbotún sin ná mar a caitear ar chláracha Gaeilge ar an dteilifís? Bionn lucht féachana ag na cláracha sin – bionn isteach is amach le 200,000 ag amharc go rialta ar Ros na Rún – agus cothaíonn sin postanna is cuireann sé an gheilleagar ag gluaiseacht sa Spidéal.

Fillfidh mé ar an ábhar seo ar ball – cúramaí eile orm anois. Tá Naomh Abán ag imirt in éadan Duiche Ealla sa tríú babhta de Chraobh Peile Chorcaí – Anthony Lynch V Donnchadh O’Connor.

Is féidir libh bheith ag léamh an ailt idir seo agus sin – tá sé ar lch 22-23 den iris agus níl sé ar fáíl ar an líon go fóill. Má chuireann sé múisc oraibh bheith á léamh, iompaigí go dtí leathnach 12 agus léigh alt spreagúil ansan faoi bhean a chuir smais ar a tóin….

20 de thuairimí ar “Ardú tónach is tápú deise

  1. séamus Mac Seáin

    má tá meancóga folasacha san alt ba chóir do dhuine éigin sin a chur i niúl do’n pháipéar ach ar ór nó ar airgead níor cheart é a cheannacht.Is sinne a chéad smaoínigh ar an “BAGHCAT” agus níor mhisde é a chur i bhféidhm sa chas seo.Cád chuige a dtabharaimis airgead do dhream ar bith le masla a chaitheamh orainn

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Nach cuma leis an Sunday Independent faoi leitheoirí le Gaeilge. Tá siad tar éis tuairim is €65,000 a fháíl ó Fhoras na Gaeilge anuraidh chun CD – How To Learn Irish – a dhaileadh leis an nuachtán!

    Freagra
  3. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Tá ceist le fhreagairt faoin chaiteachas ar an aistriúcháin. Ní doigh liom go gcuireann sé in aon chor le h-uasáid na teanga.Ach is ceist casta é ós rud é go bhfuil fadhbanna ó thuaidh le cur chun cinn na Gaeilge.Ní doigh liom go dtabharfaidh na h-Aontachtóirí cothrom na féine don Ghaeilge o thuaidh gan Acht Teanga.Ní doigh liom freisean gur cheart bheith ro-bhuartha faoi dearca an “Sindo” i leith na Ghaeilge mar bhíodar as alt faoin gheilleagar cheanna agus diaidh ar n-diaidh tá an páipéar ag dul i dtreó nuachtán tablóideach.Ní fiú é a cheannach ach le bheith ag feachaint ar chailíní atá tareis smais a chur ar a tóín.

    Freagra
  4. colm

    An tseafóid seo faoi chúrsaí aistriúcháin arís. Cuireann sé soir mé.

    Ní ceist aistriúcháin í ar chor ar bith, ach ceist sheirbhísí Stáit a bheith ar fáil i nGaeilge.

    Glacaim leis go bhfuil ceist tosaíochtaí ann freisin; ach i mo thuairim ba chóir go mbeadh muid ag iarraidh breis seirbhísí as Gaeilge, go dtí go mbeidh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge, seachas ag titim sa ngaiste seo faoi cháipéisí a aistriú.
    Bímis ag argóint faoin gcéad rud eile a theastaíonn seachas faoin “airgead atá á chur amú ar an aistriúchán”. Mar creidigí uaim é, má tá an t-airgead seo á chur amú, má ghlacann an Stát gur cur amú airgead é, beidh deireadh leis agus ní thiocfaidh aon rud ina áit. Ba chóir dúinn a aithint faoin am seo gur scéal thairis é. Dá gcuirfí deireadh leis an aistriúchán seo, d’aimseodh na lúdramáin seo rud eile bainteach leis an nGaeilge chun a bheith ag clamhsán faoi.

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Ar shlí tá an ceart agat. Mura gcaitear an t-airgead seo ar aistriúcháin, rud atá á dhéanamh, níl aon chinnteacht ann go gcaithfear é ar rud ar bith fiúntach i saol na Gaeilge. Is ionann an scéal le aththarraingt theoraineacha na Gaeltachta – má dheintear an Ghaeltacht níos lú, ní h-ionann sin agus go mbeidh an méid céanna airgid a dháileadh ar níos lú daoine.

    Caithfear briseadh amach as an chiogal seo uair éigean. Tá sé cosúil le bheith ag brath ar hearóin nó a leithéid. Caithfidh pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta aithint go bhfuil airgead á chur amú ar aistriucháin ach go h-áirithe agus an moncaí sin a bhaint dá ndroim. Tugann a leithéid de sheafóíd targaid mór do ludramáin.

    Freagra
  6. GGN

    “Tugann a leithéid de sheafóíd targaid mór do ludramáin”

    Nach mbogfadh siad ar aghaidh chuig an chéad targaid eile?

    Gaelscoileanna? An Bunreacht féin?

    Freagra
  7. GGN

    Is léir ón alt sin fosta, gur as an Daingean é. Gaolta le Danny Lynch?

    Léiríonn an Daingean domsa cad tá na hÉireannaigh Gallda dul a dhéanamh nuair a throidfeas muintir na Gaeigle ar ais i gcoinne an Ghalldachais.

    Freagra
  8. Colmán Ó Beirn

    Cé go n-aontaím le cuid mhór atá le rá agat i do chuid altanna faoin Ghaeilge níl mé ar aon tuairim leat i dtaca leis na haistriúcháin go Gaeilge. Tá na haistriúcháin go Gaeilge riachtanach chun go mbeadh teanga nua-aoiseach againn a bheidh in ann deileáil le saol atá ag athrú ar luas lasrach.
    Agus ná dearmad go bhfuil clainn le cothú agus morgáistí le híoc ag aistritheoirí fosta!
    Maidir le Foinse – seans ann go bhfuil sé in am do na meáin Gaeilge rud radacach a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar an nuatheicneolaíocht chun a gcuid fadhbanna a réiteach. Meas tú an bhfuil ré na nuachtán thart (is cuma cén teanga ina bhfuil siad scríofa)?

    Freagra
  9. igaeilge Údar an Ailt

    Ní doigh liom gur féidir a rá go bhfuil na h-aistriúcháín go Gaeilge riachtanach chun go mbeadh teanga nua aoiseach againn chun a bheith in ann deileáil leis an saol atá ag athrú – nó conas a chuideoidh sé linn an teanga nua-aoiseach a bheith againn mura léimíd na caipéisí seo? Agus níl aon fhianaise ann go bhfuil siad á léamh – ach a mhalairt. Is fearr an seans go mbeadh teanga nua aoiseach á chruthú is á scaipeadh i nuachtáin nó irisí- agus bhí sin á dhéanamh ag Lá Nua cibé faoi Foinse.
    Gan amhras tuigim cás na n-aistritheoirí le clann le cothú agus morgáistí le h-ioc. Ach creidim go bhfuil a scileanna aistritheoireachta inaistrithe go furaist go scríobh cruthaitheach nó aistriú leabhair atá á léamh i mBéarla go Gaeilge.
    B’fhéidir go bhfuil an ceart agat maidir le nuachtáin is irisí agus gurb é Nuacht 24 – ar fáil ar an idirlíon láithreach, ach tríd an phost cúpla lá ina dhiaidh sin más maith leat – an múnla. B’fhearr liomsa an airgead a chaitheamh ar ábhar is substaint an nuachtáin seachas ar chló bhuaileadh agus dáileachán.

    Freagra
  10. Ana

    Is aistritheoir mé, in ainm Dé, éiríodh na daoine seo as a bheith ag cur mo ghairme i mbaol, tá dóthain frigin imní orm cheana!! Mo SHAOLSA atá i gceist for frig’s sake, Pinginí suaracha fánacha a chaitear ar an aistriúchán le hais na diabhail binsí fiosrúcháin sin – targaid éasca í an Ghaeilge is na haistriúcháin – coinnigí cuimhne air seo in ainm Dé, Táthar ag cur mo shaol iomlán is mo ghairmse i mbaol!!!! Ba cheart go mbeadh dóthain airgid ann do na meáin Ghaeilge agus do na haistritheoirí – níl sibh ag cabhrú le bhur gcomh-Ghaeilgeoirí ar chor ar bith is bhí Concubhar ariamh ag tochailt ar a cheirtlín féin maidir leis seo gan trócaire ar bith aige dá chomh-Ghaeilgeoirí atá ag obair go dian – mo náire thú!

    Freagra
  11. GGN

    Ceart ag Concubhar cibé rud atá sé ag iarraidh a scríobh a scríobhadh, sin a chreideann sé.

    Níl ar dhuine ar bith aontú leis agus caithfidh daoine dul i mbun oibre chun tuairimí s’acu a chur chun cinn áit éigin eile.

    Freagra
    1. Ana

      Tá go maith, níl buntáiste ar bith ag fear na meán ar an aistritheoir ar chor ar bith an bhfuil? Dá gcuirfeadh sé a chás chun cinn gan a bheith ag cur saol aistritheoirí Gaeilge i mbaol, bheadh níos mó meas agam air. Bíodh na scéimeanna malairte seo chun muid a fhostú á gcur chun cinn nó a n-éileamh aige seachas a bheith ag síoréileamh go bhfaighfí réidh lenár n-obair. Bheadh sin níos dearfaí ná cur chuige diúltach nach ndéanann maitheas ar bith dúinne aistritheoirí.

      Freagra
      1. GGN

        Ana, éist, ní bheinn ar aon fhocal le Cnocubhar fá rud ar bith seachas cén lá atá ann.

        Ach seo suíomh s’aige agus tá an cheart aige a phort féin a sheinm.

        Tá clár oibre againn go léir.

  12. igaeilge Údar an Ailt

    Ar ndóigh nílim ag iarraidh do shaol a chur i mbaol, Ana. I bhfad roimh duitse cuairt a thabhairt ar an suíomh seo agus do racht a scaoileadh, bhíós ag moladh malairt slí beatha don aistritheoir – aistriú leabhair do dhaoine óga, aistriú leabhair scoile is eile. B’fhearr é sin ná bheith ag aistriú go Gaeilge tuairiscí nach léitear agus nach léifear go brách…
    Cad a rinne na h-aistritheoirí nuair a d’imigh Foinse is Lá Nua – faic na fríde. Cá raibh bhúr suim i ‘saol’ dhaoine eile an am úd? D’fhan sibh in bhúr dtost nár fhan… Filleann an feall.
    Ní ar leas na Gaeilge nó ar leas na tíre atá an ró bhéim seo ar aistriúchán in áit saothar cruthaitheach i nGaeilge. Tá dhá nuachtán Ghaeilge imithe as cló, tá an tóin ag titim as díolachán leabhair Ghaeilge agus níl aon fhianaise ann go bhfuil éileamh dá laghad ar na caipéisí aistrithe seo….

    Ní h-ionann leas na Gaeilge agus leas na n-aistritheoirí ach is léir do chach cé acu leas an cloch is mó ar do pháidrín….

    Freagra
  13. Ana

    Er, bhíomarna ag tacú le Foinse agus Lá ó lá a mbunaithe beagnach, gach seachtain i gcás Foinse agus gach Lá i gcás Lá, mura miste leat. Creidim gur scríobh tú féin faoi chaighdeáin Lá a bheith tite tar éis duitse imeacht agus i gcás an dá cheann, measaim go rabhadar araon dulta i leadráin le tamall maith agus go bhfuil ábhar níos spéisiúla tuillte ag lucht léite na Gaeilge – Tá Nós Úr go hiontach, cé nach mbíonn caighdeán na Gaeilge gan locht i gcónaí, ach is ar bhonn deonach a bhíonn na scríbhneoirí sin ag scríobh agus measaim nach mbeadh an Coimisinéir Teanga ag aontú leat nach bhfuil aon éileamh ar bith ar na cáipéisí seo. Sin agus an ceithre scór de leabhar Gaeilge agam nó níos mó, is cinnte nár thug mé neamhaird ar leas scríbhneoirí Gaeilge, nuair a bhí ábhar fóntach spéisiúil á scríobh…mura miste leat. Ar scáth a chéile a mhairimid agus ár dteanga agus thug mise an-tacaíocht do Lá nuair ab ann dó agus ní chloisfeá muidne choíche ag screadach go bhfaighfí réidh le bhur bpoistne – dream Fhoras na Gaeilge agus Móinéar Teo. a bhí taobh thiar de sin for frig’s sake

    Freagra
  14. igaeilge Údar an Ailt

    Dá leadránaí a bhí Foinse nó Lá, ní rabhdar chomh leadránach le na caipéisí a bhíonn á aistriú ó Bhéarla go Gaeilge ag na h-aistritheoirí. Ní ag caitheamh anuas ort atáim – ach mura n-aithníonn tú go bhfuil fadhb mhór ann nuair go bhfuil an oiread san airgid á chaitheamh ar chaipéisí nach léifear a aistriú – agus gan tada á infhéistiú ar nuachtáin is irisí a bhí á léamh, bhuel tá rud éigean lofa i stat na Danmhairge, i gcead do Hamlet.

    Nior thug mise faoi ndeara tusa ná do chomhaistritheoirí ag déanamh agóidí ar son na nuachtáin nó na h-irisí agus iad i mbaol – is amhlaidh go gcoinníonn sibh bhúr gcloigeann as radharc agus sibh ag obair libh. Gheobhaidh tú amach, go luath, go bhfuil namhaid nios mallaithe ná mise ag aistritheoirí nó de réir na faisnéise atá á fhoilsiú faoin Bhórd Snip, táim ag ceapadh go mbeidh lucht aistriúcháin sa chéad líne chatha.

    Maidir leis an gCoimisinéir Teanga – is féidir leat mo thuairim faoi a léamh anseo.

    Freagra
  15. Ana

    Cáipéisí iad arb é a mbunchuspóir eolas a thabhairt, dá leadránaí é, saor in aisce, don phobal ar fad, iriseoirí san áireamh, agus tá sé de láncheart ag Gaeilgeoirí teacht air ina dteanga féin más mian sin. Ní rud tráchtála atá ann. Bunchuspóir nuachtáin ná nuacht agus ailt spéisiúla tráthúla a chur ar fáil a mheallfadh léitheoir lena chuid airgid a chaitheamh air, agus níor chomhlíon idir Fhoinse ná Lá Nua na critéir sin i gcónaí ná baol air scaití, go háirithe tar éis duitse imeacht ó Lá, rud a d’admhaigh tú féin de réir tuairisce. Thart ar 4,500 ar a mhéad na figiúir a chuala mise maidir le líon na ndaoine a cheannaigh an dá pháipéar in aghaidh an lae nó na seachtaine, seachas daltaí scoile ar brúdh orthu iad. Má chuirtear sin i gcomhthéacs náisiúnta, is fíorbheag an líon daoine a cheannaigh ceachtar acu ach ní chloisfear sin uaitse. Maidir le do ráiteas go mbeimidne sa chéad líne ceatha, nach mór deas an trócaire uait do dhuine a thacaigh le Lá agus Foinse gach aon seachtain agus lá dá raibh siad ar fáil – níor chuir mé m’ainm leis na hachainí mar ba léir dom nárbh aon chúnamh iad faoin tráth sin, agus bhí caighdeáin Lá tite chomh mór faoin am sin gur beag nach raibh náire orm é a cheannach scaite, ach rinne agus rinne go dílis. Ach dá ísle na caighdeáin, nó dá leadránaí iad agus neamhéifeachtaí ó thaobh daoine a mhealladh lena léamh, níor éiligh mise riamh go gcuirfí deireadh leo. Agus measaim go mbeidh Éire i dtrioblóid leis an AE a thug cead go ndéanfaí teanga oifigiúil den Ghaeilge dá bhfeicfí dóibh go rabhthas ag fáil réidh lena duaglais ina leith sa bhaile.

    Freagra
  16. igaeilge Údar an Ailt

    Cáipéisí iad arb é a mbunchuspóir eolas a thabhairt, dá leadránaí é, saor in aisce, don phobal ar fad, iriseoirí san áireamh, agus tá sé de láncheart ag Gaeilgeoirí teacht air ina dteanga féin más mian sin

    – an mian sin? An bhfuil aon cruthú ann go bhfuil níos mó daoine ag iarraidh caipéis ar leith i nGaeilge ná mar a bhí daoine ag ceannach Lá/Foinse gach lá, gach seachtain? An bhfuil aon cruthú ann go bhfuil éileamh ar bith ann dá leithéid?

    Dá mbeadh aon cruthú ann a leireodh go raibh éileamh ar na caipéisí seo, bheadh sé ina chabhair an tuairim atá im cheann faoin tionscal aistriúcháin a bheith ann ar mhaithe leis an tionscal – seachas ar leas phobail atá ag iarraidh na seirbhíse sin…

    Gan cruthú dá leithéid ní fheictear dom go bhfuil aon chúis agat bheith ag gearán liom faoi chaighdeán Lá nó Foinse, a bhí ag feidhmiú ar bheagan acmhainní i gcónaí agus go h-áirithe le bliain roimh ar cailleadh iad araon. D’fhéadfainnse gearán a dhéanamh faoi chaipéisí i nGaeilge ar aistriúcháin iad ar leaganacha Bhéarla agus atá do leite sa dhá theanga. Tá gá le córas eigean chun a chinntiú go bhfuil caipéisí dá leitheid scríte i nGaeilge simplí, soiléir agus éifeachtach an oiread is go bhfuil córas den tsort sin i mBéarla.

    Ní fiú tada mo thrócaire, nó fiú amháin dá mbeinn bhúr moladh go h-ard na spéire, ba bheag an tionchar a bheadh agam ar chinntí is ar mholtaí Cholm McCarthy is a cháirde ar an mBórd Snip. Más amhlaidh go dtagann an aistriúcháin seo slán ón Bhórd Snip, beidh a fhios agam gur cur i gcéill é an chaint seo faoi chiorruithe i réimsí an oideachais, sláinte, leasa shoisialta.

    Dála an scéil, cén aistritheoir ró ghlic a rinne an Roinn Ghnóthaí Teaghlaigh is Shoisialaigh den Roinn Ghnóthaí Teaghlaigh agus Shoisialta?

    Freagra
  17. Ana

    Arú Concubhar, tá an t-aistriúchán sin ar an Roinn Gnóthaí Teaghlaigh is Shóisialaigh ann le fada an lá, sular tháinig tusa ar an saol fiú seans agus ní mór dúinn glacadh leis anois, nó sin a múineadh domsa. Ach le fírinne, is ait an mhaise duit a bheith ag piocadh ar rud beag stairiúil mar sin agus a liachtaí aistriúchán leibideach uafásach a bhí sa nuachtán sin a raibh tú ag plé leis, mar aon le Foinse scaití. Fágfaimis sin mar atá, tá malairt rudaí le déanamh ag an mbeirt againn seachas a bheith ag dul i bhfad leis an aighneas gan mhaith seo idir Gaeil.

    Freagra
  18. Ping: Ní ar son brabhúis nó clú is cáil Irish language, news, iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s