Brú ar bith…ar Fhoras na Gaeilge

Faoi láthair, i mBaile Átha Cliath nó i mBéal Feirste, tá cruinniú ar bun ag comhaltaí Fhoras na Gaeilge agus d’fhéadfá a rá go bhfuil todhchaí litríochta agus iriseoireachta na Gaeilge, ar phaipéar ar aon nós, ag brath ar an toradh.

Ag an gcruinniú seo, beidh ar chomhaltaí an Fhorais teacht ar thairiscint nua – nó cur chuige nua – a thabharfaidh údar do Phádraig Ó Céidigh/Moinéar Teoranta athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh gan aon eagrán eile de Foinse a fhoilsiú i ndiaidh 28 Meitheamh.

Is cosúil freisin go mbeidh ar an bhForas cinneadh a dhéanamh faoin pholasaí a bheidh ag an bhForas sa todhchaí maidir le foilsiú leabhair – nó tá an chúram sin ag an bhForas freisin – i bhfianaise an chinneadh a tugadh le fios an tseachtain seo go raibh gach coimisiún le h-aghaidh leabhair nua ar cheal.

Is cosúil go bhfuil foilsitheoireacht na Gaeilge sa todhchaí ag brath ar an gcruinniú seo.

Mar a deir siad, brú ar bith: No pressure……

2 thuairim ar “Brú ar bith…ar Fhoras na Gaeilge

  1. colm

    Tá an ráfla amuigh go bhfuil drochmheas ag an Aire ar an bhForas.
    Ach an bhfuil sé sin fíor?
    Féachaigí an méid feidhmeanna a chuir sé faoi chúram an Fhorais – an Gúm, Bord na Leabhar Gaeilge agus eile.
    Dar le cara liom go bhfuil an-chion ag an Aire ar an bhForas …

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s