An tua ag titim ar Choláistí Gaeilge

Siar linn ar bhóithrín na smaointe le Joe Joyce san Irish Times ar maidin agus é ag caint ar na laethannta a bhí. Colún é seo a bhionn ag tabhairt chun cuimhne na scéalta sa nuachtán ó bunaíodh é 150 bliain ó shin.

Sa scéal seo, tuairiscíodh go raibh fás suntasach ar líon na ndaltaí a bhí ag freastal ar choláistí Ghaeilge i 1974.

THERE IS a phenomenal upsurge in demand for summer courses in Irish this year. Most of the 67 colleges giving them are solidly booked out and overall nearly 17,000 young people and aspiring teachers, 4,000 more than last year, are expected to attend the courses this month and in July and August, and will inject hundred of thousands of pounds into the economy of Gaeltacht areas.The organisers are attributing the upsurge in demand mainly to energetic canvassing of schools and parents during the winter months, and also to the appeal of the bargain £1 a day holidays being offered.

Sin cúig bhliain is triochadh ó shin – agus tá alan athruithe ar an saol idir seo agus sin. Ach tá na Coláistí Samhraidh fós linn.

Ar maidin inniu bhí mé ag labhairt le duine atá ag plé le Coláiste Samhraidh ó dheas agus dúradh liom go raibh ganntanas airgid na dtuismitheoirí ag cur as go mór do na cúrsaí i mbliana, tar éis an bhliain a bheith ann anuraidh.

Deacracht mhór i mbliana ag na Coláistí Samhraidh go bhfuil an deontas €50 in aghaidh an dalta a bhí á cheadú ag an Roinn Oideachais curtha ar ceal. Deineadh é seo tar éis gur scaipeadh ábhar bolscaireachta na gcoláistí, rud a fhagann go mbeadh costas mhór orthu a leithéid a athrú. Mar sin beidh ciorruithe á dhéanamh sna Coláisti Samhraidh i mbliana.

Ní mór smaoineamh ar seo: is cuid lárnach den gheilleagar Gaeltachta na Coláistí Ghaeilge céanna. Níl siad gan locht gan amhras ach is mó sochar ná dochar atá déanta acu do labhairt na Gaeilge i gcaitheamh na mblianta.

I bhfianaise na neamairte ollmhór ar léir go bhfuil sé á dhéanamh ar mhúineadh na Gaeilge sa chóras oideachais, taobh amuigh de chóras na Gaelscolaíochta, bhí agus tá áit larnach ag na Coláistí Samhraidh i múineadh na Gaeilge.

Má tá tua an Rialtais ag titim ar na Coláistí anois, agus creimeadh á dhéanamh orthu i rith an ama, an féidir creidiúint a thabhairt do Ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge agus an sprioc ansan go mbeadh Éire ina tír dhá theangach le 250,000 cainteoir laethúil Ghaeilge roimh 2028, mar atá ráite sa straitéis sin?

Tamall ó shin chualamar Brian O’Driscoll ag úsáid cúpla focal Ghaeilge i bpreas ocáid faoi fhoireann na hÉireann le linn Craobh na Sé Náisiún. Tá sé san Aifric Theas faoi láthair agus é ag imirt le Leoin na hÉireann is na Breataine. Iar dhalta é sin ó Choláiste Samhraidh i gConamara. Tá a thuilleadh dá leithéid uainn – seachas níos lú. Ach is cosúil go bhfuil an Rialtas – nó an Roinn Oideachais ar a laghad – ag iarraidh go mbeadh deireadh le ré na gColáistí Samhraidh.

Cá fhad go dtí go mbeidh siad á dhúnadh ceal ioncaim?

An ‘Ghaeilgeoir’ dheireannach leis an Ghaeltacht a fhágáil, ba cheart do nó di na soilse a mhúchadh….

2 thuairim ar “An tua ag titim ar Choláistí Gaeilge

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    An ‘Ghaeilgeoir’ dheireannach leis an Ghaeltacht a fhágáil, ba cheart do nó di na soilse a mhúchadh.Bheadh sé seo oiriúnach do mana an Fhorais.

    Freagra
  2. Seán Mícháel O Donnchadha

    Cuireann an tagairt do na scolairí samhraidh i gcuine dom mo thuras féin don Ghaeltacht in Oileán Cléire in Iarthar Chorcaí agus Báile na Sceilge i gCiarraí Theas .Sea labhramar Béarla aon uair gur féidir linn ach nuair a bhíomar níos sinne fuair mise amach go raibh síol na Ghaeilge curtha ionam agus thosnaíos ar an teanga a athfhoglaim ag meanaois.I mo thuairmse bionn fiúntas i gconaí do dhaltaí scoile dul go dtí an Ghaeltacht.Chuaigh mo phaistí féin go Chorca Dhuibhne agus baineadar an – sult as.Is mór an trua dá mbeadh na Coláistí Samhraidh thíos leis an culú eachnamaíochta mar go bhfuil tabhacht mór leo sa gheilleagar Gaeltachta.Freisean cabhraíonn sé leis na déagóirí ón Ghaeltacht féin chun mheas a chothú don Ghaeilge ag am dá saol nuair a bhionn sé ag úsáid alán béarla.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s