Trí bheart ‘stairiúil’ ó thuaidh in aon lá amháin

Tharla trí rud éagsúil inniu i dtuaisceart na hÉireann – nó TÉ más fearr leatsa – a luaifear an focal ‘stairiúil’ leo amach anseo.

Tháinig sé chun solais go raibh grúpaí paraimilitigh dílseacha – drongadóirí drugaí is piompaí striapaigh chomh fada is a bhaineann sé liomsa, briogaideoirí mar a thugann siad féin orthu féin – tar éis roinnt dá gcuid arm a chur ó mhaith. Stairiúil.

San Ard Chúirt, tugadh breith a chinntigh ná raibh gá don iriseoir, Suzanne Breen, a cuid nótaí faoi agallaimh a rinne sí le baill den bhFíor IRA maidir lena gniomhaíochtai a thabhairt don PSNI. Breith tabhachtach, dar le roinnt, é seo a chinnteoidh nach gcuirfear an phreas faoi chois, go h-iomlán, ar feadh seal eile.

Agus, ansan, ‘faoin radar’, más maith leat, ghabh an BBC leithscéal as ucht gur rinne duine de comhfhreagraithe polatúla an staisiún beag d’oráid Ghaeilge an fheisire Eorpach atofa, Bairbre de Brún, agus í ag ceiliúradh a bua sa toghchán ag tús na seachtaine. Fhaid is a bhí sí ag labhairt i nGaeilge, d’íslíodh an fuaim agus lean sé air ag labhairt i mBéarla. Nuair a rinne Pobal gearán faoi seo, fuair siad litir ón BBC ag gabhail leithscéil diultú leithscéal a ghabhail de bharr go raibh an litir gearáin i nGaeilge. Scéal seafóide nach bhféadfá a chumadh.

Ach inniu – nó inné – ghabh an BBC leithscéal as seo. Stairiúil. Ní doigh liom gur tharla a leithéid riamh roimhe. Mar sin féin, is é an teist anois cé acu an mbeidh athrú dearcaidh ar an gcraoltóir san am atá romhainn.

Is cuimhin liom David Trimble, an cuimhin leatsa é, ag labhairt go tarcaisniúil agus é faoi agallamh faoin ró úsáid a bhaintear as an bhfocal stairiúil. Tá brí leis an méid a deir sé. Ag an am chéanna, tá barúil agam go bhfuil leithscéal an BBC chomh tabhachtach nó níos tabhachtaí ná an dá rud eile a luaigh mé.

Cad é bhúr mbarúil?

Agus sara ndeinim dearúd ar, fair plé do Shinn Féin as an brú a chur ar an BBC ar an gceist. Ní fheadar an é ná raibh dúil acu labhairt i nGaeilge leis an BBC go dtí go raibh leithscéal ón gcraoltóir, mar ar thug mé dúshlán don pháirtí a dhéanamh, agus gurb é sin an fath ar bhrúigh siad an cheist go h-eifeachtach, an iarraidh seo, nó an bhfuil dearcadh an pháirtí i leith na Gaeilge agus éilimh phobal na Gaeilge ag eirí níos dearfaí agus níos gniomhaí. Ach is toradh é ar fiú aitheantas a thabhairt do. An chéad tasc eile: tabhairt ar chraoltóirí sa BBC, iad san nach bhfuil ag craoladh as Gaeilge, ainmneacha i nGaeilge a fhoghrú mar is ceart, mar a dheinfídís le ainmneacha i dteanga eile.

Déarfaidh lucht SF nach mbím riamh shásta – agus an cheart acu. Ach is é sin gnó na polataíochta nach ea?

6 thuairim ar “Trí bheart ‘stairiúil’ ó thuaidh in aon lá amháin

  1. séamus Mac Seáin

    a choncubhair a chara ní chuirfinn ró bhéim ar leithsceal an BBC.Tá gach dream ag gabhail leithscéal ar na saolta deireannacha seo. ní mé an aois an “MEA CULPA” a thabharfar ar an treimse seo nuair a bheas an stair a scríobh.An Eaglais Chaitiliceach,an Rialtas ó dheas,Gordan Brown,David Cameron,gach ball beagnach de phairlimint na Breataine agus anois an BBC.in ainm Dé a choncubhair gan fiú go dtug Tony Blair leithsceal as coir an GHORTA MHÓIR i nÉirinn. Ta mé féin ag amaoineamh dairíre ar leithsceal a ghabháil le muintir na hÉireann nach bhfuil ribe ar mo mhaol.Gabh mo leithsceal as a bheith chomh leadránach seo MEA CUPA.do bharúil an mó laethe go gcluinfidh muid SORRY ón UVF as an dochar uilig a rinne siad thar na blianta?

    Freagra
  2. colm

    Aontaím le Séamas. Is maith agus is mithid, ach ní dóigh liom go bhféadfaí an focal “STAIRIÚIL” a chur ina leith.
    Nuair a shocráitear slám mór cláracha Gaeilge a chur amach ar an mBBC gach lá, ansin féadfaidh muid a ra gur beart stairiúil é.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    I bhfianaise a laghad dul chun cinn atá déanta ag an nGaeilge sa BBC – seachas ar an imeall – tá sé ‘stairiúil’ a dhothain go bhfuil an Craoltóir sásta leithscéal a ghabhail. Ach nílim ag iarraidh dul thar fóir leis an moladh – cé go ritheann sé liom go bhfuil an Ghaeilge brúite faoi chois go mór ag RTÉ agus dualgas ar an gcraoltóir í a chur chun cinn agus ní raibh riamh leithscéal faoi.
    Beidh gá le céim shuntasach chun tosaigh – agus ní doigh liom gurb é seo é. Ach is céim sa treo ceart é. Anois caithfear an brú a ghéarú le cinntiú go leanfaidh an gluaiseacht chun tosaigh.

    Freagra
  4. Feirsteach

    Mar eolas, bhí go leor gearáin imithe isteach, an chéad ríomhphost a thug m’aird féin air ná ó Phól Deeds, sa Droichead. Chuir go leor eile agus chuir Janet i bPobal gearán isteach le cinnirí an BBC ar ár son nuair nach bhfuair muid freagra sásúil ó lucht freagraithe na ngearáin sa BBC.

    An mbeidh éinne ag dul go Dáil Uladh (Comhaltas Uladh/Chonradh na Gaeilge) ag an deireadh seachtaine?

    Freagra
  5. Duine gan Ainm

    A Fheirstigh, tá mé sásta leis an toradh a bhí ar an Dáil Mhór inniu. Ach an bhfuil a fhios agat seo, tá mé den bharúil gur tábhachtaí i bhfad anois deireadh a chur le Comhaltas Uladh, agus an Conradh a fhorbairt mar eagraíocht cheart náisiúnta. An t-aon seans a bhí ag an Chomhaltas maith mór a dhéanamh ná a bheith ar thús cadhnaíochta ag am shíneadh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus pobal iomlán Uladh a tharraingt le chéile ar cheist na Gaeilge ar fud na Cúige. Ach, ina áit sin, fágadh an t-urlár ag dream Sé Chontaethacht darb ainm Pobal (dream atá éifeachtach sa réimse teoranta sin), agus ligeadh don chríochdheighilt dul i neart i saol na Gaeilge (rud nach raibh riamh ann roimhe seo).

    Freagra
  6. Niall Comer

    A dhuine gan ainm,
    Ní shílim gur cuidiú ar bith a rá gur ‘tábhachtaí deireadh a chur le Comhaltas Uladh’. Níl mé a mhaíomh nár chóir go mbeadh an Conradh ina eagraíocht cheart náisiúnta agus aontaím ar fad go bhfuil gá le comhoibriú a fhorbairt agus a dhaingniú i ngach gné d’obair an Chonartha. Ná déanaimis dearmad, áfach, nár tháinig athrú ar bith ar obair an Chomhaltais ó chéad lá a bunaíodh é. Déanann Craobhacha an Chomhaltais (Chonradh na Gaeilge) an obair chéanna agus a dhéanann na craobhacha eile sa tír – eagraíonn siad ranganna, cuireann scoláireachtaí ar fáil le páistí a chur chun na Gaeltachta, agus déanann sé sin go héifeachtach. Easpa bolscaireachta nó easpa gníomhaíochta i mórimeachtaí ghluaiseacht na Gaeilge, b’fhéidir, is cúis leis an dearcadh diúltach a bhíonn ag daoine áirithe ar an Chomhaltas agus dearcadh ann fosta gur eagraíocht rúnda atá ann. Ar chóir dúinn, mar sin, deireadh a chur leis na Dálaí eile? I mbunreacht leasaithe Chonradh na Gaeilge, tá sé de chead ainm Chomhaltas Uladh a choinneáil agus is ionann sin agus a rá gurb ann dó. B’fhearr i bhfad aird a dhíriú ar chairdeas, chomhoibriú agus eile a neartú idir an Comhaltas agus na Dálaí agus, in áit a bheith ag caint ar ‘dheireadh’ a chur le heagraíocht a sheas ar son na Gaeilge roimh Aoine an Chéasta agus ina dhiaidh.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s