Foinse – an ‘nuachtán is fearr ag pobal na Gaeilge’? Ní doigh liom é!

Tá go leor scríte anseo le seachtain faoi chás Foinse – agus sílim go raibh sé cothrom don nuachtán agus an priacal ina raibh sé – agus ina bhfuil sé go fóill.

Má tá an cothromas le leanacht, ní mór dom a rá go gcreidim go raibh caighdeán an nuachtáin imithe i léig go mór, ní le gairid ach ó thús 2000 cheapfainnse. Bhí cuma stálaithe ar an bhfoilseacháin ó thaobh dearadh de agus ní raibh ach corr seachtain ann gur shíl mé gur bhuail siad an marc le tuairisc nuachta. Tá na h-ailt tuairimíochta, taobh amuigh de chúpla éiseacht, gan bhrí gan téagar – motháim nach bhfuil tada fiúntach nó substaintiúil ráite in altanna na bpríomhcholúnaithe, Póílín Ní Chiaráin nó Cathal Mac Coille, le mo chuimhne. Athrá a bhionn iontu de ghnath ar an méid atá ráite ag trachtairí aitheanta sna meáin Bhéarla an tseachtain roimhe, dar liom.

Cén fath an racht seo uaim anois? Ag léamh dom Tuarascáil na maidine seo san Irish Times, tugaim faoi ndeara na sliochtaí seo i gcolún Phoil Uí Mhuirí ar an ábhar seo.

Tá an nuachtán Gaeilge is fearr dá raibh ag pobal le Gaeilge le glúin ar tí druidim

Agus:

an nuachtán Gaeilge is fearr atá ag lucht na Gaeilge le fada a chailleadh

A leithéid de bhladhmann ón Mhuiríoch, fear atá ag scríobh ‘colún’ do Foinse le fada an lá. Agus ansan deir sé an méid seo:

Seo nuachtán a thug dúshlán gach aon dreama eile lena gcuid féin a dhéanamh d’earnáil na nuachtán agus rinne siad go stuama céillí agus gan bladhmann é.

Níl a fhios agam conas ar féidir le h-eagarthóir Ghaeilge an Irish Times alt a scriobh faoin ábhar seo, priacal nuachtán Ghaeilge agus iad ag plé leis an bhForas, gan Lá Nua a lua. Shamhlófá go raibh sé ábharach. Ach creidim go dtuigim cén fath. D’eirigh leis an Irish Times clúmhilleadh a dhéanamh faoi dhó ar lucht Lá – agus b’é Ó Muiri a scrigh an dhá alt. Níl a fhios agam an bhfuil cosc air ón Eagarthóir, Geraldine Kennedy, Lá/Lá Nua a lua ach shamhlófá go raibh sé ag iarraidh gan Lá a lua ar chúis éigean.

Ar aon nós, tá sean taithí agamsa ar iriseoireacht aisteach Uí Mhuirí chomh fada agus a bhaineann sé Lá Nua agus tá’s agam go dtuigeann sibh an seasamh atá agam.

Cúpla uair ina alt tógann Ó Muirí an cheist faoin slí ar thárla an titim amach is déanaí idir an bhForas agus Foinse/Moinéar Teo. Bheinnse ag tógáil ceiste faoi sin freisin. Cheapas i gcónaí go raibh caidreamh ana shocúil idir an dhá dream.

Ach é sin ráite, ni mór dúinn a thuiscint nach dtuigeann Foras na Gaeilge gnó na bhfoilseacháin. Níl aon duine i measc na gcomhaltaí, a bheadh saineolas acu cé go bhfuil cúpla duine ar an mbórd a bhí ag obair le nuachtán nó ag solathar altanna do nuachtán.

Nílim ag maíomh má dheirim gur ag Lá is fearr atá an taithí ar nuachtáin Ghaeilge. Bhí sé ag daoine romham ann – agus ansan bhí páirt agam féin i mbunú nuachtán laethúil Ghaeilge, an t-aon nuachtán laethúil i dteanga Cheilteach d’aon tsort riamh agus d’eirigh linn sin a dhéanamh i 2003. Dheineamar é gan cead a lorg ón bhForas ach bhí an Fhoras ann ar lá a seolta, ag oscailt na mbuidéil seaimpéin is ag ól is ag ithe na smailceanna a cuireadh ar fáil.

Bhí go leor lochtanna ar Lá, an nuachtán laethúil, ach locht amháin ná raibh air nár aithin an fhoireann go raibh orthu leanacht ag cur barr snáis ar an nuachtán i gcónaí, ag forbairt, ag feabhsú, ag athrú. Ba phroiseas leanúnach a bhí ann -bhaineamar triail as rudaí ag féachaint cé acu an n-oibreodh siad. Nuair nár oibrigh, rinneamar leasuithe agus athruithe go dti gur oibrigh nó dtí gur dheineamar cinneadh rud eigean eile a thriail.

Na nithe sin ar fad, ní fhéadfadh leithéid an Fhorais iad a thuiscint. Ní bheadh gá le saineolas ar nuachtáin chun iad a thuiscint – ní bheadh gá ach le daonnacht. Ach sin rud nach bhfuil i measc acmhainní an Fhorais, de réir dealraimh.

Cinnte tá cuid is mó den cheart ag Ó Muirí nuair a deir sé:

Bhain Móinéar an conradh do nuachtán seachtainiúil nuair a bhí Bord na Gaeilge ann; bhain siad é nuair a bunaíodh Foras na Gaeilge agus lean siad de bheith á bhaint. Léirigh an méid sin féin éifeacht a gcuid oibre agus léirigh breithiúnas cruinn ceart an Fhorais gur thuig siad fiúntas an tionscnaimh a bhí acu.

Dá bharr sin, shílfeá, as measc gach aon rud eile, go mbeadh an caidreamh oibre idir Móinéar agus an Foras ag éirí níos doimhne agus níos rathúla le himeacht na mblianta. Shílfeá go dtuigfeadh an dá dhream a chéile faoi seo.

Ní thuigeann an Fhoras páirtíocht cé go mbionn siad ag caint faoi go minic. Lig siad Lá/Lá Nua chun báis cé go raibh, is dócha, breis is milliún euro caite acu leis. Tá i bhfad Éireann níos mó caite acu ar Foinse – agus tá siad sásta é sin go léir a ligint le sruth agus an tuairim seo á scaipeadh, via an Aire Uí Chuív, go bhféadfadh go mbeadh grúpa eile amuigh ansin a chuirfeadh nuachtán ar fáil ar airgead níos lú ná mar a bhí lorg ag Foinse.

Bíodh is go bhfuil an Druma Mór/Nuacht 24 ann agus iad ag déanamh sar obair, agus nach bhfuil pingin faighte acu ón bhForas, táim ag ceapadh nach mbeadh an Fhoras ag smaoineamh ar tacú leis an dtogra fiúntach sin. Tá sé ró ‘thuaisceartach’ nó tá sé ró ‘neamhspleach’ nó tá sé ró ‘nuálach’. Ní féidir smacht a chur air – nior thosnaigh sé le deontas ón bhForas. An t-aon deontas a fuair Nuacht 24 an t-am agus an duthracht a chuireann an t-eagarthóir agus a fhoireann ar fáil don togra seachtain i ndiaidh seachtaine.

I gcás Foinse, ba ar airgead stáit ar fad a bhí sé beo. Ní raibh sé beo ar dhíolachán – tá meastúcháin éagsúla feicthe is cloiste agam den díolachán a bhí á dhéanamh ag Foinse ó sheachtain go seachtain – idir 4,000 agus 6,000 cóip. Níl a fhios agam go cinnte ach is é mo bharúil gur ró mheastúchán a bhí anseo – nó ba é 6,000 an díolachán is mó a bhí ag an nuachtán de réir ABC ach bhí dáileachán ‘saor’ a deineadh leis an Independent san áireamh le sin agus nior deineadh aon dáileachán saor dá leithéid ó shin mar gur athraíodh na rialacha ag cur cosc ar áireamh na cóipeanna a dáíleadh go saor i measc cóipeanna díolta.

Mar sin de, níl aon áireamh údarásach ann. Níl ann ach meastúcháin.

Is cinnte go bhfuil Foinse ag fulaingt mar atá nuachtáin eile ar fud na cruinne de bharr an laghdú i bhfograíocht. Ach ní gnath fograiocht a bhí i Foinse – ní bhíodh Dunnes Stores nó Tesco ag ceannach leathnaigh iomlána chun fogairt a dhéanamh ar na slad mhargaí is déanaí acu. Fograíocht stáit a bhí i gceist agus bhí an fhograíocht sin á fháil acu de bharr go raibh siad lonnaithe ó dheas agus gur chreid na rannoga stait is na h-eagrais poiblí go raibh orthu fograíocht a dhéanamh i nGaeilge de bharr Acht na dTeangacha Oifigiúla. Agus nuair a fuair siad amach nár ghá seo a dhéanamh, nuair a dhiultaigh an Aire Ó Cuív an fhoráil sin san Acht a chur i bhfeidhm i mí Bealtaine 2008, a d’athraigh an phort. Laghdaíodh go mór ar an méid fograíochta i nGaeilge i nuachtáin ar nós Foinse agus Lá Nua – cé go bhfaca mé go leor fógraí ‘dhá theangacha’ i nuachtáin eile ó shin, fograí a bhionn i bhfad níos costasaí ná mar a bheadh sé fogra i mBéarla a fhoilsiú i nuachtán Bhéarla agus fógra i nGaeilge sa nuachtán Ghaeilge.

Táimse ar son Foinse – cé go bhfuilim cáinteach anseo faoi chaighdeáin an nuachtáin, ní doigh liom gur féidir locht a chur ar an bhfoireann buan nó tá siad ag obair le na h-acmhainní atá acu agus b’fhéidir go bhfuil daoine ann ar mhalairt tuairime liomsa faoi chaighdeáin an nuachtáin. Dar liomsa nach aon ghar do Foinse go mbeadh leithéidí Pól Ó Muirí á moladh go h-ard na spéire nuair nach bhfuil an moladh sin tuillte acu.

Táim ar son Foinse a choinneáil mar go gcreidim gurb é sin an slí is fearr le h-iriseoireacht chlóite na Gaeilge a thabhairt slán agus má tá an nuachtán beo, is féidir feabhas a chur air.

Mothaímse nach bhfuil Ó Muirí géar a dhothain ar an bhForas ina alt – ar ndóigh b’fhéidir nach féidir leis a bheith nó nach é eagarthóir Comhar freisin, an iris mhiosúil atá ag fáil deontas substaintiúil, breis is €11,000 in aghaidh an eagráin i 2008. Mar sin de, fiú má theipeann Foinse, beidh seisean go fóill beo ar dheontas ó Fhoras na Gaeilge.

Sa pharagraf deireannach den alt, deir Ó Muirí:

Tá an nuachtán Gaeilge is fearr dá raibh ag pobal le Gaeilge le glúin ar tí druidim. Tá an Foras agus Móinéar Teo ina seasamh ar aill. Ní gá dóibh titim léi; níor chóir dóibh titim; níor cheart go ligfí dóibh titim.

Níl an Fhoras i mbaol ar bith. Má theipeann orthu teacht i gcabhair ar Foinse, leanfaidh siad orthu. Beidh siad beo. Beidh foireann Foinse ar an dól – ach nár chuir Foras na Gaeilge daoine ar an dól roimhe agus nior chuir sé isteach orthu? Agus ní chuirfidh sé isteach nó amach orthu go mbeidh níos lú measa orthu de bharr an chinnidh – an bhféadfadh meas nios lú bheith ar an bhForas ná mar atá?

Mar a tharlaíonn sé tá alt eile ag Ó Muirí a léiríonn go beacht an mí-eifeacht seo. Tuairiscítear go bhfuil na coimisiún a rinne an Fhoras ar leabhair nua don bhliain seo tarraingthe siar ag an bhForas agus gur ‘trí thaisme’ a cuireadh amach litreacha chuig na bhfoilsitheoirí ag fogairt is ag diultú coimisiúin roimhe seo.

An bhfuil Foras na Gaeilge chun deireadh a chur le scriobh na Gaeilge mar ghairm ar fad i mbliana agus scríobh leabhair Ghaeilge a fhágáil faoi na páistí scoile?

13 de thuairimí ar “Foinse – an ‘nuachtán is fearr ag pobal na Gaeilge’? Ní doigh liom é!

  1. Seán

    Ba thrua dá mbeadh an cuma air nach raibh de phríomhfheidhm straitéiseach ag áisineachtaí stáit, idir pholaiteoirí agus eagraíochtaí reachtúla na Gaeilge thuaidh/theas, ach díchumhachtú an phobail. Ní amháin go bhfuil Lá básaithe, ach a bhás (leoga, a shaol!)curtha as cuimhne. Bagairt ar leith atá sa chineal seo de bholscaireacht mar go gcuireann se daoine in éadan a chéile. Faoi láthair, tá Ó Cuív ag baint úsáide as Foras na G le \’cónascú\’ a bhrú gan ciaill gan cúis ar eagrais neamhspleácha Gaeilge (ina dhiaidh dó a rá le deich mbliana anuas nach dtiocfadh leis tionchar a imirt ar chaiteachas an Fhorais mar go mbeadh sé seo \’polaitiúil\’!). Beidh sé seo maith don Ghaeilge a deir sé, maith don cur chuige uile-Éireannach, ach i bhfírinne tá sé ag baint Chomhaontú Bhéal Feirste as a chéile de bhrí gur imir SF agus SDLP feall air nuair a thug siad an Roinn Chultúir chuig na haontachtaithe. An bhfuil rialtas na hÉireann ag dul a bheith freagrach go hiomlán as fhorbairt na Gaeilge a mhaoiniú fud fad na tíre as seo amach? Díreach mar a dhéanann sé le TG4 nach léiríonn ach ar éigin saol ná blas an tuaiscirt, agus gan dualgais ar bith ar an stát ó thuaidh seirbhís a chur ar fáil? Tá loighic an chur chuige seo lán chomh lochtach is atá cur síos Uí Mhuirí ar Fhoinse– togra eile \’náisiúnta\’ nár bhac leis an tuaisceart a riamh. Le cur chuige uile-Éireannach a chur i bhfeidhm go héifeachtach, caithfear guthanna láidir, neamhspleácha a bheith ann ó thuaidh, leis na blianta de leatrom agus neamhmart a athrú.

    Freagra
  2. amhlaoibh O hiodrascail

    Cad a tharla idir tú agus O Muiri. Bionn sibh i gconai ag saraiocht ar a cheile

    Freagra
  3. Laughter

    Cupla ‘LOL’ duit:

    Okay, okay:

    LOL #1: seo an duine a bhí i mbun Lá… agus é ag gearán faoi Foinse!
    LOL #2: Nóta fán sár obair atá ar bun ag Nuacht 24, tá sár airgead infheistithe acu ins an tionscail Paipéir A3 / Staples.
    LOL #3: An Druma Mór/Nuacht 24 neamhspléach?? Em… Máirtín ‘I’m-Sorry-Gerry’ Ó Muilleoir aka Dustin the turky, aka “the ex”… brón orm salann a rubáil isteach sna woundí.

    Freagra
  4. RG Cuan

    LAUGHTER:

    Níl baint ná páirt ag Máirtín Ó Muilleoir leis an Druma Mór srl. – tá dul amú ort a mhac.

    Agus nach dtuigeann tú an frása, ‘gan deontas’? Níl faic á fháil ag lucht Nuacht24 as an nuachtán a chuireann siad ar fáil gach seachtain. PDF atá ann go príomha chomh maith mar sin ní fiú bheith ag caint ar ‘staples’.

    Freagra
  5. Concubhar O Liathain

    Ní thuigim an chaint atá ag Laughter. Táim ag tacú le Foinse – ceapaim go bhfuil feabhas le cur ar an nuachtán agus ceapaim go bhfuil cuid de na colúnaithe lag. Ach sin mo bharúil – an féidir le h-éinne a rá go mbionn siad ag súil le Póilín Ní Chiaráin nó Cathal Mac Coille a léamh gach seachtain, faoi mar a bhí go leor ag súil an cholún is déanaí ó Dhónal Mac Giolla Chóil nó ó Philip Cummings a léamh?
    Tá bród orm faoin méid a baineadh amach ag Lá nuair a bhíos ann, mar thuairisceoir agus mar eagarthóir. Ach nílim dall ar na lochtanna a bhí ar an nuachtán agus orm féin – is cosúil go bhfuil ‘Laughter’ dall ar chuile rud, an fhírinne go h-áirithe.
    Má thagann Foinse slán ón bpriacal seo ach mura bhfoghlaimíonn siad go bhfuil gá le h-athruithe agus le h-athshamhlú iomlán ar an nuachtán, beidh dearúd ollmhór á dhéanamh acu dar liom….

    Is fiontar íontach é Nuacht 24/An Druma Mór agus is mór an chreidiúint dóibh an obair a dheineann siad. Tá súil agam go n-éiríonn leo an conradh a fháíl le h-aghaidh an seirbhís físe ar líne – conas mar ar eirigh le na h-agallaimh a chárde?

    Freagra
  6. séamus Mac Seáin

    maidir le hagallaimh an chiste chraoltóireachta a Choncubhair níl an teolas uilig agam nó níor mhaith liom ceist a chur ar na daoine a bhí páirteach san agallamh cé gur dóiche go gcluinfidh muid ar ball ach is eol domh(1) go mb’éigin an tagallamh a dhéanamh i mbearla (2) go raibh Maurice Hayes ar an phainéil (gabh mo leithscéal an DR maurice hayes nó tá sé beadaí faoi na teidealacha (3)go mb’éigin do Ferdia Mac an Fháiligh sos a ghlacadh ón saol iontach gnóthach atá aige le bheith i lathair mar “breathnaíthéoir”.Nach aoibhinn saol an ” Aparatchick” má chluinim rud ar bith eile cuirfidh mé ar aghaidh é.an tré dhearcacht abú.

    Freagra
  7. MiseÁine

    Gabh mo leithscéal, a Shéamais, mar nílim iomlán eolach ar an ábhar seo, ach an bhféadfadh sé a bheith amhlaidh go mbeadh agallaimh a bhaineann le deontais nó maoiniú ón bhFóras, deontais a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge, á ndéanamh trí mheán an Bhéarla?

    Freagra
  8. igaeilge Údar an Ailt

    Níl Foras na Gaeilge ag maoiniú an Chiste Craoltóireachta – go bhfios dom – agus mar sin de níl sé á riar de réir rialacha an Fhorais, cibé iad san. Bhí Ferdie Mac an Fhailigh i láthair mar bhreathnóir ar an bproiseas agallaimh agus ní raibh aon feidhm eile do bheith ann, go bhfios dom.

    Freagra
  9. RG Cuan

    Tá an Ciste Craoltóireachta ó thuaidh mar chuid de NI Screen, a chothaíonn earnáil na teilifíse srl. sna sé chontae.

    Chomh maith leis na Gaeil, tá mé iomlán cinnte go raibh ionadaithe de chuid NI Screen san agallamh mar sin ní thiocfadh an rud ar fad a dhéanamh as Gaeilge.

    Ach nach cuma, fhad is go roghnaíonn siad an dream ceart leis an tseirbhís nua seo a chur ar fáil?!

    Freagra
  10. igaeilge

    Aon sceal, rg, a thabharfadh le fios go raibh an chonradh seo buaite ag an dream ceart?

    Freagra
  11. MiseÁine

    Go raibh maith agat, a RG, as an ábhar sin a shoiléiriú dom. Bhí mé féin den bharúil go raibh an CC ag obair as a stuaim féin in earnáil teilífise na Gaeilge. Mar a dúirt tú, is cuma. A fhad is go roghnófar is dream is fearr le haghaidh an jab a dhéanamh.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s