Rírá – an ghreannán

riraIs iomaí rírá i saol na nGael. Bhíodh clár teilifise ann, tá staisiún ráidió ann. Deirtear liom go raibh club oíche i mBaile Átha Cliath – agus b’fhéidir go bhfuil sé ann fós.

Anois seo chugainn ‘RíRá’ an ghreannán nó, mar a deirimíd sa Ghaeltacht, an choimic! Is cinnte go bhfuil cuma snásta air agus, le bheith cothrom, tá tacaíocht faighte ag an dtionscnóir, Aidan Courtney, ó Fhoras na Gaeilge don chéad eagrán.

De réir dealraimh go bhfuil sé i gceist leaganacha Ghaeilge de Tintin agus Asterix a fhoilsiú – ar fheabhas! Sílim go mbeadh sin ar fheabhas – níos fearr fós dá ndeinfí iarracht greannán a éisiúint ina mbeadh scéalta Fiannaíochta. Táim cinnte go bhfuil go leor ábhair ann.

Is brea liom na leabhair atá á fhoilsiú ag Cló Mhaigh Eo le blianta beaga anuas – An Táin agus, le gairid, Deirdre agus Mic Uisnigh. Tá an chaighdeán iontu gan amhras – ach níl siad ar fáil go forleathan. Sin atá de dhíth – go bhféadfá dul isteach i nuachtánaí ar bith agus teacht ar ghreannán ar nós ‘RíRá’ – cothrom na Gaeilge den ‘Beano’ nó an ‘Dandy’.

I bhfianaise na deacrachtaí atá ag Foras na Gaeilge i ghnó na bhfoilseachán trí chéile, tá éadochas orm go mbeidh todhchaí fad téarmach ag RíRá. Tá an cuma atá air go h-íontach – ach an bhfuil an tacaíocht ann do?

9 dtuairim ar “Rírá – an ghreannán

  1. aonghus

    Ní chuirfidh siopaí earraí Gaeilge ar na seilfeanna muna bhfuil díol orthu. Agus muna bhfuil sé éasca plé leo.
    Le marbhfháisc ag Newspread agus Easons ar dháileadh treimhsiúcháin, níl sé éasca plé le mionmhargadh – agus is mionmhargadh lucht na Gaeilge.

    Bhíodh deacrachtaí leanúnacha ag an siopa ina cheanníodh mé Lá agus Foinse – gan na nuachtán a bheith tagtha, nó i bhfad an ionarca tagtha, agus gan aon cheangail idir an méid a fuair siad agus an sonrasc. Sin breis obair d’fhear nó bean an tsiopa. Agus fíor bheagán tairbhe dóibh as.

    Sin an dúshlán! Dáileadh ar mionphobal scaipthe.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ar ndóigh is é an t-idirlíon an freagra le h-aghaidh nuachtáin -rud atá pléite agam go minic anseo. Is cinnte go mbíodh deacrachtaí ag na siopaí – ach creidim féin gurb iad na dáilitheoirí gan Ghaeilge a bhí ag cothú na deacrachtaí seo seachas sonraisc ná raibh ag réiteach le líon na gcóipeanna. Dá gcaithfidís an beart mícheart isteach i siopa amháin, ba chuma leo, agus leanfaidís ag caitheamh na mbeart mícheart i ngach siopa.

    Maidir le greannáín, creidim go mbeadh sé úsáideach mar thriail RíRá nó a leithéid a scaipeadh ar gach bunscoil sa tír le dáíleadh i measc na ndaltaí scoile. Cúpla comórtas a cheangail leis – cúpla breagán a bhronnadh ar dhuaisbhuaiteoirí. Siamsaíocht agus oideachas in aon bheart amháin, an bhféadfá é a sharú?

    Freagra
  3. aonghus

    Gan Béarla ná Gaeilge a bhí na dáilitheoirí sílim! Ní raibh Lá i mbeart leis féin riamh, ach mar chuid de bheart a chuir Newspread nó Easons fé seach le chéile. Agus ní le nuachtáin Gaeilge amhain a bhaineann an fadhb.

    Maidir le do mholadh RíRá a scaipeadh, cinnte sin an rud le déanamh. Cé dheánfaidh urraíocht air! (Dream éigin seachas Folús na Gaeilge! CocaCola nó dream éigin mar sin?)

    Freagra
  4. séamus Mac Seáin

    a Sheáin ta an greannán ar fail ag an CEATHRÚ PÓILÍ sa chultúrlann i mBéal Feirste nó bhí roinnt lá ó shin ar scor ar bith má scáirteann tú ar ÁINE,ar PHÁDRAIGÍN,nó ar SHÉAMAS
    ag028(048)90322811 tá me ag déanamh go gcuirfidh siad chugat é

    Freagra
  5. Seán Mór

    Chuir me cúpla cóip in áirithe me fein do na girseachaí, ón Chultúrlann… mo bhuíochas a Shéamais. D’iarr mé ar oibrí dár gcuid roinnt cóipeanna a fháil do phaistí an cheantair fosta.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s