Inside Ireland – suíomh dhá theangach nuachta?

insideirelandBhí a fhios agam le tamall go raibh an suíomh seo ar an slí – agus anois tá Inside Ireland seolta. Tá aithne dhom ag duine a bhí – agus b’fhéidir go bhfuil sé fós – ag obair ann agus duine maith cumasach é.

Ag an am chéanna is beag nuachta a fheicim ar an suíomh seo. Léirmheas ar bhailiúchán de cheol Chopin an phríomhscéal ar an bpríomhleathnach Ghaeilge. Agus deirtear linn gur seo suíomh nuachta sa réimse ghnó. Tá duine éigean ag magadh.

Bhí leid faoi bhunús an suímh seo ag bun cholún ar leathnach eile – fogra ó Fhoras na Gaeilge ag fógairt gurb iad na príomh pháirtithe teanga ag Inside Ireland.

Ní thuigim cad a chiallaíonn sin – an bhfuil airgead á fháil ag Inside Ireland ón bhForas? Má tá, is bocht an teist é seo ar an luach a chuireann siad ar airgead nó níl an suíomh seo nuachtúil i nGaeilge agus, go bhfios dom, is beag nuachta atá ann i mBéarla ach an oiread.

Dealraíonn sé liom nach bhfuil ag titim amach anseo ach go bhfuil corr alt fánach, neamhchonspóideach, á aistriú go Gaeilge agus á fhoilsiú. Ní thuigim an suim atá á léiriú i gceoltóirí clasaiceacha agus ansan tá léirmheas ann ar Star Trek (maith go leor) agus scéalta ghnó atá seachtainí nó míonna as dáta?

An léiriú é seo eile ar chomh tuatach is atá Foras na Gaeilge sa réimse seo oibre – an tarbh san ollmhargadh….

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s