Foras na teipe

Fuaireas mo choip de Nuacht 24 inné. Tháinig sé tríd an phost ó Bhéal Feirste le linn na deireadh seachtaine. Miorúilt de sort é seo, go h-áirithe i ré an deontais, go bhfuil ar chostas an íseal, níos lú ná €1 an chóip, nuachtán de chaighdeán chomh h-ard is atá Nuacht 24.

An phríomhscéal sa nuachtán seo, bhain sé le priacal Foinse agus an cheist a cuireadh: cé acu Foinse nó Foras na Gaeilge a chaochadh a súil ar dtúis?

Mar thoradh ar an gcruinniú a bhí ann Déardaoin seo chaite, thairg an Fhoras síneadh míosa ar an gconradh a bhí sínte faoi thrí nó faoi cheathair roimhe sin ar aon nós. Cheapfá le sin go raibh bob buailte acu ar Phádraig Ó Céidigh agus Móinéar Teorannta agus an brú orthu glacadh leis an dtairiscint sin, a chiallódh i bhfirinne go mbeadh ar Foinse glacadh le caillteanas €20,000 (€5,000 in aghaidh an eagráin ar a laghad).

Ach nior gheill Foinse nó níor chaoch siad a súl – ar phríomhleathnach an nuachtáin Dé Satharn tugadh le fios go mbeadh an eagrán dheireannach ann ar an 28ú Meitheamh mura mbeadh árdú shuntasach ar thairiscint an Fhorais.

B’fhéidir nár cheart íontas a bheith orainn faoi seo. Tá taithí ag Pádraig Ó Céidigh ar iomaíocht thréan le Michael O’Leary ó Ryanair. Is cinnte nach mbeadh lucht an Fhorais ábalta bheith san aerfort céanna le O’Leary, ní h-ionann agus an fhear a bhuaigh Fiontraí na Bliana cúpla bliain ó shin.

Ar an Aoine seo chaite bhí cruinniú d’fho choiste Nuachtáín agus Irisí an Fhorais. Dhéarfainn leat cé raibh ar an bhfocoiste seo ach ní féidir liom de bharr nach bhfuil ballraíocht na bhfochoistí ina eolas phoiblí fiú is nach bhfuil aoinne sa bhreis ar an seisear deag comhalta atá ar Bhórd iomlán an Fhorais ar an bhfochoiste.

An chúram a bhí ar an bhfochoiste seo féachaint ar na moltaí a bhí ag Foinse agus moladh a dhéanamh a bheadh le plé ag an gcruinniú den Bhórd iomlán an Aoine seo chugainn.

Faoin mBórd anois atá sé teacht ar réiteach, má tá an fonn sin orthu. Beidh a fhios acu nach bhfuil aon seans, mar shampla, go leanfaidh Foinse ag foilsiú fhaid is a chuardaíonn siad comharba chun glacadh leis an gcailís nimhe seo mura mbionn réiteach ar an bhfadhb seo.

Mar sin tá rogha an dhá dhíogha ag Foras na Gaeilge anois – beidh orthu conradh i bhfad níos fearr agus nios costasaí a thabhairt do Mhoinéar Teo chun leanúint le foilsiú Foinse.

Nó beidh orthu maoiniú mar is ceart a thabhairt do Nuacht 24, an t-aon dream a fhéadfadh glacadh leis an gconradh gan proiseas fada tairisceana. Is dócha má theipeann ar an bhForas teacht ar réiteach go mbeidh proiseas tairisceana nua ann – ach ní fheicim ach aon iarrthóír amháin le dealramh, sin Nuacht 24. Is iad Nuacht 24 an t-aon dream a bheidh sásta an dúthracht is an diograis is an deonachas a chur sa nuachtán ar ghá chun a leithéid seo de thogra a chothú is a bhuanú.

Seo an rud nach dtuigeann Foras na Gaeilge. Ní thuigeann siad an luach a bhí á fháil acu ó leithéidí Lá Nua agus, ina dhiaidh sin, ó Fhoinse agus, fiú nach bhfuil maoiniú á dháileadh acu ar Nuacht 24/An Druma Mór, ón nuachtán sin. Thar aon fhiontar eile a bhí á maoiniú ag Foras na Gaeilge, b’iad seo na bratloing, na feithiclí is fearr chun aidhmeanna an Fhorais a bhaint amach.

Agus anois tá siad imithe nó ar tí bheith imithe. Is minic an sean rá ó Lady Bracknell lúbtha agus úsáidte ar mhaithe leis an scéal a mhíniú – ba mhí adh an nuachtán Ghaeilge amháin a chailliúint – míchúram a bheadh i gcailliúint an dara nuachtán Ghaeilge.

Ach seo tubaiste a fhagann Foras na Gaeilge gan creidiúint dá laghad, foras na teipe ar cheart a thabhairt air feasta.

Dála an scéil, agus mé ar chuairt ar shuíomh an Fhorais anocht, thugas faoi ndeara go raibh an tuarascáil agus na cúntais le h-aghaidh 2004 imithe as radharc. Nior fhoilsíodh seo go dtí deireadh mhí Feabhra i mbliana – ach cá bhfuil an cháipéis anois?

Uasdátú: Tá an tuarascáil le h-aghaidh 2004 ar ais ar an suíomh ag Foras na Gaeilge ar maidin inniu (tabhair faoi ndeara an dáta.). Caithfidh go bhfuil siad ag léamh iGaeilge go cúramach….

12 de thuairimí ar “Foras na teipe

  1. Seosamh Ó Beirgin

    Bheul a iGaeilge, tá sé soiléir a dhóthain ón méid atá scriofa agat anois agus cheana gur áiritear thú i measc lucht tacaíochta nuachtán Feiristigh má thuigeann tú liom. Agus gan amhras, fuair tú do chóip de Nuacht 24 in am tráth agus ní raibh sé ró-dhaor agus bhí sé ar ard-chaighdeán. Ach ar mhaith leat dul isteach níos doimhne sa scéal maidir le cad atá ann go díreach? Cad faoi nuacht, spórt, ealaíon agus cultúr, litreacha chuig an eagarthóir agus na gnáth rudaí eile a theann chun nuachtán maith a dhéanamh?

    An fáth a chuirim na ceisteanna seo ort ná nach raibh mé ábalta cóip den nuachtán a ioslódáil óna suimh idirlíon aréir, rud a bhí mé in ann a dhéanamh cúpla mí ó shin. Cúpla mí ó shin ba é an tuairim a bhí agam faoi Nuacht 24 ná go raibh sé maith go leor mar rud a bhí saor ar an idirlíon ach nach mbeadh mé sásta airgead a íoc as. Chuir sé Lá agus Lá Nua i gcuimhne dom agus ní raibh mé gafa ag na nuachtáin sin ar cuiseanna éigin. Go bunúsach, níor cheap mé gur éirigh le Lá nó Lá Nua ealú ó módhanna smaointeoireachta Bhéal Feiriste Thiar agus gur chruthaigh sin fadhbanna dóibh ó thaobh ráchairte de.

    Aontaím leo siúd a deir gur Foinse an nuachtán Gaeilge is fearr a bhí ann riamh agus tá taithí agam ar Lá agus fiu Anois. Bí sé ar caighdeán sásúil ó thaobh dearaidh, abhair, dáileacháin agus eile. Nó ar a laghad níor thit an caighdeán comh híseal sin gur éirigh mé as a cheannach. Bhí agus tá sé mar chuid riachtanach dem’ deireadh seachtaine. Bheadh brón orm dá shuinceálfaí é.

    Ach má tharlaíonn sé, beidh ar an bhForas dul i muinín na bhfear ó thuaidh. Aontaím leat faoi sin. An mbeadh lucht Nuacht 24 ábalta nuachtán ar chaighdean Foinse a cruthú agus a dáileadh agus a choinneáil ag dul ar bun leannúnach fiú agus airgead deontais acu? No an mbeadh siad gafa lena gcúrsaí Tuaisceartacha fhéin?

    Mar sin, a iGaeilge, abair linn ca tá san eagrán reatha de Nuacht 24.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ní ag iarraidh bheith glic atáim, a chara, má dheirim gabh chuig an suíomh arís agus bain triail as. Ní doigh liom gur cheart aon fhadhb bunusach bheith ann.

    Ach freagróidh mé do cheist mar sin féin: sílim go bhfuil tú ag déanamh éagóir ar Lá nuair a deir tú go raibh sé ró ghafa le módhanna smaointeoireachta Bhéal Feirste agus gur chruthaigh sin fadhbanna ó thaobh rachairte de. Bhí fadhbanna ann ó thaobh rachairte de, gan amhras, ach b’shin fadhb a bhain go priomha, dar liom, le suíomh an nuachtáin a bheith i mBéal Feirste. Ní raibh éileamh ar Lá ar fud na tíre an oiread is nach mbionn éileamh ar an Irish News ar fud na tíre – ag an am chéanna bhí dearcadh uile Éireannda ag Lá i gcónaí. Bhíos féin, agus is Múscraíoch mé, im eagarthóir agus ní raibh mé gafa le ‘módhanna smaointeoireachta’ Bhéal Feirste, Chreid mé go laidir gur cheart go mbeadh nuachtán náisiúnta laethúil Ghaeilge ann agus rinne mé agus m’fhoireann iarracht fónta é sin a chur ar fáil. Ní raibh na h-iarrachtaí gan locht.

    Tá lochtanna freisin ar Nuacht 24 – gan amhras tá. Níl a dhothain spóírt ann. Níl an oiread nuachta ann is ar mhaith liom – ach sin ráite is foireann óg iad agus tá siad ag tabhairt faoin bhfiontar le spiorad agus, de réir a chéile, a thogfar an chaisleán. Tá na gné altanna i Nuacht 24 go maith – gné altanna as an nua iad seachas leaganacha Ghaeilge d’altanna Bhéarla a bhí i gcló roimhe, mar a chonaic mé cúpla uair i bhFoinse. Tá cúpla colúnaí óg atá á chothú acu – leithéidí Caoimhe Ní Chathail – atá go maith agus cúpla colúnaí eile a bheidh go maith. Tá Gearóid Ó Cairealláin ann agus bainim taithneamh as a chuid altanna i gcónaí.

    Ní aontaim leat faoi chaighdeán Foinse ó thaobh dearaidh nó ábhair de, go h-áírithe. Is é mo bharúil go bhfuil sé clochaoiseach an slí atá sé deartha agus go bhféadfadh sé ceacht nó trí a fhoghlaim ó Nuacht 24 atá slacht ar an dearadh. Tá án t-abhar nuachta sean fan am a léim é. Cúpla uair le déanaí bhi scéalta ann a bhí foilsithe timpeall is seachtain roimh ré i nuachtáin áitiúla ó dheas. Ach ní an nuacht an fhadhb le Foinse – ach na h-altanna tuairimíochta atá don chuid is mó gan téagar. Dá mba mise eagarthóír Foinse – caol seans! – chuirfinn deireadh le colúin leithéidí Poilín Ní Chiaráín agus Cathal Mac Coille ar an toirt. Dhéanfainn athdhearadh iomlán ar an nuachtán agus d’fhéachainn le foireann scriobhnóírí óga a earcú – leithéidí Dónal Mac Giolla Chóil, Des Bishop mar shampla. Agus colúnaí brea conspóideach – b’fhéidir Cilian Fennell nó duine dá chaighdeán. Duine éigean chun mé a spreagadh – seachas mé a chur im chodladh.

    D’fhéadfá a argóint go raibh sé fíor ar feadh seal gurb é Foinse an nuachtán Ghaeilge ab fhearr riamh – b’fhéidir go gcreideann tú go fóill é. Ach sílim go bhfuil tú ag cur an dubh ina gheal ort féin má cheapann tú go bhfuil sé ag feidhmiú ag an libhéal sin i gcónaí.

    Sa deireadh thiar, áfach, tá mé ar shon go mbeadh tacaiocht mar is ceart ann do Foinse agus ní doigh liom go bhfuil a dhothain ar an mbórd ag Foras na Gaeilge chun sin a dhéanamh, fiú ag an €400,000 in aghaidh na bliana a bhí luaite leis an gconradh seo an chéad lá.

    Níl a fhios agam cé mhéid airgid atá ag teastáil ach ba cheart féachaint chuige go bhfuil an nuachtán Ghaeilge nua – Foinse Nua nó cibé – ar a nuachtán Ghaeilge is fearr riamh, gan cheist, agus go bhfuil sé ionchurtha le nuachtáin ar nós Berria i dtír na mBascach. Nior cheart airgead a cheilt ar thionscnamh a bheadh sin mar sprioc aige. agus má chosnaíonn sé €1m, maith go leor, chomh fada is go bhfuil an t-airgead caite go cúramach agus go bhfuil toradh an chaiteachais le feiscint ar an leathnach. Mura bhfuil seo le déanamh, ná bac le nuachtán a fhoilsiú ar chorr ar bith. Cuir seirbhís idirlíne mar is ceart ar fáil – cosnóidh sin airgead freisin.

    B’fhéidir go gcreideann tú gur airgead amú é seo – ach sílim gur caiteachas thar a bheith ciallmhar é le go mbeadh iriseoireacht/litríocht Ghaeilge ann atá beo beathach seachas fuar marbh le tabhairt don chéad ghlúin eile.

    B’fhearr i bhfad airgead mór a infheistiú ina leithéid sin d’fhiontar seachas é a chaitheamh le faill ar phaipéarachas Rialtais a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge le go mbeadh sé gan léamh i dhá theanga…..

    Creidim gur cheart tacaíocht a bheith ann do Nuacht 24 freisin agus má theipeann ar an mhargantaíocht idir Foinse agus an Fhoras, b’fhéidir go dtarlóidh sé go bhfaighidh siad tacaiocht níos túisce ná mar a bhí beartaithe.

    San idirphlé seo ar fad, an bhfuil aon trácht déanta ar SAOL, iris tí an Fhorais, a fhaigheann breis is €70,000 in aghaidh na bliana as 12 eagrán. Tá ard mheas agam ar Cholm Ó Tórna agus an obair a dheineann sé ach an bhfuil sé in am anois Saol a chomhnascadh le Foinse/Nuacht 24 ar mhaithe le h-úsáid níos éifeachtaí den airgead a bheith ann? Tá sé suntasach freisin go ndúirt an tAire sa Dáíl nach easpa airgid ar Fhoras na Gaeilge atá ar chúl an aighnis seo.

    During question time he insisted that Foras na Gaeilge, which funds the State’s only Irish language newspaper, “has never said that it does not have enough money”.

    Mr Ó Cuív said that while Foras, the body responsible for the promotion of the Irish language, had to ensure value for money “they have never raised a shortage of funds with me”.

    Cad é atá ar chúl an aighnis mar sin?

    Freagra
    1. Seosamh Ó Beirgin

      Ok, maidir le smaointeoireacht Bhéal Feiriste Thiar, b’fhéidir gur rinne mé beagánín aibhéil. Glacaim leis gur deineadh iarracht meon uile-Éireannda a cothú ach ní dóigh liom gur bhain sibh an sprioc sin amach. Ní rud easca é, go háirithe nuair atá an nuachtán lonnaithe lastigh de zón cogaidh go meiteaforaiciúil agus uaireannta go fisiciúil. Agus aontaím leat go bhfuil cumas maith scriobhnóireachta i nGearóid Ó Cairealláin.

      Ceapaim go raibh lucht Lá ró-gafa le coinceap nuachtáin laethúla. Cé go raibh sé soiléir nach raibh margadh ceart ann do nuachtán laethúil lean siad ar aghaidh ag cur ama, allais agus airgid amú ar fiontar nach raibh inmharthana. Tá sé deacair a dhóthain nuachtán seachtanúil a cur amach gan tracht ar nuachtan laethúil. Tá a fhios agam nach n-aontaíonn tú le seo ach sin mar a fheictear domsa é.

      Aontaim leat go bhfuil caighdeán Foinse íslithe roinnt thar na blianta ach ceannaím fós é mar is nós seanbunaithe liom anois. Comhartha de nuachtán maith, nach ea, é a cheannach fiú nuair atá sé imithe leamh?

      Má tharlaíonn sé go bhfaigheann An Druma Mór / Nuacht 24 conradh agus airgead chun nuachtán a cur ar fáil tá súil agam go bhfuil sé ar comhchaighdean le Foinse nuair a bhí sé ar barr a réime, go bhfuil sé easca le fáil agus nach bhfuil sé mar cineál iris tí do radacaigh Béal Feiriste Thiar.

      Freagra
      1. igaeilge Údar an Ailt

        Tá’n ceart agat go raibh Lá an ghafa le nuachtán laethúil ach is tionscnamh an-mhór é agus bhí gá le bheith gafa leis go h-iomlán chun é a bhaint amach. Agus baineadh amach é. Agus d’eirigh leis ar feadh cúig bliana. Arbh fhiú an sprioc an dua, an t-allas agus eile a chuireamar orainn féin? Deirmse gurb fhiú – ní aontaíonn tú liom. Maith go leor sin do bharúil agus is cinnte go bhfuil daoine a aontaíonn leat.

        Ag an am chéanna, ní mór duit smaoineamh siar. B’é mar nuachtán laethúil a bunaíodh Lá – b’shin an sprioc. Dá bhféadfaí é a bhaint amach, bhíomar chun é a bhaint amach. Anuas ar sin, ba ag an am sin a bhí Foinse ar bharr a léime. Niorbh fhiú dúinn dul san iomaíocht le Foinse ar son margadh chúng – bhí orainn rud éigean eile a dhéanamh. B’shin, ag an am sin, an nuachtán laethúil. Nuair a seoladh Lá mar nuachtán laethúil i 2003, b’iad na comharthaí sóirt a bhí á fháil againn ó Fhoras na Gaeilge nach mbeadh aon fheabhas ar an maoiniú a bhí á fháil againn agus go mbeimís, luath nó mall, fagtha ar an dtrá folamh. B’iad san cuid de na cúinsí ar chúl an chinnidh.

        Bhíomar spreagtha faoin dtuairim go bhféadfaí nuachtán laethúil i nGaeilge cosúil le Berria, nuachtán laethúil na Bascaise, a fhoilsiú agus bhí an plean gnó bunaithe ar an dtuairim go mbeadh timpeall ar 5,000 coip á dhíól faoi cheann bliana, sprioc ar baineadh amach a bheag nó a mhór, agus 10,000 go laethúil faoi cheann 5 bliana. Ba spriocana réasúnta iad sin.

        Ach tharraing Foras na Gaeilge a gcosa agus níor bheannaigh siad don tionscnamh i gceart go dtí 2006, trí bliana níos déanaí. Agus ansan féin ní raibh ach ardú beag ar an infheistíocht uatha.

        Ná h-abair liom nach bhfuil airgead ann i saol na Gaeilge nach bhféadfaí sochar níos fearr dnn teanga a bhaint as ach é a chaitheamh ar fhiontar ar nós nuachtán Ghaeilge, bíódh sé laethúil nó seachtainiúil. Dá gcaithfí an €3-€5m atá le caitheamh ar aistriúchán na n-ionstraimí reachtúla, nach léifidh ach sciar an bheag den phobal – ar nuachtáin Ghaeilge as seo go ceann trí bliana, Foinse nó Lá nó Nuacht 24, bheadh seans éigean, i gceann 10 mbliana go mbeadh pobal leitheoireachta Ghaeilge ann agus go mbeadh sé níos mó ná an pobal cung leitheoireachta atá ann anois agus, mar sin, go mbeadh éileamh níos forleithne ann do na h-ionstraimí reachtúla i nGaeilge agus go mbeadh ar an Rialtas iad a chur ar fáil. Ach anois – is beart seafóideach nach samhlódh Kafka féin an rud atá á dhéanamh – ag caitheamh na milliún ar chaipéisí nach léifear a aistriú go Gaeilge agus ag ligint nuachtáin a léitear chun báis ceal na milliúin céanna. Peaca é sin nach maithfidh na glúinte inár ndiaidh duínnn…

  3. GGN

    A Choncubhair,

    Mar ábhar spéise dom féin, meas tú gur féidir nuachtán Gaeilge an dá thrá a fhreastail, ó dheas is ó thuaidh.

    Sílim féin gur féidir ach táthar ann o dheas nár mhaith leo rud ar bith ón tuaisceart a léamh, ní amharcann siad ar an tuaisceart mar chuid d’Éireann. B’shin mo thaithí agus mé ag iarraidh Lá a dhíol.

    Do thuairim?

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    Ní doigh liom gur féidir go n-eireodh le nuachtán ach go mbeadh sé uile oileánda agus, fiú, idirnáisiúnta sa chiall is gur teanga domhandaí í an Ghaeilge anois.

    Ba locht mhór ar Foinse go mbíodh an nuacht ón tuaisceart ar nós aguisín agus ná raibh morán dealramh idir é agus an nuacht á bhí á léamh ag daoine ó thuaidh gach lá nó bhíodh sé ás dáta nó gan práinn fán am ar fhoilsíodh an nuachtán.

    Agus, mar atá ráite agam i dtaobh colúin Phoilín Ní Chiaráin, a ghlacann dhá leathnach i bhFoinse gach seachtain, ní bhionn tada ann nach mbionn scríte i mBéarla roimhe sin. Is féidir a thuar, mar shampla, go mbeidh sí ag trácht ar scéal Suzanne Breen an tseachtain seo agus go mbeidh si ag caoineadh uiscí a cinn faoin bhagairt seo don shaoirse phreasa. Maith go leor, tá sin fíór. Ach an bhfuil faic scríte aici faoin marbh fhaisc atá ag SF ar chúrsaí Gaeilge ó thuaidh?

    Freagra
  5. GGN

    Seo an cheist. An féidir ‘nuachtán’ seachtainiúil?

    Ní dóigh liom féin é gur go bhfuil Nuacht 24 ag déanamh sar-jab, is fearr liom é ná Foinse, an bhfuil mé claonta mar Ultach?

    Seans, agus chan fhuil ann ach smaoineadh gurbh fhearr ‘paipéar’ seachtainiúil ar nós The Economist, The New Scientist?

    An bhfuil daoine sásta nó ábalta Gaeilge a léamh fán rudaí nach Gaeilge iad? – Seo mise ag caint agus is beag a scríobhaim nach ar an Ghaeilge é.

    Tá poit orm, níl fonn oibre orm agus tá Slugger dúnta!

    Freagra
  6. Seosamh Ó Beirgin

    Aontaím leat faoi seo a iGaeilge; is airgead amú é an caitheamh ar aistriúcháin ionstraimí reachtúla agus tuairisci agus mar sin de. Ba chóir an t-airgead a chaitheamh mar a deir tú ar nuachtáin Ghaeilge agus áiseanna cumarsáide eile chun cur leis an líon daoine a bhfuil ábalta feidhmnú trí Gaeilge.

    Ach nach bhfuil sé fíor go raibh “pobal na Gaeilge” ag éileamh an reachtaíocht theanga a chur tús leis an “translation fetish” seo. Más buan mo chuimhne, bhí daoine ann ag fáil an-oibrithe nach mbeadh na tuairiscí móra leamha (don gnáthduine) seo ar fáil “ina dteanga fhéin”

    Freagra
  7. igaeilge Údar an Ailt

    Ar ndóigh bhí siad á lorg seo ar feadh na mblianta – ach is beag plé a deineadh leo faoin substaint a bhainfeadh lena leithéid. Pléadh le roinnt grúpaí é freisin agus is léir gur bhrúigh siad san na ghnéithe sin den obair a chinnteodh breis postanna dóibh féin agus dá leithéid – don dream ar mhaith leo slí beatha a shaothrú ón nGaeilge agus pinsin is uile ach gan faic a thabhairt ar ais. Ba chuma leo mura raibh aon sochar ann don mhór phobal Ghaeilge – ná rabhdar féin ag baint leasa as. Cáirt na gCarbetbaggers abea agus isea Acht na dTeangacha Oifigiúla….

    Freagra
  8. Seosamh Ó Beirgin

    Mar fhocal scoir (uaimse ar aon nós) ar ábhar Lá / Lá Nua ba chóir dom insint duit faoi mo thaithí féin.

    Thosaigh mé ag ceannach Lá ar bun leathrialta nuair nuachtán seachtainiúil a bhí ann. (Toisc nach raibh fáil ar sna siopaí i gcónaí thóg mé síntiús amach bliain amháin. Ansin bhí an pléisiúr agam é a fhéiceáil sna siopaí ar an Déardaoin fhad is a bhí mé ag fanacht ar mo chóipsa a dtiocfadh ar an Mart dar gcionn.) Cé nár cheap mé go raibh sé comh maith le Foinse bhí sé níos saoire agus bhí sé cineál difriúil uaidh Foinse agus chuir sé lem’ lón léitheoireachta.

    Ansin tiontaiodh é ina nuachtán laethúil, tá ‘fhios agat, Cailís Naofa na bhFeirsteach. Anois, in aineoinn nach raibh nuachtán laethúil Ghaeilge de dith agam cuig lá as seacht lean mé leis á cheannach dhá nó trí uair sa seachtain nó mar sin. Bhrath mé nach raibh ann ach an méid a bhí sa pháipéar seachtainíuil scaptha i measc cuig eagrán laethúil. Ansin, tá mé ag ceapadh, tháinig meath ar an gcóras dáilíúcháin. Bhí sé níos deacra é a fáil sna siopaí. Sa deireadh, d’éirigh mé brean de agus d’éirigh mé as a cheannach.

    Sin é. Scéal léitheoir amháin. B’fhéidir go bhfuil teiripe de dhíth agam?

    Freagra
  9. igaeilge Údar an Ailt

    Seans go bhfuil teiripe de dhíth orainn go léir a bhí ag obair ar an nuachtán, an oiread is go bhfuil sé ag teastáil uaitse.
    An t-aon rud a dhéarfaidh mé ag an bpointe seo, nach mbeadh Lá/Lá Nua ann ar feadh cúig bliana thar 2003 seachas an nuachtán a bheith tiontaithe ina nuachtán laethúil. Bhí plean uaillmhiannach againn le h-aghaidh nuachtán laethúil 32 leathnach – nior eirigh linn an sprioc sin a bhaint amach. Bhí an nuachtán leath bhealach ann le linn mo ré mar eagarthóir, in ainneoin go raibh baill foirne á gcailliúint againn, agus bhéimis píosa eile i dtreo sin fán am seo dá mbeadh Lá Nua fós ann agus duine éigean fuinniúíl ina eagarthóir air.

    Na deacrachtaí eile a luann tú, maidir le cúrsaí dáileacháin, sin iad na fadhbana céanna atá ag Foinse nó nuachtán Ghaeilge nó mionlaigh ar bith. Níor tháínig Foinse chomh fada le Múscraí go dtí Dé Luain an tseachtain seo. Ní leigheasfar iad gan airgead mhór a chaitheamh leo nó is é teanga an airgid an t-aon teanga a thuigeann na dáílitheoirí.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s