Éire ag aontú nó níos deighilte ná riamh?

Bhí seal ann go raibh dóchas agam go mbeadh Éire Aontaithe ann gan mhoill, faoi 2016 fiú, in am chun ceiliúradh mar is ceart a dhéanamh ar an Eirí Amach.
Ach nílim cinnte go gcreidim sin níos mó. Sílim go bhfuil an criochdheighilt i ngach gné dár saol níos deimhní is níos tréine ná mar a bhí roimhe. Ach ná glac m’fhocal air, seo a deir Séamus Mac Seáin, cara liom i bhfreagra a thug sé ar thrachtaireacht thall ar bhlag Mhairtín Uí Mhuilleoir.

tá Éire aontaíthe ann ar bhonn polaitiúil agus ta Éire aontaithe ann ar bhonn praiticiúil. Tá GA amuigh i SAM ag tatháint ar phoncánaigh Éire aontaithe ar bhonn polaitiúil a thabhairt ar láimh dó, rud nach féidir leo a dhéanamh, ach is maith an scáth folaíthe é ar theip ollmhór a pháirtí sa bhaile ach “what the heck” beidh cúpla dollar sa bhaile leis.

An páirtí a gheobhas mó bhota feasta i nÉirinn, an páirtí atá sásta stocaireacht láidir a dhéanamh ar sheirbhisí ar bhonn oileánda a bheith ann.

Fón,seirbhisí baince,poist,deireadh a chur le bac a bheith ar thuaisceartaigh a bheith páirteach go hiomlán i seirbhisí RTÉ. B’fhusa TAM ratings a fháil ó thuaidh ná athaontú polaitiúil a fháil.is le O2 atá mo ghuthán póca ach ag dul go dún na ngall domh deir sé liom go bhfuil mé ag dul isteach i dtír eile agus íocaim táillí breise da bharr. Thug mé iarraidh airgead a áistriú an tseachtain seo ó bhanc First trust i mBéal Feirste go banc Aontas Éireann i dtír Chonaill agus ní thiocfadh liom a dhéanamh cé gur leis an dream amháin iad beirt.Thig liom litir a chuir chuig mó iníon i london ar leath an luaich a dtig liom í a chur chuig mó mhac i gcorcaigh.Tá dhá coiriculum do Ghaelscoileanna thuaidh agus theas,dhá sheoirt leabhair,agus dhá sheoirt scrudú ainneoin Sinn Féineach in a hAire oideachais ó thuaidh.Tá a lán rudaí eile ann nach bhfuil an spás ann le iad áireamh ach fad a’s go bhfuil SF ag tóraíocht Lia Fáil na hAontachta polaitiúl tá an tír a réabadh as a chéile.Ní thig liom a chruthú ach sílim go bhfuil sé níos measa ó síníodh comhaontú Aoine an Chéasta.An bhfuil polaiteoirí samhlaíocha ar bith fágtha againn?

Is iad na fadhbanna praicticiúla a aithníonn Séamus ina thrachtaireacht na bacanna a chaithfear a fháil as an mbealach – níl aon chúis go mbeadh cead ag banc deacrachtaí a chothú duit má tá tú ag iarraidh airgead a aistriú ó bhrainse amháín ó thuaidh go brainse eile den chomhlacht baincéireachta céanna ó dheas, nó malairt treo, ach deintear sin go minic agus saothraítear brabhús. Chaitheas féin leath uair a chloig i gcúlseomra baince tamall ó shin nuair a dheineas iarracht airgead a aistriú ó dheas mar go raibh gá seiceáil leis an mbrainse i mBéal Feirste. Sa deireadh ní fhéadfaidis teacht ar an mbrainse ar an bhfón. Ach fuaireas an t-airgead a bhí uaim.

Ceist na mbanc, na taillí fánaíochta thar teorainn ar úsáid fónacha póca, páirtíocht iomlán a bheith ag lucht féachana/éisteachta an Tuaiscirt sa chomhrá náisiúnta a bhionn ar bun ar chainéalacha RTÉ – ceisteanna ‘beaga’ iad san le h-ais an mór cheist – ach má reitítear na ceisteanna beaga, ciallóidh sé go mbeidh Éire, ar bhonn phraicticiúil á aontú.

Feicim go bhfuil Sinn Féin ag stocaireacht i SAM faoi láthair ar son Éire Aontaithe. Mothaím gur iarracht é seo an dubh a chur ina gheal ar na Gaeil Mheirceánaigh le h-airgead a bhaint astu don pháirtí. Cad é an rud atá á dhéanamh ag SF anseo in Éirinn ar son Éire Aontaithe – ní raibh focal faoi le linn an fheachtais toghcháin le déanaí. Má tá suim ag SF i rud ar bith, airgead is ábhar na suime sin. Sin an fath go mbaineann siad cuid is mó den tuarastal de gach TD atá acu agus go bhfagtar iad ar an mheán tionscal tionsclaíoch. Téann an ‘farasbarr’ chuig an pháirtí. Agus cad a dheintear leis?

Ar aon nós bhí Gerry Adams i Nua-Eabhrac ag an deireadh seachtaine ag labhairt ar son Éire Aontaithe ann. Dár leis go bhféadfaí Éire Aontaithe a bhaint amach ach go raibh gá le h-iarracht ollmhór.

“With your support, we have made progress. There is an end to armed conflict . . . and I believe the political and economic dynamics in Ireland today make a united Ireland a realisable and realistic objective in a reasonable period of time.”

The Sinn Féin leader told the conference, which drew a capacity audience to a vast ballroom at the Hilton Hotel in Manhattan, that this generation could make a united Ireland a reality. “It will require thoughtful strategies, huge outreach to our unionist brothers and sisters and a patient process of nation-building to unite orange and green,” he said.

Sílim áfach go bhfuil an ceart ag Séamus – agus tuigfidh sibh ón méid seo go bhfuil mo shoiniceas i leith SF imithe i dtréine – nuair a deir sé gur iarracht é seo nach mbeadh áird á dhíriú ar an gcreimeadh leanúnach ar thacaíocht SF i mBAC agus i gceantaracha eile ar nós an Iar Thuaisceart.

Mar a tharlaíonn sé bhí cúpla alt an deireadh seachtaine seo faoi a tharla do SF ag an dtoghchán – ceann amháin sa Sunday Tribune ina maítear go bhfuil SF féin ag scoilt ina dhá eite agus go bhfuil an soisialachas a bhíodh ag an phairtí ag geilleadh don náisiúnachas pharóistiúil a bhionn ag Fianna Fáil ar mhaithe le cumhacht a bhaint amach.

Tá alt spéisiúil freisin ag Eoin Ó Broin, apparatchik sinsearach in SF ar a bhfuil ard mheas agam air as a ghéire éirime, agus tá seisean ag rá san Irish Times inniu go gcaithfidh SF ceistiú a dhéanamh ar an pháirtí cén fath nár eirigh leo teacht i dtír ar an mhíshástacht a bhí i measc votairí leis na páirtithe rialtais.

Crucially, the positive reputation for hard work and honest representation which our party enjoys in many of the State’s most deprived communities has yet to be translated into a more general belief that Sinn Féin can and must be a party of government.

Our success in the North over the last decade has been built on this basis. Sinn Féin has successfully combined a community empowerment-based approach to local politics with a strong and progressive agenda for change in the Northern Assembly. There is no reason to believe that a similar achievement in the South is not possible.

Chreid mé uair amháin gurbh ionann leas na Gaeilge agus leas SF – ní chreidim sin níos mó. Tá mé in amhras go bhfuil an pháirtí sásta an obair dian ar ghá a dheanamh chun Éire Aontaithe a bhrostú. Silím gurb é an sprioc atá acu a bheith sa Rialtas ó thuaidh is ó dheas i 2016 agus go mbeidh siad ag maíomh ansan gur seo ‘Éire Aontaithe’ de short. Ní h-ea in aon chorr. Ach má leanann an pháirtí orthu sa treo atá siad ag dul is doigh liom go mbeidh siad ag amharc ar cheiliúradh 2016 ón imeall.

Dála an scéil, níl a fhios agam cé acu an raibh nó ná raibh agóid ag lucht tacaíochta Foinse ag cruinniú Gerry Adams i Nua-Eabhrac. Aon scéal faoi sin ag aoinne?

12 de thuairimí ar “Éire ag aontú nó níos deighilte ná riamh?

  1. Ping: Éire ag aontú nó níos deighilte ná riamh? « iGaeilge | Ireland today

  2. Seosamh Ó Beirgin

    Níl mórán goile le haghaidh Éire Aontaithe a thuilleadh i measc formhór na ndaoine ó dheas. Sin cheann de na torthaí is mó a d’éirigh as feachtas na bProvos thar na blianta.

    Fágann an idé go mbeadh muid uilig go hiomlán taobh thiar de feachtas “outreach” faoi ceannaireacht Shinn Féin nó éinne eile dírithe ar an bpobal aontachtach chun iad a mhealladh i dtreo Éire Aontaithe sna trinsí gáire mé.

    Freagra
  3. Tuaisceartach

    Théis an feall a rinne na státóirí ar a chomh-Eireannaigh ó thuaidh níl an cheart agaibh breithiúnas a dhéanamh orainn.

    Chosain muid sinn féin nuair a fágadh sinn linn féin, caite amach as an náisiúin.

    Scrois Dé ar an Saorstát is chuile duine dilis dó.

    Freagra
  4. igaeilge Údar an Ailt

    is cinnte gur deineadh feall ar an dtuaisceart agus tá feall á dhéanamh fós ar an bpobal Gaelach ansan. I ndiaidh sin is uile, is ceist éagsúil é seo – an bhfuil SF, mar atá siad inniu, ag obair chun leasa na físe go mbeidh Éire Aontaithe ann lá éigean nó an bhfuil siad ró ghafa leis an streachailt cumhacht pholatúil a bhaint amach dóibh féin chun áird mar is ceart a thabhairt ar an bpictiúr mhór? Agus mé ag ceistiú dintiúirí SF, nílim ag maíomh go bhfuil pairtí níos fearr ná iad ar an gceist. Tá gach páirtí, dar liomsa, lag ar an gceist agus sílim gurb é sin an chuid is mó den fhadhb.

    Freagra
  5. Seán Mícháel O Donnchadha

    Nuair a bhíodh FF i dtrioblóid fadó bhíodh sé de nós acu an “cárta ghlas” a tharraingt aníos. An é sin an rud atá ar siúl ag Adams i Nua Eabhrach.

    Freagra
  6. Seosamh Ó Beirgin

    Aontaím le iGaeilge maidir le na ceisteanna beaga; sé sin, má reitítear iad beidh an tír á aontú ar bonn praicticiúil. Tá an rud céanna ag dul ar aghaidh idir na tíortha Eorpacha eile, mar shampla an Fhrainc agus an Ghearmáin, an Spáinn agus an Poirtingéal agus fiú Éire agus an Ríocht Aontaithe. Ceapaim gur obair don dhá rialtas é agus freisin gur obair don AE é.

    An fáth nár tharraing Sinn Féin ceist athaontú na tíre le linn an fheachtas toghcáin ná go bhfuil a fhios acu nach bhfuil meas madaí ag formhór muintir na hÉireann ar an sprioc áirithe sin a thuilleadh. Rinne an tIRA cinnte de sin agus tá a fhios ag Sinn Féin.

    Ceapaim go bhfuil an ceart ag iGaeilge nuair a deir sé gur ar son airgid Poncánaigh atá Sinn Féin ag ardú na ceiste seo aríst. Ach tá cúis eile leis freisin. Maireann Sinn Féin ar an scoilt mhór mharfach, an goineadh leathan sin, idir an dhá phobal sa tuaisceart, bunaithe ar a gcuid dearcadh difiriúil ar ceisteanna bunreachta. Mar sin, caithfidh Sinn Féin oibriú i gcónaí chun an goineadh sin a choinneáil ann agus a choinneáil tinn. Sin an fáth go bhfuil Gerry Adams ag caint anois faoi “hugh outreach” ó náisiúnaigh na hÉireann, le Sinn Féin ag a cheann gan dabht, go haontachtaigh an Tuaiscirt chun iad a mhealladh i dtreo Éire aontaithe! Níl slí níos fearr ann chun an teannas idir an dhá phobal a choinneáil géar agus ar ndóigh votaíocht Shinn Féin a choinneáil suas.

    Ar ndóigh ní bheidh Éire aontaithe ann gan cead muintir na poblachta mar atá deimhnithe i gComhaontú Aoine an Chéasta. Ní dóigh liom go mbeadh an cead sin deonta go heasca acu. B’fhéidir gur sin an rud a bhfuil ag cur as go mór do “Tuaisceartach” thuas (3).

    Freagra
  7. Ciarán

    Má tá straitéis ar bith ag na polaiteoirí, is straitéis ar son a gcumhachta féin atá ann. Ní maith leo cáineadh ón phobail. Faoi láthair, tá siad faoi bhrú agus beidh siad ag iarraidh a thaispeáint go bhfuil siad gníomhach ach ní hionann sin is le rá go mbeidh fiúntas sna bearta atá a gacitheamh le chéile acu.Leoga, an contúirt atá ann, go ndéanfaidh siad níos mó dochair. Tá Foras na Gaeilge mar a bhí a riamh – mí-éifeachtach, frith-daonlathach agus faoi stiúir polaitiúil. Ó bhí 2000 ann, ní raibh ach Airí aontachtacha ag plé leis an Ghaeilge ó thuaidh. Tá Aire ó dheas ann nach féidir leis an dlí a thug sé fein isteach a chur i gcrích ina roinn féin. Ach, an réiteoidh na polaiteoirí na fadhbanna a chruthaigh siad fein, nó an leanfaidh siad leo, ag cur eagraíochtaí agus tograí, leithéidí Lá Nua, Foinse, Pobal, agus neart grúpaí Gaeilge eile i mbaol a mbás? Ta sé in am do phobal na gaeilge stop a chur leo sula ndéanfann siad níos nó dochar fadtréimhseach. Go dtaispeántar go bhfuil plean éifeachtach ann atá ar leas na Gaeilge in áit ar leas na bpolaiteoirí sula leantar leo leis an tua.

    Freagra
  8. Tuaisceartach

    Seosamh,

    Sa chás sin, ba chuma liom, is éard an rud a bheinn ag iarraidh ná neamhspleachas do na dúiche náisiúnacha ó thuaidh.

    Poblacht Uladh más maith leat, nó b’fhéidir gurbh fearr, Poblacht na hÉireann a chur uirthi?

    Beidh muidne saor, bealach amháin nó eile, faic na ngrást arbh fhéidir leis an Saorstát a dhéanamh faoi.

    Freagra
    1. Seosamh Ó Beirgin

      A Thuaisceartaigh, tá an cuma ar an scéal go bhfuil tú i bhfábhar Tuaisceart Éireann a bhálcánú (balkanisation). Agus ar ndóigh, de réir tú fhéin, beidh tú saor!

      Ach seo an cheist; saor ó cibe?

      Freagra
  9. Tuaisceartach

    Tá muidne ó thuaidh faoi riail Bhanríona Shasana.

    Saor ó riail Bhanríon Shasana mar sin.

    Freagra
  10. igaeilge Údar an Ailt

    Nach cirte a rá go bhfuil sibh faoi riail [mí riail] SF agus an DUP agus go bhfuil siad faoi riail [nó mí riail] Bhanríon Shasana?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s