Foinse san Indo…..agus lón saor an Aire

Ceann de na tuairimí a luadh agus an chonspóid seo faoi Foinse ag dul, go raibh sé i gceist ag Foinse an nuachtán a scaipeadh in éineacht leis an Irish Independent.

Níor aontaigh mé leis an dtuairim seo nuair a chuala mé ar dtúis é ó bhéal Phádraig Uí Chéidigh. Cheapas go mbeadh costas ró árd ar a leithéid – is cuimhin liom nuair a bhíodh Foinse á dhéanamh uair sa bhliain nó b’fhéidir ná raibh sé chomh minic le sin, go lorgaídís isteach is amach le €10,000 ón bhForas chun íoc as an seirbhís seo a fháil ó leithéidí an Irish News nó an Irish Indo. Agus dheineas mo chuid uimhríocht bunaithe ar sin – agus dheineas go mbeadh costas €500,000 sa bhreis in aghaidh na bliana ag baint leis an dáileadh amháin.

Anois deirtear liom go raibh an Indo sásta costas an dáileacháín a sheasamh le Foinse. Chiallódh sin go mbeadh breis is 150,000 coip den nuachtán á scaipeadh gach seachtain. An athraíonn sin mo dhearcadh?

Bhuel, beagán. Is margadh maith do Foinse é ar shlí. Cé go mbeidh méadú suntasach ar chostasaí chlódóireachta, beidh an nuachtán ag dul timpeall na tíre agus deireadh le fadhb an dáileacháín. Ar ndóigh is iatán seachas nuachtán a bheidh ann ansan – ach ní miste sin agus b’fhéidir go mbeadh sé go maith chun fógraíocht a mhealladh.

Ach tá amhras orm go dtiocfadh deireadh leis an socrú ‘saor dháíleacháin’ seo gan ró mhoill mar gheall ar iarrachtaí na nuachtáin ar fad costaisí a chuir faoi chois agus na deacrachtaí ar leith atá ag Grúpa Meáin an Independent.

Agus i bhfirinne, mothaím nach mbeadh sé ar leas na Gaeilge an oiread san nuachtáin a bheith á chlóbhuaileadh agus seans go rachadh cuid mhaith acu isteach sna boscai brúscair laithreach. Ní le dímheas do lucht Foinse a deirim sin – ach níl lucht leitheoireachta an nuachtáín ina mbionn Kevin Myers ag scríobh, mar shampla amháin, ar na nuachtáin a luaifeá nós leitheoireachta na Gaeilge leo…..

Is é an amhras atá orm gur céim ró mhór ró ghasta é. Gur cheart tógáíl ina threo le dáileacháin teorannta, i gcontaetha Gaeltachta mar shampla, agus i mBaile Átha Cliath. Ach b’fhéidir go bhfuil sin ró chasta….

É sin ráite, níl a fhios agam cén fath nár thug an Fhoras aon cheann don moladh mar go luíonn sé leis an tuairim a bhí ag príomhfheidhmeannach an Fhorais, Ferdia Mac An Fhailigh, an teanga a normálú.

Ceapaim go fóíll gur fearr i bhfad a bheadh córas dáileacháin saor PDF ar an idirlíon nios fearr agus níos eacnamúla agus níos glaise. Bheadh an nuachtán Ghaeilge ar fáíl saor do gach duine ar mhaith leis é a léamh, bheadh feachtas margaíochta tréan ann chun daoine a threorú ann agus margaíocht leanúnach ina dhiaidh sin.

Agus mé ag éisteacht ar maidin leis an bpodchraoladh d’agallamh an Aire faoin chás seo ar Adhmhaidin inné, rith rud eile liom faoi easpa thuisceana an Aire faoin gceist.
An Aire agus a lón saor

Dar leis an Aire, mura raibh sé i gceist ag Moinéar Teoranta glacadh leis an gconradh a bhí ar thairiscint ón bhForas, ba cheart é seo a chur in iul don bhForas roimh an lae inné – rud a rinne siad mar a mhínigh mé ach nach léir go bhfuil an tAire ar an eolas faoi sin. Dar leis, in éagmais sin, ba cheart don bhForas agus Moinéar Teo teacht ar shocrú eatramhach chun cinntiú go leanfaí le foilsiú Foinse fhaid is atá proiseas tairisceana nua á ullmhú agus conradh nua le tairiscint do dhream éigean a thiocfadh tríd an phroisis sin (maireann dóchas an Aire i gcónaí, in ainneoin na n-ainneoin).

Ach tá sé seo díchéilleach amach is amach. Mar atá sé tá caillteanas de thart ar €5,000 á iompar ag Pádraig Ó Céidigh le gach eagrán de Foinse a fhoilsítear – d’fhéadfadh proiseas nua tairisceana is a leithéid bliain a ghlacadh – agus, ag meabhrú dúinn ar mhi éifeacht an Fhorais, d’fhéadfadh sé bheith níos faide aris – agus mar sin bheadh caillteanas de €250,000 ar Ó Céidigh. An bhfuil aoinne sásta airgead a chaitheamh le sruth mar sin?

Agus nach amaideach an mhaise don Aire a cheapadh gur amadán é Ó Céidigh a dhéanfadh amhlaidh? Fiú mura raibh an ngéarchéim eacnamaíochta ann. Nil a leithéid de rud ann is lón saor, a Aire.

4 thuairim ar “Foinse san Indo…..agus lón saor an Aire

  1. séamus Mac Seáin

    an raibh sé igcéist go ndéanfadh an tINDO Foinse a chlóbhualadh chomh maith? dá mbeadh an conradh sin acu seans go dtiocfadh é a scaipeadh saor in aisce. an bhfuil a fhios ag aoinne? Is cinnte gur fearr 150,000 cóip ná 4000 cóip. is cuma cad é atá sa chuid eile den pháipéar.Céist eile cad a tharla don Nuacht laethúil ar líne a bhí beartaíthe? an bhfuil marbh anois?

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Tugtar le fios dom go raibh ‘caint ann’ faoi chuid den chostas priondála a bheith á sheasamh ag an Indo. Níl a fhios agam cén sciar a bhí i gceist – ach mar atá’s agat, is gnó costasach an clóbhualadh. Mar atá sé tá Foinse á chló ag comhlacht de chuid grúpa an Indo – nó bhíodh – an Kerryman.

    B’fhearr liomsa an t-airgead a chaitheamh ar ábhar an nuachtáin seachas ar phaipéar,dumhach agus am na gclódóirí. Sin an fath go bhfuil mé fós in éadan an mholaidh seo, cé go gcreidim go bhfuil creidiúint ag dul don Chéideach as a chumas gnó agus margadh chomh maith a bhaint amach. Nuacht laethúil ar líne seachas cur amú phaipéir an slí le dul….

    Ceist amháin a ritheann liom: Cé h-iad baill an Choiste Nuachtáin agus Irisí seo atá ag meá thodhchaí Foinse faoi láthair agus cad é an chaillíocht atá acu a leithéid de chinneadh a dhéanamh? Ceist eile, cé h-é atá ag cur comhairle orthu?

    Freagra
  3. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Ní doigh liom gur rud maith é an páipéar Foinse a dhaileadh saor in aisce leis an Indo.Bíonn an nós sin ag an Irish Examiner i.e an paipéar a tabhairt saor go lucht ghluaisteáin ag na sóilse tráchta agus cothaíonn sé iomhá olc.Freisean tá alán fadhbanna ag an Indo, fadhbanna airgidh agus an caighdeán ag titim go leanúnach.Ba cheart an páipéar a chur ar líne ar sintús reasúnta mar réiteach na céiste.

    Freagra
  4. Feargal Mac Amhlaoibh

    Maidir leis an moladh a chuala ar Adhmhaidin go mbeadh Foinse mar chuid den Independent – ar an gcéad dul síos, bheadh ar dhuine an Independent a cheannach chun teacht air agus tá roinnt mhaith ann ná mbeadh sásta é sin a dhéanamh (mé féin ina measc). Is nuachtán frith-Ghaelach, frith-náisiúnach é an Independent. Ní ghá ach tagairt a dhéanamh don alt a bhí ann seachtain ó sin ag Donal Lynch.
    Pé’n nuachtán a bhéas ann amach anseo, ba chóir é a bheith neamhspleách ar fad ós na nuachtáin eile. Ach, anuas ar sin, ba chóir dó a bheith náisiúnta – ’sé sin, go bhfreastalódh sé ar na Gaeltachtaí ar fad ar bhonn rialta agus ar lucht labhartha na Gaeilge in gcoitinne. Ní amhlaidh a bhí ag Foinse (cé go raibh sé mar sprioc acu) agus ní amhlaidh a bhí ag Lá ach oiread (cé gur deineadh sár-iarracht ansan leis).
    Le teicneolaíocht an lae inniu, bheadh sé indéanta eagráin réigiúnacha a fhoilsiú: go mbeadh an croílár comónta do gach réigiún ach go mbeadh leathanaigh ar leith dírithe ar nuacht agus imeachtaí na réigiún. Mar shampla, eagráin don iarthar, don tuaisceart agus don deisceart, fé mar a bhíonn ag nuacht áitiúil RnaG. Tá ag éirí leis an gcóras seo ag RnaG ó bunaíodh an stáisiún agus an lucht éisteachta rialta is mó as aon cheann dá chlár. Is cruthúnas é seo go n-oibreodh sé le nuachtán chomh maith. Anuas ar sin, mhealfadh sé scéalta, scríbhneoirí, breis leitheoirí agus breis fógraíochta dá réir.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s