Le linn na seachtaine, bhí raic i gConamara faoi cheisteanna a bheith á gcur ar votairí i gceantair Gaeltachta faoin mbealach a chaith siad vóta sna toghcháin áitiúla. Taighdeoirí ar son an Sunday Independent agus RTÉ a bhí ag cur na gceisteanna ar mhaithe leis an suirbhé tar éis votála a bhí siad ag déanamh le h-aghaidh na cláracha toghcháin a bhí le leanacht i ndiaidh an toghchán ar 5 Meitheamh.
Deineadh gearán chuig an Choimisinéir Teanga ar an gceist seo agus dúirt an Choimisinéir ná raibh aon ról aige san aighneas mar ná raibh RTÉ ar na gcomhlachtaí poiblí a raibh scéim teanga aontaithe acu leis an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Níl a fhios agamsa cén fath ná raibh RTÉ, an institiúid phoiblí is mó tionchar ar an bpobal sa tír, ar an chéad comhlacht a deineadh scéim teanga a aontú leis. An é go bhfuil na scéimeanna seo á aontú de réir ord na h-aibitir agus go gcaithfimíd fánacht go dtí go mbeidh ‘R’ sroichte? Más amhlaidh, beimíd go léir faoin chré fán am a shroicheann an Roinn an Craoltóir Náisiúnta.
Idir an dhá linn tá RTÉ ag imeallú an nGaeilge ar an seirbhís ar líne agus digiteach. Agus tá ciorruithe á chur i bhfeidhm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ciorruithe a fhagfaidh an staisiún gan aon seirbhís cúrsaí reatha.
De réir agallaimh a rinne ceanasaí an staisiún, Edel Ní Chuirreáin, Ceannasaí RTÉ RnaG, le déanaí faoin abhar seo, tá sé soiléir nach bhfuil cúrsaí reatha i measc tosaíochtaí an staisiún. Is é an chéad tosaíocht na postanna buana ag an staisiún a chosaint. Ansan caithfear an sceideal a chosaint agus is iad na tosaíochtaí ansin: 1. Nuacht 2. Ceol Traidisiúnta 3. Irischláracha ó na mór Ghaeltachtaí. Sin an fath go bhfuil Seó Beo, Faoi Chaibidil agus go leor cláracha eile ag imeacht ón sceideal – agus is dócha go mbeidh níos mó agallaimh le sean leaideanna agus iad ag caint faoin uair go mbídís ag ithe leite déanta as ciaróga móna….
Tá an clóg á iompó siar ag RTÉ ar an nGaeilge agus níl aon bealach againne é sin a stopadh. Níl ‘scéim teanga’ i bhfeidhm an dtuigeann sibh agus go dtí go mbeidh, ní bheidh an Choimisinéir Teanga ábalta a gcuid dualgaisí a chur in iul do RTÉ.
Tá barúil agam, áfach, gur cheart go mbeadh cumhacht ag an gCoimisinéir iachaill a chur ar chonhlachtaí stáit, atá dualgaisí orthu i leith na Gaeilge faoi reachtaíocht eile seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus na scéimeanna teanga iomráiteacha. Tá dualgasaí ar RTÉ faoi achtanna craolacháin éagsúla riar a dhéanamh ar an Ghaeilge. An féidir a rá go bhfuil seo á dhéanamh acu nuair atá an Bhéarla á bhrú acu ar votairí sa Ghaeltacht trath toghcháin?
Is fíor nach bhfuil aon scéim teanga aontaithe le RTÉ, ach ní hé sin le rá nach bhfuil bealach ann chun dul i bhfeidhm air.
Faraor, is bealach costasach tríd na cúirteanna atá i gceist, ach b’fhéidir go bhfaigheadh RTÉ amach ar an gcaoi sin nach bhfuil cead aige an Ghaeilge a imeallú.
Tá cead, de réir an bhunreachta, ag an rialtas dlí a rith chun go gcuirfí seirbhís ar fáil go haonteangach. Níl sé sin déanta acu i gcás RTÉ.
Rud nach luann an Bunreacht ná seirbhís a chur ar fáil i mBéarla, agus seirbhís easnamhach a chur ar fáil i nGaeilge.
Mar sin, má chuirtear seirbhís ar fáil i mBéarla, is í an tuiscint a bhfuil agam ná go gcaitear an tseirbhís chéanna a chur ar fáil i nGaeilge – ach amháin má tá scéim teanga aontaithe a thugann cead do chomhlachtaí stáit neamhaird a dhéanamh ar an nGaeilge a bheag nó a mhór (i. seachas na pointí a aontaítear, ar nós “faoi cheann trí bliana, beidh an fáilteoir in ann ainm an chomhlachta a thabhairt i nGaeilge agus i mBéarla” – pointe a luaitear chomh minic sin sna scéimeanna – agus pointí eile den sórt.
Léargas thar a bheith úsáideach, a Dheirdre. Nior mhiste liom, mar shampla, dá mbeadh seirbhís nuachta ar líne acu i nGaeilge ar chomhchéim leis an seirbhis atá ann i mBéarla cheana féin. Gan trácht ar chláracha chúrsaí reatha i nGaeilge ar raidió agus ar theilifís….
Ach nach iad na “sean leaideanna” céanna atá ag plé cursaí reatha ar RNG leis na blianta, b’fhéidir nach dochar ar bith sos a fháil o tuairimí na mbocanna seo air feadh tamall.
Tá’n ceart agat, a Chaomháin, gurb iad na sean leaideanna céanna a bhionn ag plé le ‘cúrsaí reatha’ ar an Raidió i gcónaí. Na sean leaideanna céanna, mar shampla, a bhíonn ag plé leis an gComhaireamh agus bionn sé cuimsitheach, gan amhras, ach paróistiúil amach is amach.
An rud atá á éileamh agam go mbeadh cothrom Raidió 1 ann i nGaeilge. An oiread is go mbionn 2FM na Gaeilge á éileamh ag an ghlúin níos óige, ba mhaith liomsa go mbeadh riar á dhéanamh ormsa agus daoine dem leithéid ar mhaith leo seirbhís ‘náisiúnta’ le cois na seirbhísí éagsúla reigiúnda atá ann faoi láthair.