Ó Cuív ag súil le réiteach faoi chás Foinse

glornalaoi
Seo mar a duradh i ráiteas ón Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta inniu. Tá sé á athfhoilsiú agam anseo agus bhí sé ar dtuis ar Gaelport.

I ráiteas a tháinig tráthnóna inniú dúirt an tAire Éamon Ó Cúiv go raibh sé ag súil go mbeadh Foras na Gaeilge in ann réiteach a chur ar fáil maidir le Foinse, atá i mbaol anois. D’fhógair Pádraig Ó Céidigh níos túisce go bhfuil príomhnuachtán náisiúnta na Gaeilge i gcruachás anois toisc nach bhfuil an nuachtán ag fáil an maoiniú cuí ó Fhoras na Gaeilge agus toisc gur tháinig titim ar an líon ioncaim a fhaigheann an nuachtán ó chomhlachtaí stáit anois.

Dúirt an tAire: “Ba chúis díoma dom é ráiteas Phádraig Ó Céidigh a léamh, inar dhúirt sé go raibh baol ann nach leanfaí ar aghaidh leis an nuachtán seachtainiúil Foinse.”

“Tá sé fíor-thábhachtach don teanga agus don tír, dar liom, go mbeidh nuachtán Gaeilge ar fáil. Beidh mé ag casadh le Bord an Fhorais go luath agus beidh mé á chur sin in iúl dóibh.”

“Ar ndóigh, tá Foras na Gaeilge neamhspleách ó thaobh an gnó a bhainistiú i gceart agus cinnte a dhéanamh de, go bhfuil luach ar airgead á fáil agus ní féidir le Roinn Stáit nó Aire cur isteach ar phróiséas tairisceana. É sin ráite, tá súil agam go mbeidh Foras na Gaeilge in ann an cheist seo a réiteach ionas go mbeidh nuachtán Gaeilge ar fáil gach seachtain dóibh siúd atá á lorg.”

An gcreidimíd go ndéanfaidh sé beart de réir briathar? Is údar imní go bhfuil an oiread san tagairtí do na nithe NACH féidir leis a dhéanamh chun cuidiú?

Ar ndóigh, tá Foras na Gaeilge neamhspleách ó thaobh an gnó a bhainistiú i gceart agus cinnte a dhéanamh de, go bhfuil luach ar airgead á fáil agus ní féidir le Roinn Stáit nó Aire cur isteach ar phróiséas tairisceana.

Tá sé in am don Aire a léiriú do phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta go n-oibríonn pholataíocht ar leas an phobail. Ní mór a mhíniú freisin nach bhfuil aon proiseas tairisceana i gceist anseo. Ní raibh éinne eile san iomaíocht ar son an tairisceana seo agus mar sin níl ann ach praghas ceart a shocrú, praghas cothrom, ar an seirbhís phoiblí atá le fáil ag an Stát – agus ag an dtír ar fad – ó fhoilsiú nuachtán Ghaeilge.

Cuir uait na leithscéalta, a Aire, agus dein an jab atá tofa ar a shon.

Mar eolas: Seo pictiúr thuas de phríomh leathnach nuachtáin, Glór na Laoi, a foilsíodh i gceantar Mhúscraí nach mór 100 bliain ó shin. Níl sé á fhoilsiú níos mó. Eagarthóir an nuachtáin sin, Seán Ó Laoi, seanathair leis an Aire Ó Cuív….

Ar son oidhreacht Ghlór na Laoi, a Aire, dein rud éigean ar son Foinse….

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s