Faillí an Fhorais i leith cruinneas na Gaeilge

forasbotun1
forasbotun2
forasbotun3
Ní duine mise a thaitníonn an peann dearg leis ar chorr ar bith. Níor chuir mé romham féin bheith im phoilín teanga riamh. Ach tá gá rud eigean a rá faoi seo.

Tá trí léaráid thuas a ghlac mé ó shuíomh nua, athdheartha Fhoras na
Gaeilge
. Fiú mise agus mo thuiscint ‘scaoilte’ ar chúrsaí gramadaí, aithním
go bhfuil botúin cló agus botúin gramadaí agus botúin litrithe anseo.
Sa chéad léaráid, tá na caraictéirí ar a bhfuil ‘fada’ fagtha ar lár ó chinnlínte phreasráitis an Fhorais, Ar an dara léaráid, tá ghné alt ann ‘Faoin Spotsolas’ [sic] agus ar an dtriú learáid léim go bhfuil páistí ‘ar fud an Oileán’.
Is dócha gur cancrán mise ach creidim gurb é an rud is lú a bheithfeá ag súil leis ar shuíomh Fhoras na Gaeilge go mbeadh an Ghaeilge cruinn?
Tá aistritheoirí is saineolaithe gramadaí ag obair le Foras na Gaeilge nach bhfuil ar fáil dom leithéid.
Cuirfear fimíneacht im leith gan amhras – ach táim sásta dul sa tseans ar mhaithe le míchuram agus mi-éifeacht an Fhorais a chuir os bhúr gcomhair. An bun rud a bhaineann lena gcúram mar an gcomhlacht tras teorainn le freagracht as an Ghaeilge a chur chun cinn, ní féidir leo an bun rud sin a dhéanamh i gceart.
Ní fios an méid airgid a chosain an athdhearadh is déanaí. Bhí barúil agam go raibh a leithéid ar siúl – ach níor thugas faoi ndeara aon ocáid chun an dearadh nua seo a sheoladh.
An bhfuil seo maith go leor ó Fhoras na Gaeilge? An bhfuil seo maith go leor ón áisínteacht oifigiúil a bhronnann a séalta ar aistritheoirí cáilithe?

Aguisín: Is cosúil go bhfuil roinnt ceartúcháín déanta ar shuíomh an Fhorais ar maidin inniu, tar éis doibh, b’fhéidir, an trachtaireacht seo a léamh.
Ar an droch uair ba mhaith liom a lua gur chaill siad ceann nó dhó:
forasbotun4

5 thuairim ar “Faillí an Fhorais i leith cruinneas na Gaeilge

  1. Ping: Deireadh le Foinse??????????? - Page 2 - Politics.ie

  2. aonghus

    Is dóigh liom go bhfuil bundeacracht anseo le suíomhanna idirlín oifigiúla na Gaeilge. Téitear i muinín dreamanna tráchtála (ach gan Gaeilge) len iad a chuir i bhfearas. Ach ní bhíonn an saineolas chun plé leis an suíomh ag an dream istigh.

    Rud a fhágann nach mbíonn an teanga agus an teicneolaíocht ag obair as lámha a chéile.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Ach mura bhfuil Foras na Gaeilge sásta an obair a sheiceáil sara bhfoilsítear é agus sara n-iocann siad as – nach orthu atá an locht agus nach bhfuil siad ag cur amú airgead an Statchiste go mí churamach agus go mí fhreagrach?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s