Uasghnéasú na Gaeilge?

teanga

Dá labhródh bean leat íseal, nach n-ísleofá do ghuth
Dá mbeadh an bean réasúnta, nach réasúnófaí thú

Tugann an ghné alt sa Sunday Tribune ábhar machnaimh dom. San alt deirtear go bhfuil an Ghaeilge i mbéal an phobail agus maítear gur de bharr go bhfeictear anois go bhfuil an teanga á shealbhú ag an dream ghairmiúil, go h-áirithe iad san sna meáin Ghaeilge.

Tá ceangal á dhéanamh san alt seo idir uasghnéasú seo na Gaeilge – ní fheadar cad a cheapann sibh faoi mo leagan Ghaeilge de ‘sexing-up’? – agus chomh feiceálach is atá an Ghaeilge anois de bharr go bhfuil pearsaí i TG4/iar TG4-TnaG agus daoine aille eile á úsáid – leithéidí Dáithí Ó Sé, Gráinne Seoighe, Blathnaid Ní Chofaigh agus Aoibhinn Ní Shúilleabháin atá luaite in alt Úna Mullally.

Tá barúil agam go bhfuil caint mar seo cosúil leis an chaint ann cheol thraidisiúnta tar éis chéad léiriú Riverdance – sé sin le rá nár thuig daoine go raibh ceol agus rínce traidisiúnta gnéasúil go bhfaca siad Michael Flatley agus na stumpaí breatha a bhí in éineacht leis ar an dteilifís.

Anois, de bharr go bhfuil leithéidí na réaltaí ghnéasúil thuas luaite ag labhairt na Gaeilge agus cuid acu beo ar an dteanga, tá an teanga gnéasúil arís agus de bharr sin tá ailt mar seo sna meáin. Creidim go bhfuil abhairín den aicíd sin ‘spin’ i gceist anseo agus feicim láimh an chomhlachta chaidreamh phoiblí, Stillwater, ann – agus ní droch rud amach is amach an méid sin. Luaitear duine de phríomhaithe Stillwater san alt – Natasha Fennell – agus tá blas leataobhach is easnamhach san alt fiú má tá sé ag dul sa treo ceart. Agus luaitear go sonrach Gradaim Cumarsáide an Oireachtais san alt agus bhí páirt lárnach ag an gcomhlacht le h-eagar is poibliú na Gradaim agus sílim gur toradh an alt seo ar an obair phoiblíochta a bhí ar bun ag Stillwater faoi na Gradaim seo.

atasha Fennell is a communications adviser with Stillwater, a company that works with Irish language organisations. “What has happened in this sector [Irish media] is that it has been completely professionalised,” Fennell says. “Public sentiment towards the language has changed – the Irish language has managed to turn a corner from being quite nasty to being fashionable. That shift has been made.”

Fennell believes that a dominant presence in Irish media of fluent Irish speakers has played a huge part in changing the way the public perceives the advantages of learning Irish. “They are role models,” she says of the nominees in the Irish Language Media Awards. “Because of them, people have started to see the value of what Irish can bring you. And it’s about confidence. They have instilled confidence in young people to use the language and be proud of it.”

Tá sé tabhachtach, áfach, go mbeadh an ghné ghnéasúil sin ag baint leis an Ghaeilge. Is tosca é sin a chuideoidh le fás phobal labhartha na Gaeilge amach anseo, chomh fada agus go mbeidh réaltaí nua ag teacht chun tosaigh agus ag úsáid na Gaeilge.

Is dócha nár cheart iontas a bheith orainn agus sinn ag léamh ailt cosúil le seo go bhfuil bearnaí ollmhóra ann i dtuiscint agus i léargas an iriseora.

Dá gcuirfí ceist ormsa faoi na ghnéithe is forásaí agus is gnéasúla i saol na Gaeilge, ní bhéinn ag caint ar Dháithí Ó Sé (quelle surprise? Cé go dtuigim go dtaithníonn Dáithí le roinnt nó na mná thuasluaite, cé nach bhfuil amhras orm ach go bhfuil siad ‘gnéasúil’).

Mar atá ráite agam go minic is iad na fiontair agus na daoine is ‘gnéasúla’ i saol na Gaeilge iad san atá ag saothrú le tionscnaimh ar nós ‘nós*‘, Raidió Fáilte, Raidió na Life, Raidió Rí Rá, An Druma Mór/Nuacht 24, Blas an BBC ó thuaidh, lucht an Chonartha agus tionscnaimh ar nós Ceol 09, fiontair ar nós Gaelchultúr (ranganna Ghaeilge) agus Comhluadar/Baile, agus, gan amhras, an pobal Ghaelach ar an líon, ó Shéamus Poncán go Tadhg Mac Dhonnagáin go iGaeilge is eile. I gcásanna áirithe, nílim cinnte an é ‘gnéasúil’ an focal ceart….

An rud a thugaim faoi ndeara faoi na daoine/fiontair atá luaite agam go bhfuil siad ‘gairmiúil’ maith go leor ach nach an t-airgead an rud is tabhachtaí leo – is é an obair an rud is tabhachtaí agus toradh a saothar agus an slí a théann siad i bhfeidhm ar an bpobal, ar phobal na Gaeilge ar dtúis agus, ina dhiaidh sin, ar sciar den phobal mhór, sciar atá ag fás.

Tá cuma ghairmiúil ag an obair – ach is grá agus diograis na gnéithe is tabhachtaí ann, seachas airgead. Tá sé go maith go bhfuil altanna mar seo sa Sunday Tribune agus sna meáin Bhéarla ó am go chéile – an rud is annamh is iontach – agus fiú go bhfuil an chreidiúint ag dul don dream is lú atá sé tuillte acu, i gcead doibh agus gan dímheas orthu a deirim san, is cinnte nach mbeadh altanna mar seo ann ach an obair ceannródach atá ar bun ag faobhar nua na Gaeilge.

Ní fheadar cad a cheapfadh Ó Riordáin faoin chasadh seo ar a línte chlúiteach óna dhán, Saoirse (féach thúas).

Dá labhródh bean ghnéasúil thú,nach gnéasófaí do ghuth

Gach seans nach mbeadh morán measa aige ar a leithéid…….cad a cheapann sibh?

3 thuairim ar “Uasghnéasú na Gaeilge?

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    a Choncubhair déanfaidh uasgnéasú an beart go deas.Bhfeidir go bhfuil beagán den uasghnéasú seo ag teastáil ó Fianna Fail.

    Freagra
  2. colm

    Na daoine aonaracha a luaitear thuas, níl iontu ach toradh ar an obair mhór a rinneadh le tríocha nó ceathracha bliain anuas.

    Fiche éigin bliain ó shin, cuireadh Cynthia Ní Mhurchú inár láthair mar éadan feiceálach gnéasach na Gaeilge ag an am. Rinneadh suirbhé thart ar an am céanna, agus dúirt 24% dóibh siúd a ceistíodh go gcuirfeadh siad a gcuid páistí chuig Gaelscoil ach Gaelscoil a bheith sa gceantar (dúirt an Cynthia chéanna, más buan mo chuimhne, nach gcuirfeadh sise!!). Fós sa lá atá inniu ann, níl an deis ag an 24% sin, cuirtear gach dris cosán sa mbealach ar na scoileanna céanna agus ar a mbunú.

    Ach an méid a fheiceann muid anois, is de thoradh ar streachailt na gcéadta agus na mílte a bhunaigh Naíonraí, Gaelscoileanna, irisí, agus a d’oibrigh ar son na teanga ar mhíle shlí éagsúla, sa nGaeltacht, ó Thuaidh, agus i ngach aon chuid den tír.
    Is deas an rud é éadan dathúil a fheiceáil, ach mura bhfuil na daoine taobh thiar dó, is beag a thiocfaidh as.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach /  Athrú )

Ceangal le %s