An ‘Murder Machine’

Tá an Murder Machine i mbun an droch obair arís. An Murder Machine? Na Scruduithe Stáit – an Teastas Soisireach agus an Ard Teist.

Níl córas oideachais againn sa tír seo – ach tá córas scruduithe ann. Má tá an bunriachtanas ag dalta scoile maidir le a rogha chúrsa triú libhéal, cén fath nach dtabharfaí an seans sin do nó di?

Más ceist airgid é, is bocht an teist é ar ár gcuid tosaíochtaí mar phobal.

Níl aon athrú suntasach tagtha ar an gcóras ‘oideachais’ ó ré Phádraig Mac Piarais…..an t-é a scrígh an leabhar ‘Murder Machine’ agus é ag trácht ar an gcóras oideachais a bhí ag Rialtas na Breataine sa tír seo…

Agus cuireann an cineal tuairisciú atá á dhéanamh ag na meáin chraolta agus chlóite Béarla ar an Ard Teist múisc orm. Amhail is nach bhfuil aon rogha eile ann agus iad ag moladh na h-athruithe atá déanta ar an dtrathchlár chun go mbeadh deis ag na h-iarrthóírí teacht chuthu féin idir scruduithe ina mbionn cuid mhór scriobh le déanamh acu.

Seo réiteach nios fearr – scruduithe nach mbionn an oiread san scríobh le déanamh ann a dhearadh sa chéad dul síos!

Réiteach nios fearr arís – córas meastóireachta leanúnach a bheith i réim ionas nach mbionn do shaol iarbhunoideachais ar fad ag brath ar conas mar a eiríonn leat i dtréimhse coicíse i mí an Mheithimh…..

Agus abair go bhfuilim ag tabhairt an iomarca súntas don tús áite a bheith tugtha don Bhéarla ar sceideal na scruduithe? Nach í an Ghaeilge an ‘chéad teanga oifigiúil’ go fóill?

3 thuairim ar “An ‘Murder Machine’

  1. aonghus

    Tá láidreacht amháin sa chóras. Go gcuirtear an scrúdú chéanna ar chách, agus gur anaithnid a chuirtear é.

    Tá mórán ábhair ann a bhfuil gné pearsantachta ag baint leo, agus go mb’fhéidir go mbeadh tionchar ag an gcaidreamh idir oide is dalta ar marcanna.

    Dá bhfeadfaí an gné sin a shlánú, bheadh córas leanúnach thar barr. Meascán an rud is fearr is dócha – tá gné mar sin ag baint le heolaíocht don teastas sóisearach.

    Is mór an feall é go ndearna duine amháin praiseach de scrúdú an lae amáraigh!

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ní láidreacht ach laige é an rud atá tú ag caint air. Is é an sprioc oideachas a chur ar dhuine agus bealach a aimsiú chun a chinntiú go bhfuil libhéal áirithe oideachais atá ann.

    S’én rud atá á reachtáil anois ná comórtas ina bhfaigheann sciar áírithe den phobal buntáiste ollmhór thar an chuid eile. Is é an sciar sin an dream atá tuismitheoirí saibhre acu ar féidir leo íoc as scoileanna d’ard chaighdeán is ranganna breise is eile. An duais do ‘bhuaiteoirí’ an chomórtais go mbeadh deis acu sin dul ar aghaidh agus oideachas triú libhéal a fháil a fhagann go bhfuil buntáiste níos mó arís ag na ‘buaiteoirí’ seachas na ‘cailteoirí’.

    Tuigim an chóras mar a oibríonn sé agus tá sé cothrom a dhothain an slí a oibríonn sé. Ach tá an córas tógtha ar bhunshraith mhí chothrom sa chéad dul síos.

    Tá áthas orm go bhfuil praiseach déanta de scrúdú an lae amaraigh. Léiríónn an botún simplí seo agus an freagra thar fóir go bhfuil lúb ar lár sa chóras.

    Córas é an chóras teistiméireachta chun eagothromas sa sochaí a chosaint agus a chaomhnú Mar sin aon rud a bhaineann d’údarás choras dá leithéid, is rud maith é.

    Freagra
  3. aonghus

    Ach bheadh an buntáiste ceannann chéanna ag baint – agus baint níos láidre aige – le córas leanúnach. Go hairithe más iad oidí na scoileanna “maithe” a bheadh ag reachtáil an chórais. Is é, mar shampla, an airgead is bunús leis an rabhartha eisceachtaí agus díolúine ó staidéir an Ghaeilge.

    Tá sé ró mhall an córas a leasú ag an deireadh. Feabhas sa bhunscoil, agus fiú roimh na scoile atá de dhíth. Ach fós beidh míchothramas ann. Muna gcuireann na tuistí luach ard ar oideachas – mar a chuireann muide san íseal mheanaicme uirthi – is cuma cé na huirlísí a chuirtear i lámha na gasúir, gheobhaidh siad siúd a bhfuil tacaíocht a dtuismithoirí acu buntáiste breise as.

    Caithfear an leath murder machine a leasú, cinnte. Ach sé an ardteist an gné deiridh is ceart a leasú, ní an chéad gné.

    Dá mbeadh córas Scoil Éanna (agus sampla Montessori nó Steiner nó do rogha saoi) á leanacht, bheadh muid níos fearr as cinnte. Tá gnéithe de sin ann, ach is deacair a cheart a thabairt do gach gasúr i rang bunscoile ina bhfuil 30 leanbh.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s