An ceart glan ag Pól Ó Muirí!

B’fhéidir go bhfaigheann sibh deacair an cheannlíne sin a chreidiúint ar thrachtaireacht ar an mblag seo. Ná bí ag caint – níl sé leath chomh deacair agus é a fheiscint ón dtaobh seo. Tá sean rá ann sa Bhéarla, go mbionn fiú sean chlóg ceart dhá uair sa ló – sin míniú amháín a thabharfainn ar an scéal.

Ach is é an míniú eile go bhfuil alt inniu ag Pól Ó Muirín, mo shean chara(!), i dTuarascáil an Irish Times faoi eispearas a bhí aige le Foras na Gaeilge, an chomhlacht teanga tras teorainn atá anois i bhfeidhil ar fhoilsiú leabhair Ghaeilge. Roimhe seo b’é Bórd na Leabhar Gaeilge a bhí i bhfeidhil ach chuir an tAire Ó Cuív deireadh le sin ag an Oireachtas i gCathair na Mart i 2007.

In alt Uí Mhuirí deirtear go beacht é:

Ba é Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív a chuir deireadh le Bord na Leabhar Gaeilge agus a d’aistrigh cúram na leabhar faoin Fhoras. Níor mhínigh sé go sásúil riamh cén fáth go ndearna sé é sin agus níor chosúil go raibh gach foilsitheoir ag iarraidh athrú den sórt. B’fhéidir go ndearna sé an t-athrú i ndúil is go dtiocfadh tuilleadh feabhais ar chúrsaí scríbhneoireachta. I gcás an scríbhneora seo de, ní hamhlaidh an scéal.

Roimhe seo, bhí an seanbhord leabhar neamhspleách ar an Fhoras – agus seo ceann de na rudaí díomácha faoi chinneadh seo an chláir – thug an seanbhord tacaíocht dom leabhair eile d’fhoghlaimeoirí agus do dhéagóirí a scríobh mé. Tá sraith bheag leabhar agam san earnáil seo nach mbeadh scríofa murach an tacaíocht sin agus bhain cuid acu gradaim – aitheantas dom féin agus, gan amhras, don bhord as iad a choimisiniú an chéad lá riamh.

Níl mé orthu sin a thaithníonn leabhair Uí Mhuirí liom ach bhéinn ag ínsint bréig dá ndéarfainn ná raibh fiúntas lena scéalta bleachtaireachta faoin bhangharda Paloma – níl a fhios agam cad as a bhfuair sé an t-ainm ach sin scéal eile. Is é an fiúntas a bhaineann le saothair den chineál seo agus saothair údair eile, go h-áirithe Ré Ó Laighléis agus Méadhbh Ní hEadhra, go bhfuil siad ag mealladh leitheoirí óga.

Léitheoirí is mó atá ag teastáil – cé nach féidir liom locht a fháil ar an scéim nua atá á reachtáil ag an Fhoras ‘ Scríobh Leabhar’. An cheist a bheadh agam ná seo: céard a dhéanfaidh na páistí atá á spreagadh chun ‘leabhair’ a scríobh nuair atá siad ag iarraidh, amach anseo, tabhairt faoi úrscéal Ghaeilge a scríobh?

Níl a fhios agam – nó ag aoinne eile, thabharfainn buille faoi thuairim – conas mar a dheineann Foras na Gaeilge leabhair a cheadú nó a dhiultú? An bhfuil ‘fochoiste’ ann chun seo a dhéanamh, in áít a bhíodh bórd ann roimhe? An bhfuil aoinne ar an bhfochoiste sin le h-eolas beacht ar na leabhair Ghaeilge atá de dhíth?

Ar ndóigh tá leabhair faoin nGaeilge á fhoilsiú? Foilsíodh an leabhar ‘A New View Of Irish’ anuraidh – Cois LIfe a d’fhoilsigh agus Caolfhionn Nic Pháidín, comhalta boird ar Fhoras na Gaeilge, agus Seán Ó Cearnaigh, feidhmeannach sinsearach san Fhoras, a bhí ina h-eagarthóirí ar an saothar. Cheapas nárbh fhiú morán an leabhar sin – taobh amuigh de leithéidí Lillis Ó Laoire is Breandán Delap, is beag meas a bheadh agam ar dhearcadh dhuine ar bith a scrígh ann. Agus sin ráite, d’fhéadfainn easaontú lena dtuairimí siúd freisin!

Tugaim faoi ndeara freisin go bhfuil leabhar nua ar an mhargadh faoi oidhreacht an Phiarsaigh, leabhar eile lán le h-aistí troma faoin réabhlóidí. Is cosúil go bhfuair an leabhar seo tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge agus mura bhfuil dearúd orm is saothar dhá theangach é. Tá ard mholadh faighte aige ó phearsaí ní lú ná Ruth Dudley Edwards, údar ar bheathaisnéis an Phiarsaigh roimhe seo agus mór phearsa i Scoil na nAthscríobhaí Staire.

Ag an am chéanna, má tá acmhainní an Fhorais á chaitheamh ar shaothair troma acadúla in áít ar leabhair éadroma siamsaíochta is bleachtaireachta, tá lúb ar lár ann. Caithfear nós na leitheoireachta a chur mar shíol sa leitheoir óg le go bhfasfaidh sé.

Agus is léir nach bhfuil seo ag tarlú mar is ceart. Tá an ceart glan ag Pól Ó Muirí an ceist a chur faoin mbealach atá Foras na Gaeilge ag caitheamh le leabhair Ghaeilge agus le spreagadh is tacú údair chun leabhair Ghaeilge a scríobh. Tá sé ag tochas a cheirtlín féin, gan amhras, ach ní h-ionann sin agus a rá nach bhfuil tabhacht leis an méid a deir sé dúinn go léir ar suim leo léamh agus scríobh na Gaeilge.

Tá dearcadh ‘frith óige’ léirithe ag an bhForas go dtí seo i réimse na litríochta is na h-iriseoireachta nó tharraing siad siar tacaíocht don nuachtán laethúil Ghaeilge, tá tarraingt na gcos ar siúl faoin tacaíocht don nuachtán seachtainiúil Ghaeilge agus níl aon tacaíocht ar chorr ar bith á thabhairt do na tograí is bisiúla in iriseoireacht na Gaeilge, nós* agus An Druma Mór/Nuacht 24.

3 thuairim ar “An ceart glan ag Pól Ó Muirí!

  1. aonghus

    Bhí ceisteanna ann le fada faoi fheidhmiú Bord na Leabhair Gaeilge, ach níl aon feabhas – ach a mhalairt – tagtha ar chursaí ó tugadh isteach faoi dhíon Folús na Gaeilge iad. An dream céanna atá freagrach as Áis – atá in ainm is leabhair a dhíol le díoltóirí leabhair, ach a dhiúltaigh ordu a ghlacadh do leabhair uair nó dhó agus mise ag iarraidh leabhair a fháil tríd siopa leabhair. Uair amháin siocair is nach raibh an leabhar i gcló fós, cé go raibh dáta foilsithe ar fáil. Uair eile, toisc go raibh stocáireamh ar bun.

    Tá margadh na leabhair Ghaeilge chomh beag sin go bhfuil cúnamh airgid – stáir nó eile – de dhíth. Ach níl maorlathas de dhíth.

    Ba cheart Bord na Leabhair Gaeilge agus Áis a chomhnascadh, agus bord a bheith roghnaithe ar an dá eagraíocht le ionadaíocht ó na foilsitheoirí agus ó léitheoirí – b’fhéidir go bhfeadfadh dream cosúil leis an gComhdháil nó an Chonradh feidhmiú sa ról sin. Agus ionadaíocht freisin ó criticeoirí sna meáin agus sna na hollscoileanna.

    Tá gá, mar a bhíonn Tadhg agus daoine eile ag rá, ní hamháin údáir ach freisin le heagarthóirí. Ní aos an phinn dearg, ach daoine a bhfuil tuiscint acu ar chonas plota agus carachtar a fhobairt go cuí do seanrá an leabhair.

    Sin mo racht go n-uige seo.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Ní thabharfainn aighneas ar an easpa caidrimh atá idir mé féin agus Pól Ó Muirí – is amhlaidh nach réitim leis. Dhá dhéarcadh éagsúil ar an saol agus mar sin de. Duine trodach mé ó nadúr.

    Tá foilsitheoireacht leabhair Ghaeilge imithe ar chúl go mór agus é faoi choimirce an Fhorais. Níl a fhios ag aoinne cén proiseas atá i gceist maidir le ceadú nó diultú choimisiúin. Níl cúntais ar fáil – mar sin ní thuigimíd céard atá ag tarlú don t-airgead atá ag dul don ghnó seo, conas mar atá sé roinnte. Níl aon eolas ann – agus cothaíonn sin go leor deacrachtaí.

    An bhfuil láimh ag comhaltaí an Fhorais i roghnú na leabhair atá le ceadú nó le diultú? Má tá, an bhféadfadh sé tarlú go raibh comhaltaí Shinn Féin ar bhórd an Fhorais, agus is pairtí é SF atá cáínte go géar ag Ó Muirí, ag diultú coimisiún a thabhairt do de bharr an stair idir é agus an pháírtí? Nuair nach bhfuil an proiseas atá ann tre dhearcach, nuair nár tugadh aon chúis don diultú, is ceist bailí é sin le cur….nach é?

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s