Cad a dhéanfaimís feasta gan POBAL?

Cé go gcuirim a mhalairt in iúl ó am go chéile, tuigim go bhfuil gá agus riachtanas le reachtaíocht chun an Ghaeilge a chosaint. Is amhlaidh nach gcreidim go bhfuil an chosaint chuí á thabhairt ag Acht na dTeangacha Oifigiúla don teanga. Is cairt mhaorláthach atá ann seachas cáirt cosaint teanga.

Ag an am chéanna, caithfear dul i ngleic leis an maorláthas céanna agus an teanga a bhaineann siad úsáid as a úsáid chun cosaint cheart a fháil don Ghaeilge.

Sin é go díreach an obair barr riachtanach ar bun ag POBAL ó thuaidh. Bionn POBAL de shior ag stocaireacht, ag beartú, ag gníomhú agus ag plé le na h-udaráis ar mhaithe leis an Ghaeilge agus pobal a labhartha. Ní doigh liom go bhfuilim ag tabhairt masla d’aon ghrúpa teanga eile san oileán má dheirim nach bhfuil a sarú le fáil. Is é seo an obair leadránach, dúinne nach bhfuil ag gabhail do pé scéal é, fadalach, tuirsiúil, gan buiochas, atá á dhéanamh ag POBAL. Obair riachtanach atá i gceist agus obair nach bhfuil á dhéanamh ag aon pháirtí pholatúil agus atá ina acmhainn ag gach páirtí polatúil…..

Agus léirigh siad an barr feabhais atá ar a gcuid oibre nuair d’áitigh siad ar na Náisiúin Aontaithe tacú le seasamh POBAL go bhfuil Rialtas na Breataine ag cliseadh ar a ndualgaisí i leith na Gaeilge. Sin rud nár dhein Coiste Cearta Shoisialta, Eacnamaíochta agus Cultúrtha riamh roimhe, ráiteas a éisiúint ar cheist teanga mar seo.

An tseachtain seo chaite a d’éisigh na Náisiúin Aontaithe an daorbhreith seo ar mhí-iompar Rialtas na Breataine i leith na Gaeilge. Cé gur feidir go dtugtar neamairt ar an iompar seo, b’fhearr liomsa mí-iompar a thabhairt air. Aithníonn Rialtas na Breataine go bhfuil gá cosaint a thabhairt do Ghaeilge na hAlba in Alba agus don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag – ach ar chúis éigean ní féidir leo na dualgaisí atá orthu maidir leis an Ghaeilge a aithint i dtuaisceart na hÉireann.

Bhí sé suntasach go raibh sé luaite sa ráiteas a d’éisigh na Náisiúin Aontaithe go raibh gá le cosaint reachtúil ar nós na reachtaíochta sna tíortha eile – ach anuas ar sin go raibh gá le cead an Ghaeilge a úsáid sna cúirteanna agus, freisin, go raibh sé riachtanach go mbeadh an Ghaeilge á chraoladh sna meáin chraolta.

Dar liomsa ní fiú morán reachtaíocht ar son na Gaeilge mura bhfuil cosaint á thabhairt don Ghaeilge sna meáin, sna meáin chraolta ach go h-áirithe. Tá sin soiléir ó dheas nó, mar atá léirithe agam ar an mblag seo anseo, tá sceannairt á dhéanamh ag RTÉ ar chláracha chúrsaí reatha i nGaeilge ar sceideal RnaG agus iad ag iarraidh ciorruithe a dhéanamh. Go deimhin is dócha go bhfuil cosaint ag an nGaeilge sa reachtaíocht faoinar bunaíodh RTÉ ach is beag ceann seachas béal craiféacht a thugann an Chraoltóir Náisiúnta do sin.

Tá reachtaíocht, bunaithe ar phroiseas chomhairliúcháin fadalach agus cuimsitheach, cumtha ag POBAL chun cosaint a thabhairt don Ghaeilge ó thuaidh. Reachtaíocht ceart bhunaithe atá ann – seachas scéim bhunaithe. Níl aon suim ag Feidhmeannas an Tuaiscirt rud ar bith a dhéanamh faoi – agus bí cinnte de seo, má chuireann siad reachtaíócht ar na leabhair lá i bhfad nios faide anonn, beidh an reachtaíocht sin bunaithe ar chur chuige gan chnamhdroma na reachtaíochta ó dheas sna 26 contae seachas ar reachtaíocht POBAL. Sin an chomhairle atá tugtha go minic ag an Aire Ó Cuív d’údaráis an Tuaiscirt nó tá sé ráite aige sa Dáil go gcungaíonn an reachtaíocht, Acht na dTeangacha OIfigiúla, na dualgais atá ar an stat ar aon nós, de réir na Bunreachta, maidir leis an nGaeilge.

Ní ró bhuioch atá na h-údaráis ar cheachtar taobh den teorainn as ucht an bharra maidir le cearta teanga a ardú. Agus sin an fath go mbionn an scatheagras i gcónaí faoi bhagairt ó mhaoinitheoirí ar nós Foras na Gaeilge, is dócha…

Aon tuairim amháin ar “Cad a dhéanfaimís feasta gan POBAL?

  1. Feirsteach

    Aontaím go an-obair ar fad ar siúl ag POBAL go háirithe ó thaobh stocaireachta de.

    Ceapaim go bhfuil an-obair ar siúl ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ach go háirithe ó thaobh margaíochta de.

    Bheinn féin den tuairim gur chóir go mbeadh breis comhoibrithe ar siúl idir an dá eagraíocht seo, i gcomhthéacs na seiminéir comhoibrithe atá eagraithe ag an gComhdháil.

    Má tá comhoibriú leanúnach ar siúl idir an dá eagraíocht b’fhiú é seo a phoibliú níos éifeachtaí.

    B’fhéidir go mbeadh a leithead de ródseó Gaeilge uile-Éireannach an-spéisiúil agus an-úsáideach do POBAL, don gComhdháil, don Chonradh agus d’eagrais eile chun iad féin a chur i mbéal an phobail.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s