An féidir le na Náisiúin Aontaithe Rialtas na Breataine a náiriú ar cheist Acht na Gaeilge?

Is é seo an méid a bhí le rá ag Comhairle Eacnamaíochta agus Soisialta na Náisiún Aontaithe faoi easpa cur chuige Rialtas na Breataine ar an cheist seo. Mo bhuiochas do Ghael Gan Náire agus a thrachtaireacht ar an gceist seo ar Slugger O’Toole, diospóireacht thar a bheith suimiúil, as an nasc a chur ar fáil.

Nior mhiste liom diospóíreacht a bheith anseo ar an gcúinse seo – deintear diospóireachtaí faoin nGaeilge ar Slugger a threorú isteach go páirc imeartha amháin, páirc imeartha ina mbionn an imirt dírithe ar an sean chogadh seicteach. Sa chás seo tá an diospóireacht nios fearr ná sin – ach mar sin féin….

37. 37. The Committee is concerned that there is still no protection in respect of the Irish language in Northern Ireland, whereas the Welsh and the Gaelic languages are protected by the Welsh Language Act 1993 and the Gaelic Language (Scotland) Act 2005, respectively. (arts. 15 and 2)

The Committee recommends that the State party, or the devolved administration in Northern Ireland, adopt an Irish Language Act, with a view to preserving and promoting minority languages and cultural heritage, and invites the State party to provide detailed information on the progress made in its next periodic report.

Tá an tuairisc ina iomláine le léamh anseo. E-C12-GBR-CO-5-1

An ceist atá le cur anois, an féidir Rialtas na Breataine a bhrú nó a náiriú ar an gceist seo?

Ag an pointe seo a thugaim chun cuimhne an chamastaíol ar fad a raibh ar bun ag Rialtas na Breataine, i gcomhpháirt le Rialtas SAM le linn Uachtaránacht George W. Bush – an chaipéis cham, an maíomh bréagach faoi armlóin ollscriosta. Agus deirim nach doigh liom go bhfuil bealach ar bith ann Rialtas na Breataine a náiriú….

Aon tuairim amháin ar “An féidir le na Náisiúin Aontaithe Rialtas na Breataine a náiriú ar cheist Acht na Gaeilge?

  1. aonghus

    Níl fhios agam an féidir iad a náiriú, agus tá UNESCO chomh polaitiúl nach bhfuil fhios agam an bhfuil feidhm len iad a bheith sa díospóireacht.

    Ach is fiú i gcónaí aon iarracht an díospóireacht a leithniú amach ón gcaid caidheach tréabhach.

    Seans gur cabhair a bheidh ann mar sin.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s