Gadscaoileadh agus RTÉ RnaG

Tá RTÉ ag séanadh tuairiscí i nuachtáin éagsúla, a fhoilsíodh Dé Domhnaigh, go raibh an Craoltóir Náisiúnta nach mór banc bhriste agus ar tí stop a chur le craoladh roimh dheireadh na bliana seo.

Is cinnte go bhfuil níos lú fograíochta acu ná mar a bhíodh – deirtear go bhfuil bearna sna cúntais acu – tuairim is €68m atá ar iarraidh ar an gCraoltóir chun billí a ghlanadh.

B’fheidir gur míniú é sin ar an bhfath go bhfuil an tua ag titim ar chláracha chúrsaí reatha RTÉ Raidió na Gaeltachta. Dar liomsa tá áiteanna eile a fhéadfadh an tua titim ar dtúis.

Ní thuigim, mar shampla, cén fath go bhfuil RTÉ ag craoladh sé staisiún raidió digiteach, staisiúin atá ag craoladh ar fuaid an domhain ceol is caint atá ar fáil ó staisiúin eile digiteacha. Tá nios mó i dteangacha ar nós Chóiréis ná mar atá i nGaeilge. Ni chreidim nár cheart Cóiréis a chraoladh ar staisiúin RTÉ – ach creidim go bhfuil muintir Chóiré, iad san atá ina gcónaí anseo in Éirinn, agus iad san atá cónaí sa Chóiré féin, ábalta teacht ar ábhar ina dteanga dúchais in áiteanna eile.

Ná ceapfadh éinne nach tionscnamh costasach é an raidió digiteach. Tá iliomad diosc mharcaigh á n-íoc, gan trácht ar staisiúin iasachta, as ucht na cláracha atá ag líonadh na sceideal ar na staisiúin digiteacha éagsúla.

Mar sin agus lucht tua RTÉ i mbun sceannairte in RnaG, ní mór a mheabhrú go bhfuil áiteanna eile ar féidir leis an tua titim ach nach dtitfidh sé.

Agus mar thoradh ar chomh neamartach is chomh faillíoch i leith na Gaeilge agus, go h-áirite, i leith cúrsaí reatha trí Ghaeilge, táim in amhras go dtuigeann siad an dochar atá á dhéanamh acu don teanga agus an Rialtas ag iarraidh, maítear, plean a chur le chéile chun an tír a bheith go h-iomlán dhá theangach faoi 2028 nó 2029….

Tá deacracht eile anseo freisin. De bhrí gur staisiún gan fógraí é RTÉ RnaG, níl siad ag brath ar éisteoirí an oiread is atá staisiúin raidió eile. Ní luaitear RTÉ RnaG riamh i suirbhéanna JNLR ar an líon lucht éisteachta atá ag staisiúin éagsúla.

Mar sin de nuair a thagann am go bhfuil criosanna á theanntú mar atá anois, níl aon rogha ag saoistí RTÉ RnaG ach ciorruithe a dhéanamh. Níl aon meicníocht ann chun breis ioncaim a ghinniúint. An uair dheireannach a bhí géarchéim ann, i mblianta luatha na mílaoise úire, labhair mé le ceannaire an staisiúin an uair úd, thar cheann Lá, féachaint an mbeadh spéis acu dá ndéanfaimís urraíocht ar chlár ón sceideal, leithéidí Seó Ronán a bhí i gceist againn. Cé go raibh sé béasach, b’é bun theachtaireacht an t-é a labhair mé leis ná raibh spéis in aon tacaíocht ó nuachtán laethúil na Gaeilge.

I bhfirinne, is fadbh an oiread is gur buntáiste é gur institiúid stáít é RTÉ Raidió na Gaeltachta. Na daoine, daoine breatha gan amhras, atá ag obair ann, tá siad beo ar airgead ón sparán phoiblí. Faigheann siad tuarastal substaintiúil, gheobhaidh siad pinsean brea freisin. Ní gá doibh bheith beo sa bhfíor shaol, ag díol fograíocht nó a leithéid sa mhargadh mór.

An bhfuil sé in am deireadh a chur leis an gcur chuige seo? Is cuimhin liom an cheist a chur ar cheannasaí RTÉ RnaG trath agus dúirt sé liom nach n-iocfadh sé an staisiún fograíocht a lorg.

Níl a fhios agam mar gheall ar sin inniu. Tá coistí pobail is eile a bhionn ag seoladh fógraí chuig an staisiún faoi imeachtaí éagsúla, bionn daoine ag díol gluaisteain is eile ar chláracha ar nós Foinn agus Fógraí, bionn fógrai ann faoi oícheannta ceoil i dtithe tabhairne. Cén fath nach féidir taille a ghearradh ar an bhfógraí seo?

Má leanann RTÉ RnaG ar aghaidh gan foinse breis ioncaim a aimsiú, fágfar é mar a dúirt Máirtín Ó Direáin ina dhán ‘Gadscaoileadh’.

Gad ar ghad
Anuas má ghearrais díot é
Ait liom i ndiaidh na sceannairte
Más tú tá ann ach iarlais.

Aon tuairim amháin ar “Gadscaoileadh agus RTÉ RnaG

  1. aonghus

    Is dóigh liomsa go mba cheart RTÉ tré chéile (agus TG4 freisin) a bheith gan fógraí, ina craoltóir seirbhís poiblí ceart.

    Faoi láthair ní iasc ná feol iad.

    Ní chun leasa caighdeán cláracha RTÉ a théann fógraíocht, agus cuireann an ioncam fógraíochta rudaí as a riocht.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s