In am don DUP an phort sheicteach a athrú

dup
Nil aon craolachán pholatúil i nGaeilge ag an DUP, is oth liom a rá. Bheadh sé spéisiúil dá mbeadh.

Ar ndóigh ní bheithfeá ag súil lena leithéid i bhfianaise go bhfuil an páirtí seo go fóill ag maíomh ós ard – agus ina bhforogra toghcháin – go bhfuil stop curtha ag an bPáirtí le comhlíonadh an gheallúna i gComhaontú Chill Rimhinn go mbeadh Acht Ghaeilge ann.

Tá sé á thuairisciú go bhfuil Peter Robinson, Ceannaire an DUP agus Céad Aire an Tuaiscirt, agus Martin McGuinness tar éis ráiteas a éisiúint ag rá go gcaithfear deireadh a chur le pláig an tseicteachais.

Maith go leor. Mar chomhartha dea thola is dea mhéine agus dea rúin i leith an ráitis seo, ba cheart don DUP eirí as an freasúra seo don Acht Ghaeilge agus don Ghaeilge i gcoitinne.

Táimíd tar éis cur suas leis an bhfimíneacht uatha ar feadh ró fhada. Ní fiú tada, dar liom, a gcuid ráitis i dtaobh deireadh a chur le seicteachais i bhfianaise go bhfuil siad fós chomh binibeach sin in éadan na Gaeilge, ní h-amháin Acht Ghaeilge.

Má tá, mar a gheall an Leas Chéad Aire, Martin McGuinness, sé fíor nach bhfuil ach leamhshainn i ndán don bhFeidhmeannas ó thuaidh má leanann an DUP ag gabhail don phort seicteach atá ag an pháirtí sin, creidim nár cheart do pháirtí náisiúnacha filleadh ar roinnt na cumhachta go dtí go mbeidh an DUP sásta a h-áít cheart a thabhairt don Ghaeilge i dtuaisceart Éireann, mar atá tugtha don Ghaeilge in Alba agus don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag.

4 thuairim ar “In am don DUP an phort sheicteach a athrú

  1. Fearn

    Bhfuil tú a maíomh go dtugann na partaithe aontachtúla in Alban agus sa Bhreatain Bheag a “áit cheart” do theangacha na mbundúchasach? Tá dul amú ort.

    Bheadh sé níos fusa a “áit cheart “ ag Iúdach d’fháil ó Náitsíoch.

    Freagra
  2. Seán Mór

    Tá an ceart agat a Choncubhair, ach thig leat a bheith cinnte faoi dhá rud: ní bheidh aon athrú poirt ón DUP i dtaca leis an Ghaeilge, agus ní sheasfaidh Sinn Féin aon fhód ina gcoinne níos mó.

    Tá Acht na Gaeilge chomh marbh le hArt. Agus níl freasúra ceart sna Sé Chontae níos mó… an bhfuil éinne sa chuid sin d’Éirinn atá measartha saor ag iarraidh teach teaghlaigh in eastát tithíochta a mhalartú linn??????

    Freagra
  3. Feirsteach eile

    A Sheáin,

    Ag an am ceanna, is beag Gaeilgeoir atá ag iarraidh ar Shinn Féin chun siúil ar shiúil ón ‘proiseas’ ar mhaithe le hAcht Gaeilge ar eagla go mbeadh an pobal náisiúnach i gcoitinne mí-shasta le Gaeilgeoirí.

    Freagra
  4. Seán Mór

    Déarfainn go bhfuil an ceart agat, a Fheirstigh… tá muid breá cleachta leis an teitheadh, thar sáile i 1607 agus faoin tábla i Stormont i 2009! 🙂

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s