Deireadh an róid d’Fhoras na Gaeilge?

Agus sinn ag smaoineamh ar an deireadh seachtaine fada ag síneadh romhainn, meabhróimís ar phriacal fheidhmeannaigh Fhoras na Gaeilge atá, de reir mar a thuigim ó fhoinse iontaofa, ag teacht le cheile chun ‘athbhreithniú a dhéanamh ar eifeachtacht (nó mí eifeachtacht) na comhlachta teanga tras teorainn’.

De réir an eolais atá tagtha chomh fada liom, agus níl sé seo dearbhaithe go fóill, tháinig feidhmeannaigh an Fhorais le chéile an deireadh seachtaine seo chaite chomh maith. Agus de reir an fhoinse céanna, is é ‘eifeachtacht’ an Fhorais atá ar bharr an chláir oibre ag na cruinnithe seo.

Anois tá ceisteanna curtha agam anseo go minic faoi eifeachtacht an Fhorais agus cá bhfios go bhfuil na ceisteanna sin anois á fhiosrú ag na cruinnithe seo.

Cén fath, mar shampla, nach féidir le Foras na Gaeilge cúntais nó tuairisciú bliantúla a fhoilsiú in am? D’fhoilsíódh tuarascáil is cúntais 2004 i mí Feabhra na bliana seo….

Cén fath nár eirigh le Foras na Gaeilge aon ardú shuntasach a fháil ar a gcuid maoinithe – agus dá bhrí maoiniú na n-eagras Ghaeilge – idir 2002 agus 2007, tréimhse inar tháinig méadú ollmhór ar mhaoiniú eagrais chomh-ionann, leithéidí An Chomhairle Ealaíon a bhfuair €24m i 2002 agus a raibh ag fáil breis is €80m i 2007/8?

Cén fath go bhfuil an Foras ag earcú daoine sna réimsí mhaorlathacha agus iad ag tabhart le fios d’eagrais Ghaeilge gan aon duine a earcú gan cead ón bhForas, fiú caithfear cead a fháil chun folúntais a thagann chun tosaigh a líonadh?

An bhfuil brí agus éifeacht leis an mbealach atá an fhoireann roinnte idir oifigí éagsúla – oifig Bhaile Atha Cliath lán go doras agus oifig Bhéal Feirste folamh – furmhór an ama? Agus cad faoin phlean dílaraithe?

Nior mhaith liom aon tagairt beacht a dhéanamh d’eifeachtacht nó do mhí eifeachtacht phríomh fheidhmeannach an Fhorais, Ferdie Mac an Fhailigh. Ach ní h-eol dom go bhfuil sé tar éis teacht os comhair phobal na Gaeilge le míniú a thabhairt ar chúrsaí na linne seo agus ról agus feidhm an Fhorais sa tslí céanna a rinne príomh fheidhmeannach an Údaráis Pádraig Ó hAoláin mar shampla. Ní raibh sraith cruinnithe ag an bhForas mar a bhí ag an Údarás, mar shampla. Má tá éagóir á dhéanamh agam ar an tUasal Mac an Fhailigh, nior mhiste liom é sin a fhoilsiú anseo.

Is cinnte go bhfuil eagrais Ghaeilge thuaidh agus theas ag clamhsán faoin bhForas agus an easpa cinnireachta atá léirithe ag an gcomhlacht teanga tras teorainn. Tá an tAire fiú ag déanamh a mhachnamh ar ról maidir le cur chun cinn na Gaeilge sna 26 contae a bhaint, a bheag nó a mhór, den bhForas agus a chur i lámha Údarás na Gaeltachta (nó Údarás na Gaeilge).

Seo sampla amháin den ghearán atá á dhéanamh – in eagarfhocal an Andersonstown News an tseachtain seo, tugtar súntas don fhiric go bhfuil ciorrú de £200,000 déanta ar eagrais sa cheantar sin i mbliana ó mhaoiniú na bliana seo chaite. I bhfianaise na bhfiontar barr feabhais atá sa cheantar seo, an Chultúrlann, Raidió Fáilte, Nuacht 24 is Pobal, tá sé le tuiscint gur ciorrú fealltach é sin. Ní ansan amháin a thit an tua – ach níl siad chun fanúint ina dtost agus tá ar a laghad ball amháin den bhForas ón gceantar sin nach mbeidh sásta fanúint ina thost, bheadh súil agam.

Agus an bhForas seo i réim, tá nuachtán amháin Ghaeilge imithe den saol agus tá an nuachtán eile le cos amháín ar bhruach na h-uagha. Tá eagrais Ghaeilge ag sileadh postanna ar fud na bhfud a

Bhíos ag caint le fear le linn na seachtaine, fear a d’admhaigh go raibh sé ag léamh faoi láthair Plean 2028/9 do Chur Chun Cinn na Gaeilge etc. Nior thug sé aon leid dom faoi ábhar an phlean nó dúirt sé go raibh seisean ag iarraidh a dhéanamh amach cad ná raibh sa phlean céanna.

Seo leid uaimse – agus gan aon eolas a bheith agam ar an bplean ó aon duine – is é mo bharúil go mbeidh ról i bhfad nios lú ag Foras na Gaeilge i gcur chun cinn na Gaeilge ar bhonn oileanda ná mar a bhí go dtí seo. Ní feidir an locht ar fad a chur cúrsaí polataíochta thuaidh theas agus an DUP faoi seo – ní mór a rá freisin go raibh baint lárnach ag mí-eifeachtúlacht an Fhorais féin sa choiltiú seo.

Tá sé thar am go mbeadh cruinniú ag feidhmeannaigh an Fhorais le fiosrú a dhéanamh faoi eifeachtacht an eagrais agus mas é sin gnó a gcruinnithe taca an ama seo, is céim sa treo ceart é. Beifear ar an airdeall anois le féachaint cad iad na céimeanna eile a ghlacfar.

5 thuairim ar “Deireadh an róid d’Fhoras na Gaeilge?

  1. Feirsteach eile

    Is léir nach dtacaíonn Eamo leis an Fhoras. Is léir nach dtacaíonn na comhaltaí ach an oiread.

    Dúirt Sinn Féineach mór le rá le cara liom go raibh siadsan ag iarraidh deireadh a chur leis.

    Tá pobal na Gaeilge ar daoraí faoin Fhoras fosta.

    Ach cad a bheadh ann ina áit? Faic? Nach measa sin?

    Freagra
  2. Feirsteach eile

    ” Níl a fhios agam faoin tuaisceart?”

    Sin an rud.

    Tuaisceartaigh fágtha ina n-aonar chuin troid go laethúil le Greagóir Caimbeul ar mhaithe le pingíní?

    Ach tá muinín caillte ag na páirtithe móra leis an Fhoras.

    Ba chóir don fhoireann sinsearach ann éirí as go láithreach dar liom.

    Freagra
  3. igaeilge Údar an Ailt

    Nuair a fhreagair mé tú roimhe, a Fheirstigh, bhíos faoi dhithneas agus borb. Tuigim cás an tuaiscirt go rí mhaith agus murach an chacstaí atá déanta ag an bhForas ó thuaidh, bhéinn den tuairim gur cheart é a fhágáil ann, le feidhm ó thuaidh. Ní an Fhoras amháin atá le cionntú- tá locht ar an Aire freisin, aire atá ag dul ar fud na bhfud ag bunú foraim Ghaeilge, comhairlí Ghaeilge is eile – agus ansan ag gearán go bhfuil an iomarca eagrais Ghaeilge ann!

    Níl reiteach an scéil agam agus is é seo an am is measa riamh bheith ag tabhairt faoi athshamhlú ar struchtúr shaol na Gaeilge – cé gurb é seo an am is atá gá leis. Agus creidim nach bhfuil aon údar é a dhéanamh ar bhonn criochdheighilteach – ach sin an Aire duit.

    Beidh a thuilleadh faoin ábhar seo againn go luath agus beidh a thuilleadh smaointí is roghanna agam an uair sin…

    Freagra
    1. Fearganainm O'hEithir

      Is ríléir caidé atá ar intinn ag O Cuiv – postanna a chruthú ina dháilcheantar féin leis an Údarás na Gaeilge nua seo agus uain íobartach a dhéanamh den Ghaeilge sa Tuaisceart trí ról an Fhorais a laghdú. Ligfidh Caimbeul dó é a dhéanamh mar ansin beidh seisean ábalta a mhaíomh gur bhain sé amach ar deireadh cothromaíocht do mhaoiniú Scot-Ultaise vis a vis an Ghaeilge. Bua ag O Cuiv, bua ag Caimbeul, Sinn Féin ina cheap magaidh agus an Ghaeilge thíos leis mar beidh an phríomheagras Gaeilge anois i bhfad ón ardchathair, an t-aon áit a abhfuil dul chun cinn á dhéanamh ag an teanga – ach nach róchuma fhad is atá cúpla post breise thiar… Féarplé dóibh, d’éirigh go híontach le hiar-lucht na Comhdhála a bhí mar ailtirí ar Phlean 2028 aird a dhíriú ar áit eile seachas ar a leisciúlacht féin agus ar a n-easpa samhlaíochta féin.

      Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s