Ceisteanna agus Freagraí

Tá moladh ag dul do Chonradh na Gaeilge as ucht an suirbhé thíos a rinne siad ar na h-iarrthóirí ar fad atá á gcur féin ós comhair na votairí agus iad sa tóir ar shuíochán i bPairlimint na hEorpa don toghchán sin an tseachtain seo chugainn.

Tá mo bharúil féin agam faoi na bhfreagraí – nuair a deir polaiteoir go mbeidh sé ag úsáid na Gaeilge, an féidir linn sin a chreidiúint? Má deir siad go bhfuil siad ar son an mhaolú ar úsáid na Gaeilge sa Phairlimint a thabhairt chun deiridh, an leor seo a rá nó ar cheart go ndéarfaidh siad go mbeidh siad i mbun feachtais ghníomhaigh chun seo a dhéanamh.

Bíodh sin mar atá – an t-aon dream nach bhfaighidh aon vóta nó tacaíocht uaimse, na polaiteoirí a bhí ró leisciúil nó ró bhiogóideach in éadan na Gaeilge (iarrthóírí an UUP agus an DUP!) freagra a thabhairt ar na gceisteanna réasúnta seo.

Molaim Conradh na Gaeilge as an mbeartas seo – ach sílim go bhfuil gá le h-athmhachnamh a dhéanamh ar an gcur chuige in am don olltoghchán atá ag teacht. Creidim gur cheart go n-eagrófaí ocáid phoiblí nó sraith ocáidí agus go dtabharfaí cuireadh do na ceannairí ar fad teacht os comhair phobal na Gaeilge agus a seasamh ar cheisteanna móra an phobail sin a mhíniú. Arís ní dímholadh é sin ar an mbeartas seo – ach creidim go dtabharfadh an cur chuige atá molta agamsa seasamh níos fearr don Ghaeilge san fheachtas toghcháin….

Agus, ar cheist eile, ritheann sé liom gur beag seans a tharlódh tada mar seo, litir nó ocáid phoiblí, gan leithéidí Conradh na Gaeilge a bheith ann agus chomh gníomhach is atá….

Seo chugaibh na ceisteanna agus achoimre ar na bhfreagraí. Is féidir na freagraí ina iomláine a léamh anseo.
CAITH DO VÓTA LEIS AN nGAEILGE
FREAGRA NA nIARRTHÓIRÍ DO PHARLAIMINT AN AONTAIS EORPAIGH AR CHEISTEANNA NA GAEILGE
1. (a) Má thoghtar mar chomhalta de Pharlaimint na hEorpa tú, an labhróidh tú Gaeilge go
rialta agus mar ghnáthchleachtas sa Pharlaimint?

(b) Muna bhfuil tú compordach le caighdeán do chuid Gaeilge, an gcuirfidh tú feabhas ar do
chuid Gaeilge trí ranganna Gaeilge a ghlacadh / cúrsa féin‐foghlaim ar líne a dhéanamh chun
a chinntiú go mbeidh do dhóthain Gaeilge agat chun ionadaíocht a dhéanamh ar Éirinn san
Aontas Eorpach ag baint úsáid as an bpríomhtheanga náisiúnta?
2. An gcabhróidh tú le deireadh a chur leis an
maolú maidir le stádas na Gaeilge san Aontas
Eorpach (AE) trí bhrú a chur ar Rialtas na hÉireann
agus ar an Aontas Eorpach chuige sin?

An Seanadóir Alan Kelly, An Lucht Oibre, Toghcheantar an Deiscirt:
1. Níl sé ar a chompórd ag labhairt i nGaeilge, seachas ‘cúpla focal’. Ag iarraidh í a fhoghlaim.
2. Ba mhaith leis breis eolais faoin mhaolú. Thacódh sé beartas ar bith a bheadh chun leasa na Gaeilge.

Alban Maginness, SDLP, Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann
1. Níl Gaeilge aige. Bheadh sé ag iarraidh í a fhoghlaim. Tá an SDLP ar son Acht Ghaeilge ó thuaidh chun réimse seirbhísí a chur ar fáil do chainteoirí Gaeilge.
2. Ar son mholadh an Chonartha.

Bairbre de Brún, Sinn Féin Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann
1 & 2 ”Ar siúl aici go leanúnach.”

Brian Crowley, Fianna Fáíl, Toghcheantar an Deiscirt
1. Bionn cúpla abairt aige i nGaeilge i ngach oráid ach ní bheadh sé compórdach ag tabhairt oráide iomlán i nGaeilge.
2. Ar shon deireadh a chur leis an maolú chomh fada is go mbeadh an foireann aistritheoirí agus dlíodóirí/theanga-eolaithe ar fáil.

Caroline Simons, Libertas, Toghcheantar Átha Cliath
1) Tá sí sásta an Ghaeilge a úsáid sa Phairlimint.
2) Ar shon réimse iomlán seirbhísí i nGaeilge a bheith ar fáil.

Colm Burke, Fine Gael, Toghcheantar an Deiscirt
Gan freagra / No answer

Dan Boyle, An Chomhaontas Glas, Toghcheantar an Deiscirt
1. Cé nach bhfuil líofacht bainte amach ag Dan sa Ghaeilge go fóill, bheadh sé an‐shásta úsáid a bhaint as acmhainní
teanga ar bith a mholfadh an Conradh.
2. Bhí an Comhaontas Glas mar chuid den bhFreasúra nuair a cuireadh an maolú speisialta don Ghaeilge san AE i
bhfeidhm. Bhíomar ina choinne ansin agus táimid fós ina choinne.

Declan Ganley, Libertas, Toghcheantar an Iarthair
Go raibh maith agat as ucht do ríomhphost.
1 Ar bheagán Gaeilge.
2 Breis eolais á lorg aige. Ar shon stadas na Gaeilge a chaomhnú san AE.

Deirdre de Búrca, An Chomhaontas Glas, Toghcheantar Atha Cliath.
1.Ta ar intinn agam Gaeilge a labhairt go rialta sa Pharlaimint Eorpach ma thoghfar me ar 5u Meitheamh, agus gan dabht
beidh orm feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge! Chaith me seachtain sa Ghaeltacht i mBaile Feirtear an bhliain so
chaite agus déanfaidh mé an rud céanna an bliain seo.
2. Ar shon fáil reidh leis an mhaolú.

Diane Dodds, DUP, Toghcheantar an Tuaiscirt
Gan freagra / No answer

Eibhlin Byrne, Fianna Fáíl, Toghcheantar Átha Cliath.
1. Ar son a cuid Gaeilge a úsáid sa phairlimint.
2. ?

Eoin Ryan, Fianna Fáíl, Toghcheantar Átha Cliath.
1. Níl Gaeilge aige – ach ar son tacú lei.
2. Níl a dhothain aistritheoirí ann faoi láthair ach ag obair i dtreo an uair go mbeidh sin amhlaidh.

Gay Mitchell Fine Gael, Toghcheantar Átha Cliath.
1. Gaeilge aige agus ar son í a usáíd.
2. Ceist casta é seo nach féidir leis a fhreagairt.

Ian Parsley, Alliance
1. Roinnt Ghaeilge aige agus ag iarraidh í a fhoghlaim ach dar leis gur tabhachtai ‘priomh theangacha na hEorpa a fhoghlaim’.
2. Níl sé ar son deireadh leis mhaolú – ach tá sé ar shon breis airgid a chur ar fáil le h-aghaidh foilsitheoireacht agus craoladh i nGaeilge.

Jim Higgins, Fine Gael, Toghcheantar an Iarthair
1. 90% dá chuid oráíd i nGaeilge mar atá.
2. Ar son stadas níos laidre don Ghaeilge.

Jim Nicholson, UUP, Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann.
Gan freagra / No answer

Joe O’Reilly, Fine Gael, Toghcheantar an Iarthair
1. Úsáidfidh sé an Ghaeilge sa Phairlimint.
2.Gan amhras ar shon deireadh a chur leis an maolú.

Joe Higgins, An Pháirtí Shoisialach, Toghcheantar Átha Cliath
1. Bainfidh sé úsáid as an nGaeilge an oiread agus is féidir.
2. Caithfidh na cearta caoi a thabhairt don teanga.

John Paul Phelan, Fine Gael, Toghcheantar an Oirthir
Gan freagra / No answer

Kathleen Funchion
1. Ar bheagan Gaeilge ach ag iarraidh í a fheabhasú.
2. Ar son deireadh a chur leis an maolú agus deiseanna fostaíochta a chruthú do phobal na Gaeilge.

Kathy Sinnot, Neamhspleách, Toghlach an Deiscirt.
Gan freagra / No answer

Liam Aylward, Fianna Fáil, Toghcheantar an Oirthir.
1. Cúpla oráid i nGaeilge déanta aige. Ceal misnigh an chúis leis an neamairt seo. Níl sé i gceist aige aon chúrsa a dhéanamh chun cur lena chumas.
2. Gá le h-aistritheoirí.

Máiread McGuinness, Fine Gael, Toghcheantar an Oirthir
1.Sea/ YES
2. Sea/ YES

Marian Harkin Neamhspleách, Toghcheantar an Iarthair
Gan freagra / No answer

Mary Lou McDonald, Sinn Féin, Toghcheantar Átha Cliath
1. Beidh sí ag iarraidh cur lena cumas agus ansan tabharfaidh sí faoi níos mó úsáide a bhaint as an nGaeilge.
2. Ar son deireadh a chur leis an maolú.

Ned O’Keeffe, Fianna Fáil
1. Ar bheagan Gaeilge, chun freastal ar ranganna.
2 Ar son deireadh a chur leis an maolú.

Nessa Childers, An Lucht Oibre, Toghcheantar an Oirthir
1. – Ar bheagan Ghaeilge, chun cur lena cumas agus níos mó úsáide a bhaint aisti.
2. – Níl sí ar shon deireadh a chur leis an maolú nó níl sí ar son maolú breise a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge.

Padraig Mac Lochlainn, Sinn Féin, Toghcheantar an Iarthair.
Ag tacú leis an dá cheist

Paschal Mooney, Fianna Fáíl, Toghcheantar an Iarthair
1. Ar son ach ar bheagan Ghaeilge.
2. Ar son.

Pat the Cope Gallagher, Fianna Fáil, Toghcheantar an Iarthair
1. Ar son
2. Ar son

Proinsias de Rossa, An Lucht OIbre, Toghcheantar Atha Cliath
1. Ar son an Ghaeilge a úsáid, mar a bhí riamh.
2. Níl sé ar shon deireadh a chur leis an maolú nó níl sé ar son maolú breise a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge.

Raymond O’ Malley, Libertas, Toghcheantar an Oirthir
1. Ar son cé go bhfuil sé ar bheagan Ghaeilge.
2. Ar son deireadh a chur leis an maolú.

Seán Kelly, Fine Gael, Toghcheantar an Deiscirt
1. Sea/Yes
2. Sea/yes

Steven Agnew. An Chomhaontas Glas, Toghcheantar Thuaisceart na hÉireann
1. Níl Gaeilge aige ná níl sé de rún aige í a fhoghlaim.
2. Ag iarraidh eolais faoi míbhuntáistí do phobal na Gaeilge de bharr an maolú.

Susan O’Keeffe, An Lucht OIbre, Toghcheantar an Iarthair
1. Ag foghlaim na Gaeilge in athuair. Sasta í a úsáid
2. Sásta brú a chur chun deireadh a chur leis an maolú.

Thomas Byrne, Fianna Fáil, Toghcheantar an Oirthir.
Gan freagra / No answer

Toireasa Ferris, Sinn Féin, Toghcheantar an Deiscirt
1. Bainfidh sí úsáid as an nGaeilge sa Phairlimint má thoghtar í
2. Sásta oibriú chun deireadh a chur leis an maolú.

Tomas Sharkey, Sinn Féin, Toghcheantar an Oirthir
1. Tá sé chun an Ghaeilge a úsáid sa phairlimint agus i ngach gné dá chuid oibre ann.
2. Tá sé chun iarracht a dhéanamh ar an maolú a chur ar cheal.

4 thuairim ar “Ceisteanna agus Freagraí

  1. Seán Ó hAdhmaill, Cathaoirleach, Coiste Chontae Átha Cliath, Conradh na Gaeilge.

    Ar dtús báire mo bhuíochas díot thar ceann an Chonartha i mB.Á.C. as ucht do mholadh. Cé gur an Ardoifig a chur an méid thuas le chéile, bhí baill ar an talamh ag cabhrú leo ina dtaobh seo de.

    Aontaím agus glacaim le do phointe faoi chruinnithe poiblí. Tá an Chonartha i mbun earcaíochta agus láidriú struchtúir na heagraíochta go háirithe i mBaile Átha Cliath ach go forleathan chomh maith.

    Mar eolas, an-chuid de na craobhacha tá siad nua-bhunaithe le cúpla bliana agus go leor dóibh siúd is craobhacha Tríú Leibhéil atá iontu.

    Níl mórán taithí stocaireachta ag go leor de na Gaeil óga seo ach is gné atá muid ag obair uirthi go leanúnach mar shampla, trí Lá Traenála a chuirtear ar fáil go bliantúil i gcomhpháirt le Glór na nGael ag tús an bhliain acadúil.

    I mBaile Átha Cliath, tá Coiste Chontae athosaithe againn, agus mar thoradh ar sin, agus an feachtas stocaireachta atá ar siúl againn go háitiúil tá 20 iarrthóir (go dtí seo) ag tacú go hiomlán nó i bpáirt le héilimh an Chonartha.
    http://www.cnag.ie/index.php?page=news&news_id=107

    Níl ann anseo ach tús, agus beidh feabhas tagtha ar an scéal nuair a thiocfaidh an chéad olltoghchán eile, thuaidh nó theas!

    Má tá suim ag éinne ballraíocht aonair, ballraíocht i gcraobh bunaithe cheana nó clárú mar chraobh nua leis an gConradh ní gá dóibh ach dul chomh fada le suíomh an Chonartha. http://www.cnag.ie (Féach ar an gcoirnéal ar dheis ag bun an leathanaigh).

    Freagra
  2. Seán Mícháel O Donnchadha

    Comhgairdeas as an seirbhís mhaith seo a chur ar fáil a Choncubhair.Mas féidir iad a chreidiúint tá siad go léir beagnach baúil leis an nGaeilge.Ach nách bhfuilimíd go léir i bhfabhar “apple pie”!!!!

    Freagra
  3. colm

    Go minic sna ceistneoirí seo, cuirtear na ceisteanna míchearta.
    Bheadh sé go deas a fháil amach céard atá déanta ag gach éinne acu go dtí seo.
    Ó dheas den teorainn, is beag duine acu nach ndeachaigh chun na scoile in Éirinn.
    Cuireadh airgead poiblí nach beag isteach ina gcuid oideachais, múineadh na Gaeilge san áireamh. Céard a rinne siad leis na hacmhainní poiblí sin a tugadh dóibh? Ar chaith siad go stuama leis? An ndearnadh siad iarracht tógáil ar an méid sin?
    Céard a rinne siad go dtí seo sa saol poiblí chun an Gaeilge a chur chun cinn?
    Is ceisteanna mar seo a ba chóir a chur orthu.
    Má cheannaíonn tú rud, má tá tú stuama, lorgaíonn tú rud ó chomhlacht a chruthaigh go maith sa am atá thart. Tá sé in am ag lucht na Gaeilge an rud céanna a dhéanamh lenár gcuid polaiteoirí.

    Freagra
  4. Feirsteach

    Beidh preaseisiúint a fhoilsiú ag Coiste Chontae Átha Cliath den Chonradh ar an Mháirt don bhreis agus scór iarrthóir atá anois ag tacú le héilimh an Chonartha ag an leibhéal áitiúil i gCathair Bhaile Átha Cliath.

    Is bunús an stocaireacht seo a thógfaí uirthi don Olltoghcháin amach romhainn.

    Bímis ullmhaithe, eagraithe agus gníomhach faoin am sin!

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s