‘Mar gur fiú níos mó ná biorán thú’

Tá roinnt bileoga tagtha chugam le linn an fheachtais seo – agus a bhfurmhór is isteach sa bhosca athchúrsála a théann siad.

Ach tháinig chugam ó Thoireasa Ferris, iar Mhéara Chiarraí agus bean óg atá gealladh fuithí, atá san iomaíocht thar cheann Shinn Féin a mheall mo shúil.

Ar ndóigh is bean dathúil í Toireasa – ach ní h-é sin an fath go raibh mé tógtha faoina bileog. Níl morán ar an mbileog i nGaeilge – cúpla manna anseo is ansiúd ach tá teachtaireacht laidir sa mhéid atá ann.

“Mar gur fiú níos mó ná biorán thú”.

An manna i mBéarla, a chomhionann is dócha, ‘Sinn Féin – because you deserve better’.

An rud amháin faoin leagan Ghaeilge, níl sé chomh leamh is a bhíonn furmhór na mannaí toghcháin: ‘A strong voice in Europe’ is a leithéid.

alt spéisiúil san Irish Times i dtaobh Toireasa ag Harry McGee a bhí ar an gcanbhas lei i gcathair Chorcaí agus, mar is é seo an dualgas atá ar iriseoirí an Irish Times, bhí ar iarracht éigean a dhéanamh í a cheangal le stair fhoreigneach a páirtí. Le bheith cothrom do Harry bhí an alt níos measta ná an ceannlíne – More Armani than Armalite – cé nach gcreidim go bhfuil daoine fós ag baint ceoil as seana phort sin!

Bhí an cheist ann faoin uair gur dhiultaigh sí cáineadh a dhéanamh ar mharú an Garda Gerry McCabe in Ath Dhara i 1996 nuair a bhí ar an Late Late Show. Agus thug sí an freagra ceart ar an gceist – baineann sin leis an stair agus an uair ar thárla sé, ní raibh sí ach sé bhliain deag d’aois. Nach mbeadh sé chomh maith ag iriseoirí na linne seo bheith ag iarraidh ar Fhianna Fáil dúnmharú Mhichíl Uí Choileáín a cháíneadh?

Tá amhras orm i gcónaí faoi Shinn Féin, go h-áirithe an eite thuaisceartach den pháirtí agus an caidrimh lofa atá acu leis an DUP. Agus ní thaithníonn caint débhríoch Mary Lou liom nó port Phiarais ach an oiread.

Ach táim ag ceapadh go bhfuil seans mhaith ag Toireasa. Neosfaidh an aimsir. Bheadh sé go maith dá nglacfadh glúin óg is oilte seilbh ar an bpáirtí sara n-iompaíonn sé go Fianna Fáil….

Tabhair cuairt ar a suíomh agus b’fhéidir go dtuigfidh sibh…
toireasaferris

2 thuairim ar “‘Mar gur fiú níos mó ná biorán thú’

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Mar gur fiú níos mó ná biorán thú !!! n`fheadar an ” because you are worth it” atá igceist.Cailín doighiúil le iníon agus a phairtnéir ar an dól ón tionscail tógala.Tógach í i gclann a bhi ag braith ar liúntas shoisialaigh mar go raibh a h-athair sa charcar “ar son na cúise” mar a dhearfá.Nil fhios agam, táim ro-amharach fós faoi SF chun vóta a thabhairt doibh.Tá se suimiúil go gceapann tú go mbeidir go n-iompóidh siad go FF, saghas FF do daoine bóchta, seachas FF do lucht an rachmais mar atá againn anois.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s