Imeallú na Gaeilge ar ‘RTÉ Player’

playerrte
Dá mbeadh Flann Ó Briain beo, chuirfeadh sé síos ar an gceannlíne thuas ina ‘Catechism of cliché’. Cén rud a dheineann an Craoltóír Náisiúnta leis an dTeanga Náisiúnta – deineann sé imeallú uirthí. Cad eile a dhéanfadh sé?

Seo smaoineamh fánach a rith liom agus mé ag déanamh roinnt fiosruithe tar éis dom nóta a fháil ó shean chara faoin mbealach a chaitheann an Craoltóir Náisiúnta leis an nGaeilge ar an mbréagán nua atá ar a suíomh, an RTÉ Player.

Fiú mura bhfuil scéim teanga curtha i bhfeidhm ag an staisiún, tá dualgaisí air i leith na Gaeilge faoi reachtaíocht ar nós an tAcht Craoltóíreachta. Seo a deirtear sa Cháirt Um Chraoltóireacht Sheirbhís Phoiblí i leith coimitmintí RTÉ i leith na Gaeilge:

An Ghaeilge
agus an dátheangachas i sochaí na hÉireann á léiriú aige, tacóidh RTÉ go
gníomhach le húsáid na Gaeilge sa ghnáthshaol trí chláir oiriúnacha a thairgeadh

Labhair mé roimhe seo faoi nadúr crioch dheighilteach an Player – ach ní raibh sé tugtha faoi ndeara agam go dtí gur cuireadh ar mo shúile dhom anocht é go raibh na cláracha Ghaeilge luaite sa chatargóir céanna leis na cláracha creidimh.

I bhfianaise na síor ionsuithe atá á dhéanamh ar na h-oird rialta ar RTÉ agus sna meáín eile mar gheall ar an t-uafás atá tugtha chun solais i dTuairisc an Bhreithimh Uí Riain faoin mbealach náireach a chaith braithre, sagairt is siúracha le páistí a bhí faoina gcúram i ndíleachtannaí an Stait ar feadh na nglúinte, ní fhéadfá a rá gur comhartha measa é sin ar an dteanga agus ar na cláracha – an bheagán cláracha – atá á léiriú i nGaeilge ag RTÉ.

Tá sé seafóideach nuair a thugann tú faoi ndeara go bhfuil An Nuacht, fiú, luaite i measc na gcláracha creidimh seachas i measc na cláracha i News and Current Affairs.

Agus an Ghaeilge ina theanga oifigiúil sa tír seo, cheapfá go mbeadh dualgas ar an gCraoltóír leagan Ghaeilge den Player a chur ar fáil. Níl cosaint bunreachtúil ag an Bhreatnais nó ag an Ghaidhlig in Alba mar atá ag an nGaeilge ach go fóíll tá iPlayer an BBC ar fáil i mBreatnais agus i nGaidhlig na hAlba.

Níl morán measa agam ar na scéimeanna teanga seo atá mar chuid d’Acht na dTeangacha Oifigiúla agus níl a fhios agam an bhfuil ceann RTÉ faobhaithe go fóill ag an aonad taobh istigh den Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. Nach mbeadh sé spéisiúil a fháil amach ag cén staid a bhfuil scéim teanga RTÉ? Ní fheicim scéim de chuid RTÉ luaite ar liosta na scéimeanna daingnithe. Níl RTÉ luaite ach an oiread ar liosta na gcomhlachtaí phoiblí atá ordú tugtha dóíbh ag an Aire dréacht scéim a ullmhú.

Cén fath nach bhfuil an t-ordú tugtha don eagraíocht phoiblí is tabhachtaí sa tír – ó thaobh múnla mheoin an phobail – scéim teanga a ullmhú go fóíll? Dá mbeinnse im Aire, bheadh RTÉ ar bharr mo liosta.

Ní fheicim scéim teanga luaite i dTuarascáil Bhliantúil an chraoltóra i 2007, an ceann is déanaí atá ar fáil, cé go n-aithním go bhfuil an caipéis sin ar fáíl i nGaeilge. Beag an tairbhe don ghnath dhuine go mbeadh caipeis mar seo, nach bhféachfá air ach go h-annamh, ar fáil i nGaeilge ach nach mbeadh an t-ábhar siamsúil/nuachtúil ar fáil i nGaeilge.

Thug mé faoi ndeara le deanaí gur thug an tAire Cumarsáid, Eamon Ryan, le fios go raibh sé ag rialú nach mbeadh gá ag daoine a fhéach ar theilifís ar a riomhaire glúine ceadúnas teilifíse a bheith acu. Maith go leor – ach nior cheart go gciallódh sin nach gceisteofaí RTÉ faoin laghad seirbhíse a thugann siad ar líne i nGaeilge – cá bhfuil an nuacht sheirbhís i nGaeilge ar chomh chéim leis an nuacht sheirbhís ar líne i mBéarla mar shampla? Ar bharr sin tá siad ag déanamh imeallú seafóideach ar an dteanga sna catargóir agus níl leagan Ghaeilge den Player ar fáíl.

Tá sé léirithe ag Seán Ó Cuirreáin roimhe seo go bhfuil sé sásta an bata a thabhairt d’eagrais atá ag déanamh leatrom ar an nGaeilge. Tá sé in am do anois an ceist a chur ar a iar fhostóir faoi na neamairtí atá á dhéanamh acu ar cheist na Gaeilge.

Tá sé ábhairín iorónach gurb é rosg poiblíochta an Player, ‘See what you’re missing’. Tuigimíd go maith céard tá á chailliúint againn. Tuigimid go bhfuil airgead ceadúnais na nGael ag íoc as craoltóir atá ag déanamh imeallú ar ár dteanga.

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s