Cnaipí cama agus Sinn Féin

sinnfeingafail
De réir tuairiscí, tá Sinn Féin ag seoladh suíomh idirlín nua Dé Chéadaoin ach tá réamhamharc againn anseo ar a bhfuil ag teacht.

Agus is dona liom a thuairisciú go bhfuil an fadhb céanna ag SF is atá ag Fianna Fáil chomh fada is a bhaineann sé le h-úsáid an ‘chnáipe chama’ chun a thabhairt le fios go bhfuil Gaeilge ar an suíomh nuair, i bhfirinne, nach bhfuil an oiread is atá á thabhairt le fios.

Nuair a bhuaileann tú an cnáipe ‘Gaeilge’ ar an suíomh, tugtar tú go dtí leathnach ina bhfuil na clibeanna go léir i nGaeilge ceart go leor ach níl aon ábhar i nGaeilge ann. Sé sin le rá, má bhuaileann tú ar ‘Maidir le SF’, mar shampla amháin, ar an bpríomh leathnach Ghaeilge, tugann sé tú chomh fada le leathnach atá scríte i mBéarla go h-iomlán. Teastaíonn uaimse léamh faoi pholasaithe agus smaointe an pháirtí i nGaeilge – má tá nuacht acu, ba mhaith liom sin a léamh i nGaeilge. Ach ná cuirtear an dubh ina gheal orm le caint faoi shuíomh atá ‘dhá theangach’ nuair nach bhfuil ach teanga amháin chun príomh ghnó an suímh a chur in iul!

Beidh le feiceáil an mbeidh an deacracht seo réitithe acu in am don seoladh Dé Chéadaoin – ach mura bhfuil, is bréag é a mhaíomh gur suíomh iomlán dhá theangach é seo agus tá sé deacair dom a fheiscint conas a thagann seo le polasaí SF – nó an polasaí a deir siad go bhfuil i bhfeidhm acu – an pháirtí a ghaelú.

Ar ndóigh ní h-é seo an chéad bhréag a d’inis SF i leith ‘coimitmint’ an pháirtí i leith na Gaeilge. Ach sin scéal a ínseofar Lá (nua) eile….

2 thuairim ar “Cnaipí cama agus Sinn Féin

  1. Eoin Ó Riain

    Maith thú as seo a árdú…tugaim a rud céanna faoi deara anseo i nGaeltacht na Gaillimhe ag na páirtithe móra – Sinn Féin agus Fine Gael go dtí seo. Lúaim sin i mo Bhlag fhéin – Sílim go bhfuil i bfad níos mó Gaeilge ag Libertas ná ag na dreamanna eile. Féach ar a suíomh siúd!

    Freagra
  2. Concubhar O Liatháin

    Tá sin feicthe agam, Eoin, anois, agus cé go raibh an chnaipe cam ag feidhmiú ar ollshuíomh Libertas – http://www.libertas.eu/ie – bhí Gaeilge ar an suíomh Éireannach ceart go leor. Ach tabhair faoi ndeara go bhfuil tuairim is mí idir gach preas éisiúint Ghaeilge – cuirfidh mé geall leat nach ionann agus an bearna idir gach preas éisiúint Bhéarla. Ní fiú sin i ndáiríre – ní lán iarracht é ar chorr ar bith. Ach is dócha go bhfuil an cheart agat go bhfuil sé níos fearr ná iarracht FF, SF agus eile.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s