1916: Bliain mhaith, scór mhaith

Bhí bua mhaith inniu ag na Laighnigh agus is iad curaidh na hEorpa. Go maire siad a mbua. Tréaslaím leo.

Tharla nach bhfaca an cluiche – cúramaí baile agus eile – ach bhíos ag éisteacht leis ar an raidió. Bhí fear céile mo dheirfiúr, Sasanach fónta ó Yorkshire, sa tseomra linn agus gan amhras é ag argóint faoi chúrsaí idir an dhá náisiún, an seana stair céanna go deo deo. Spórt a bhíonn ann don chuid is mó.

Ar aon nós bhí sé ag iarraidh spocadh asam agus é ag cur in iúl go mbuadh na Brits agus ní rabhas ag iarraidh aon sásamh a thabhairt do.

Ach sa deireadh d’eirigh le Johnny Sexton cic pionóis a chur idir na gcuaillí agus bhí scór an bhua aimsithe ag na Laighnigh.

Nuair a bhí an feadóg dheiridh séidte agus eile, ghéill mé don chathua.

“Great scoreline,” dúirt mé le mo dhearthar céile. ”19-16 – now that’s one to remember.”

Sásamh éigean ag deireadh an lae….. Fiú má bhí sé suarach….

Aon tuairim amháin ar “1916: Bliain mhaith, scór mhaith

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    Comhghairdeas le foireann na Laighnigh.Cuireann a mbua igCorn Heineken dlaoi mhullaigh ar bhliain órga don rugbaí in Éireann agus cuairt na León faoi Paul O’ Connell go dtí an Aifric Theas le teacht fós.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s