Seó an Údaráis ar an mbóthar – Ó hAoláin

Tá sraith chruinnithe phoiblí á reachtáil ag Údarás na Gaeltachta mar chuid d’iarracht an phobal sa Ghaeltacht a chur ar an eolas faoin éifeacht a bheidh ag na ciorruithe atá déanta ar an eagras ar fheidhmiú an eagrais, na dúshláín atá roimh an eagrais agus romhainn go léir agus an cur chuige ar ghá chun aghaidh a thabhairt ar an dtodhchaí.

Aréir bhí an chruinniú i Múscraí agus bhí an seomra mór in Ostán Ghobnatan i láthair chun cluas a thabhairt do Phríomh Fheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin, agus é ag caint go díreach, ar bhealach nár chuala mé aon fheidhmeannach shinsearach ó eagras stait ar bith eile, leis an bpobal faoi na dúshláin atá romhainn agus an cur chuige ar ghá. Tá buairt ar leith freisin i Múscraí de bharr an phlean atá ag an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, chun Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a chomhnascadh. Tá aonad den Mheitheal, Meitheal Mhúscraí, ag feidhmiú sa cheantar agus ag cur réimse leathan sheirbhísí ar fáil, go h-áírithe don dhream aosta agus daoine eile a bhí ar an imeall le linn ré an Tiogair Cheiltigh. Bhí siad ann aréir agus iad ag cur in iul nár cheart baint den Mheitheal.

Ar aon nós, is é an ceannlíne thuas an bun rud a theastaigh ón Údarás go mbéarfaimís linn agus sinn ag fagáíl na h-ocáide aréir…





Aon tuairim amháin ar “Seó an Údaráis ar an mbóthar – Ó hAoláin

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Fair play don Phríomh Fheidhmeannach agus rudaí a mhiniú do mhuintir Mhuscraí.Beidh deachtairí móra sa todhchaí le laghdiú maoine , cúrsaí comhnascaithe agus araile ach caithfimíd cuineamh ar an mana “ní neart go chur le chéile.”.Tiocfaimíd as gan aon dealramh.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s