Suirbhé: Cad a dhéanfá le €3m?

De réir scéalta éagsúla sna nuachtáin ag an deireadh seachtaine agus ag tús na seachtaine seo, is cosúil go gcosnóidh an aistriúchán a bheidh ar bun ag an Aonad nua Aistriúcháin atá beartaithe ag an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta suas le €3m.

Os rud é go bhfuil giorruithe á dhéanamh ar fuaid ghort na Gaeilge agus é á maíomh go bhfuil gá le cónascaithe is eile ar mhaithe le h-airgead a shábháil – agus nílim cinnte go sábhálfar aon airgead de bharr cónascadh is a léithéid – tá tuairim agam go bhfuil barúlacha éagsúla amuigh ansin faoi bhealaí eile, bealaí níos fearr? chun €3m a chaitheamh agus leas na Gaeilge a dhéanamh.

Seo pobal bhreith neamh eolaíoch neamh údarásach chun an cheist a chíoradh. Tá rogha ann díbh freisin….

28 de thuairimí ar “Suirbhé: Cad a dhéanfá le €3m?

  1. Feirsteach

    Aontaím le gach ceann de na roghanna thuas ach ceapaim gur fearr dúinn sciar de phíog na Gaeilge a mhéadú (agus níos mó a fháil as an phíog sin – más féidir, trí bhreis chomhoibriú idir eagraíochtaí) seachas ag déanamh an argóint a dhéanann naimhde na teanga ach ar shlí eile. Cad is fiú airgead a chur i dtreo Seachtain na Gaeilge nuair nach bhfuil córas iompair poiblí éifeacht againn, srl.

    Ceapaim chomh maith go bhfuil géarghá ár gcuid cumhacht ceannaithe féin a úsáid chun luach a chur ar an nGaeilge agus seirbhísí á lorg againn ó chomhlachtaí.

    Ceapaim go mbeidh gá againn le tacú le tograí nua trí infheistiú iontu agus trí shíntiús a ghlacadh leo nó seirbhís a cheannacht go rialta uathu.

    Freagra
  2. aonghus

    Cheapfá go mbeadh irisieoir mar thusa cleachtadh i scagadh claonscéalta a Chonchubhar. Bhí sé luaite sna scéalta fiú go mbeadh suas le €3m i gceist – dá mbeadh comhlucht príobháideach ag tabhairt faoin obair. Rud nach mbeidh. Bhí sé luaite freisin gur ar na ranna a éisigh na IR a thifeadh an chostas. Mar sin, ní airgead na gaeilge atá i gceist leis seo. Fiú dá sarófaí an dlí – agus bíonn gá le IR in obair dlíodoirí agus tabhacht dá réir le leagan udarásach gaeilge – ní bheadh cianóg rua ann don Ghaeilge. Agus ní bheidh na ranna Stáit, ar Roinn Éadóchais ach go hairithe ag comhlíonadh aon ní i leith na Gaeilge muan gcuirtear iachall orthu a ndualgais faoin dlí i leith na Gaeilge a chuir i gcrích, ní airím rudaí a mhaíonn siad gan dualgas ar bith a bheith orthu faoi – leabhair scoile ina measc.

    Murach an Coimisinéir teanga ní bheadh na treoracha d’oidí á éisúnt i nGaeilge – muna ndeántar é sin, níl seans ar bith ann go mbeidh leabhair i nGaeilge, ó tharla nach iad an Roinn a chuireann iad ar fail do scoileanna Béarla.

    Scamall deataigh atá sa chaint seo ar fad ar mhór chostas aistriúcháin, luaitear suimeanna áiféiseacha leis d’aon ghnó.

    Freagra
  3. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Ní doigh liom go n-éantoinn le Aongus.Áthrú treoir atá i gceist maidir le chur cun cinn na Gaeilge seachas an t-airgead a chaitheamh ar maorlathas.Ba cheart an t-airgead a chaitheamh ar rudaí practiciúla ar nós Nuachtáin Laethúil, Clair Radio,leabhair agus ranranna.Níl aon todhchaí i ndann don

    Freagra
  4. aonghus

    Táimse go láidir i bhfabhár athrú treo seachas maorlathas.
    Ach bímís soiléir agus ionraic faoi.
    Ní chuige sin atá an dream a scairteann faoi “airgead amú” ar docuiméidí a aistriú go gaeilge. [Conchubhar as an áireamh, bearlóirí atá i gceist agam!]

    Dá cheapfainn go mbeadh seans ar bith ann go dtabharfaí an airgead seo do fiontar i nGaeilge, bheinn i bhfabhár gan na hIR a aistriú. Ach níl. Is as airgead riaracháin na ranna a thagann an t-airgead, agus má fhaighimid réidh leis an dualgas reachtúil orthu siúd seirbhísí a chuir ar fáil don Ghaeilge, leanfaidh le creimeadh na Gaeltachta (toisc nach feidir gnó a dhéanamh leis an Stát tré Ghaeilge) agus ní bheidh faic fágtha againn.

    Cinnte, ba mhaith liom bunús fiúntach airgid a bheith ag TG4, Foinse, oidhre ar Lá agus mar sin de – ach is cath eile é sin. Má tá sé socair in eagna an Stáitseirbhís gur gá freastal ar Ghaeilgeoirí i gceart, beidh sé níos fusa na seirbhísí eile atá de dhíth orainn a fháil.

    Ach gan ceart gnó gan stró a dhéanamh leis an Stáit i nGaeilge, níl sa ghaeilge ach caitheamh aimsire meánaicmeach. Agus sin céim eile i dtreo an bháis.

    Freagra
  5. aonghus

    Seo sampla eile den seafóid:
    http://www.gaelport.com/sonrai-nuachta?NewsItemID=2183

    The existing rannóg, set up after the 2003 Official Languages Act, will continue to focus on primary legislation. It costs just over E1.3 million annually and employs 17 translators.

    Tá rannóg an aistriúcháin ann ó 1919 Baint dá laghad aige leis an Acht.

    Ach seo breis fiainise don méid a scríobh mé thuas:
    The Houses of the Oireachtas communications unit has said funding for the new unit will come from ‘within existing allocations’.

    Freagra
  6. colm

    Ar an gcéad dul síos, tá mé tuirseach de bheith ag léamh faoin airgead atá á chur amú ar an nGaeilge. Ní dóigh liom go bhfuil airgead á chur amú ar an nGaeilge. Cloisim sna meáin Bhéarla an t-am ar fad go bhfuil airgead á chur amú ar an nGaeilge. Ní fheictear dom go bhfuil sé fíor ar chor ar bith.

    Bhí feachtas ann roinnt blianta ó shin chun Stádas oifigiúil a fháil don Ghaeilge san AE. Fuair muid an stádas sin, agus dá bharr, caithfidh an AE cáipéisí áirithe a chur ar fáil i nGaeilge. Is beag a dhéanann an tAE a chur ar fáil i nGaeilge áfach, ach tá sé ag méadú de réir a chéile, agus is maith ann dó.
    Mar a chéile in Éirinn. Ní mór na dlithe a bheith ar fáil i nGaeilge, baineann sé le seasamh na Gaeilge sa sochaí. Is céim síos í gan iad a bheith ar fáil. Rinne an Stát neamhaird ar an ngné seo dá chuid dualgais ar feadh i bhfad, agus anois caithfear an dualgas seo a chomhlíonadh. Ní ceist airgid é, ná ceist airgid amú ach an oiread. Tá rudaí nach féidir linn a dhéanamh dá n-uireasa, agus seo ceann acu.

    Thairis sin, tá failí déanta ag an Stát ar sheirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge le blianta fada anuas. Ní féidir linn glacadh leis go bhfuil an stát ag cur Gaeilge ar na dlithe seachas airgead a chaitheamh ar seo siúd nó eile. Glacaim leis gur rudaí teibí iad na dlithe, ach bíonn tionchar acu ar gach gné d’ár saol. Is buncheart é na dlithe a bheith ar fáil againn, seachas rud breise.

    Ó thaobh rudaí eile a bheith ar fáil as Gaeilge mura gcuirfí Gaeilge ar na dlithe, ná smaoinigh go gcaithfí an t-airgead seo ar an Gaeilge. Ní chaithfear aon airgead ar an nGaeilge ach de bharr brú.

    Brú, brú agus síorbhrú.
    Tosaigh anois ar thairseach na ndoirsí, agus déan mar a rinne mé féin: nuair a thagann duine ag lorg do vóta i mBéarla, agus le hábhar léitheoireachta i mBéarla, tabhair an bróisiúr ar ais dó, agus abair leis teacht ar ais leis an ábhar i nGaeilge, agus gur féidir plé a dhéanamh ansin – ach ní roimhe.

    Freagra
  7. Seán Mór

    Cuirimis i gcás, a chairde, dá dtiocfadh linn gach pingin atáthar le caitheamh ar an dlí agus ar an stát ó thaobh na Gaeilge de, agus é a chur in aon phota mór amháin, agus é a chaitheamh ar na scéimeanna fiúntacha pobail a luaigh Concubhar anseo. Bheadh sé iontach sa ghearrthéarma. Bheadh Nós sásta, bheadh Foinse sásta, bheadh Ráidió Fáilte sásta. Ach níorbh fhada i ndiaidh dúinn an ‘malartú bréagach’ seo a dhéanamh ná go dtosódh lucht ionsaithe na Gaeilge ag gearán fá mhéid an phota, agus fán mhéid a bheadh sa photo. De réir a chéile dhéanfaí an méid sin a laghdú. Sa deireadh, ní bheadh aon stádas ag an Ghaeilge sa stát, agus ní bheadh mórán fágtha sa phota ach an oiread. Straitéis amú ag cainteoirí Gaeilge i mo bharúil féin a bheith ag cur i gcoinne dlíthe agus ionstraimí reachtúla na tíre a bheith ar fáil i nGaeilge. An bhfuil muid ag rá anseo nach mbaineann an Ghaeilge ach le forbairtí pobail Gaeilge. Baineann sí le gach gné den tsochaí ina bhfuil muid.

    Freagra
  8. Sinn Féineach

    Laghdaidh an Ghaeilg mar gheall ar easpa stadais.

    Ní féidir le pobal teanga a choimheáid beo gan cothrom na féinne.

    B’fhearr liom airgead a chaitheamh ar mo chearta teanga ó thaobh an stáit de ná a bheith ag maoiniú ‘earnáil na Gaeilge’.

    Freagra
  9. Séamas Ó Neachtain

    Is iriseoir den chéad scoth thú, a Aonghus. Ní bhfaighfidh tú post go deo mar iriseoir, mar sin…
    Tá an ceart ag Colm. Más amhlaidh an córas, sin atá de dhíth.
    Ach an bunfhadhb, dar ndóigh, ná gur féidir le daoine a rá ‘is maith linn ár dteanga – tacaíonn an rialtas léi,’ gan iad féin ag tacú léi ar chor ar bith. An saghas tacaíochta céanna a thug Scrooge do na bochtáin. “Don’t we have poorhouses?” Níl aon fhreagracht ann do gach saoránach mar ba chóir. Déanfaidh duine eile é (mar dhea).

    Freagra
  10. Feirsteach

    Tháinig mé ar seo agus mé ag déanamh ar athbheochana na Bascaise, dearcadh éagsúla na iadsiúd a vótáil d’uimhir 3.
    “The increasing presence of Basque in the media and in contacts with the administration, whilst a welcome improvement, is not central to language maintenance.”
    http://www.byig-wlb.org.uk/English/publications/Publications/273.pdf
    Mp dhearcadh, mar a luaigh mé cheana gur thábhachtach an Ghaeilge a athbheochanú ar bhonn comhtháite.

    Freagra
  11. Feirsteach eile

    “gur thábhachtach an Ghaeilge a athbheochanú ar bhonn comhtháite.”

    Tá mise le Feirsteach,

    T á gá le tuilleadh meán agus srl. ach mar theanga tá forbairt de dhíth ar an Ghaeilg mar atá de dhíth ar gach teanga eile.

    Tá gá le aistriúchán agus an fhorbairt a théanns leis agus tá gá le dream daoine a bhfuil sé ar a gcumas acu Gaeilge a scríobh go beacht agus srl.

    Níl sin ag teacht salach ar an mheán ar chór ar bith.

    Amharc ar nós* is Nuacht24. Fiontraíocht! Sin an bealach.

    Freagra
  12. colm

    “The increasing presence of Basque in the media and in contacts with the administration, whilst a welcome improvement, is not central to language maintenance.”
    Tá dhá rud anseo. Ar an gcéad dul síos, tar éis an cháipéis as a dtáinig an ráiteas seo a léamh, tugaim faoi deara nach bhfuil anseo ach tuairim. Ní thugann sé fáth ar bith dúinn chun glacadh leis an tuairim. Cheal fianaise, d’fhéadfadh Gregory Campbell é a rá. An nglacfá leis ansin? Ina dhiaidh sin is uilig:

    1. “is not central to language maintenance”. Is gur caomhnú teangan atá i gceist anseo. Don chuid is mó againn, ní bhaineann sé seo le hábhar. Bíonn caomhnú teangan i gceist sa nGaeltacht – nó bhíodh, mar is creimeadh atá ar bun i gcuid mhaith den Ghaeltacht an lá atá inniu ann seachas caomhnú. Is mór an difríocht idir seo agus teanga a chur chun cinn, an rud atá ar bun againn.

    2. Tá staidéar déanta agam ar chás na mBascach.
    Tá na meáin ar fad ar fáil as Bascais – bealach teilifíse, raidiónna, nuachtáin laethúla agus eile.
    Feidhmíonn cuid mhaith den chóras riaracháin trí mheán na Bascaise, agus dá bharr sin, bíonn seirbhísí ón stát ar fáil trí mheán na Bascaise.

    I ngeall ar an dá fhíric seo, ní dóigh liom gur fiú aon aird ar chor ar bith a thabhairt don tuairim thuas.
    Is é mo thaithí féin go bhfuil an-tábhacht ag baint leis na rudaí seo a bheith ar fáil i gcur chun cinn teanga ar bith.

    Freagra
  13. aonghus

    Ach is fíor fosta go bhfuil fiontraíocht de dhíth.

    Éilimís ó Caesar na rudaí atá dlíte dúinn uaidh – cead cumarsáide sa chiall is leithne leis an Stáit i nGaeilge.

    Agus oibrímís fhéin chun an chuid eile a chuir ar fáil. Le teacht an idirlín, is fusa sin ná riamh.

    Dá mbeadh, abair, gach Gaeilgeoir ina bhall (aonar nó eile) de CnaG, bheadh cnuas fiúntach acu chun cuir leis na hirisí atá ann.

    Freagra
  14. crosbhealaí

    A Choncubhair a chara, Tá tú i gcoinne airgead a bheith caite ar chúrsai aistriúcháin, ach thuigeas ó phost eile uait go mbeifeá in bhfábhar lár ionad aistriúcháin na Roinne a bjheith lonnaithe ar shean-suíomh Choláiste Iosagáin i mBaile Bhúirne (“Coláiste Íosagáin, an tAonad Aistriúcháin, Toirt Criticiúil agus Athrú Poirt”-12/5/09). Más fíor, seo leagan úr ar NIMBY (not in my back yard): “only if in my back yard”? Nó ar mhiste leat do sheasamh air seo a shoiléiriú? beir bua 🙂

    Freagra
  15. igaeilge Údar an Ailt

    Tá’n ceart agat, a Chrosbhealaí, tá treasnaíol ansan, rud a thugas súntas do sa phost atá trácht déanta agat air. Ní fheictear dom go bhfuil morán céille le bheith ag caitheamh airgid ar aistriúcháin ar chaipéisí nach léitear i dteanga ar bith agus gur bocht chás na Gaeilge má táimíd ag brath ar leaganacha Ghaeilge d’ionstraim reachtúla chun ‘stadas’ a thabhairt dúinn. Ag an am chéanna, dá mbeadh feidhm éigean eile leis, sa chás seo cur le tionscal na Gaeilge i gceantar ar nós Múscraí, bheinn den tuairim gur fiú féachaint ar an bhféidearthacht. I gcás Choláiste Iosagáín, tá toirt criticiúil ag teastáil ón dtionscnamh chun go mbeifí ábalta an bó áirithe sin a chur thar páirce agus creidim go bhféadfadh aonad aistriúcháin – b’fhearr liom go mbeadh sé ag aistriú saothair litríochta mar a bhí Seosamh Mac Grianna fadó seachas bheith ag plé le h-ionstraim reachtúla – a bheith in éineacht leis an tIonad Náisiúnta don Ghaeloideachas agus go mbeadh sin leordhothanach chun an bád sin, Coláiste Iosagáin, a chur ar seol.

    Mar atá sé is aisling fánach atá ann nó bhí Pádraig Ó hAoláin ó Údarás na Gaeltachta i mBaile Mhúirne aréir agus dúirt seisean go neamh bhalbh nach raibh an tÚdarás ag brú ar aghaidh le h-iarratas ar chead pleanála d’fhorbairt ar an gColáiste, forbairt a nocht siad don phobal an bhliain seo chaite i mí an Mheithimh, mar gheall ar gur thuig siad ná raibh an t-airgead ann do agus nach mbeadh go ceann cúpla bliain, dá mbeadh sé riamh,

    Cinnte, lámha suas, is cás é de ‘Only In My Back Yard’ nó fridín gaolmhar. Ach mar a deirim is aisling fánach atá ann – caithfear an t-airgead ar na h-ionstraim reachtúla, fagfar leithéidí nós* is Foinse is eile gan maoiniú leor dhothanach chun an jab mar is ceart a dhéanamh agus beidh easpa téacsleabhair i nGaeilge sna scoileanna agus ansan déanfaimíd íontas i gceann cúpla bliain nuair a bheidh an Ghaeilge marbh mar theanga scríofa ach amháin sna h-ionstraim reachtúla céanna.

    Tá mo chlár oibre soiléir. Ba mhaith liom béim as an nua a bheith ar na meáin Ghaeilge – níl sin ann faoi láthair – ar mhaithe leis an t-éileamh a chruthú le h-aghaidh na h-aistriúcháín eile ar ball. Ní ar a shon sin amháin atáim á iarraidh seo ach ar mhaithe leis an sláínte teanga i gcoitinne.

    Tuigim gan amhras go bhféadfadh sé tarlú – agus gur dóichí go dtarlóidh sé mar seo – nach mbeadh aon airgead breise ar fáil don Ghaeilge dá bhfógrófaí nach raibh an Aonad Aistriúcháín, an dara ceann, le bunú. Ach tuigim freisin go dtuigeann an phobal mór go bhfuil an t-airgead seo á chaitheamh ar an nGaeilge agus go gceapfaidh siad go bhfuil seo iomarcach ag an am seo agus ar an gcúis seo. Cuid acu ceapann siad go bhfuil sé iomarcach airgead ar bith a infhéistiú sa Ghaeilge ag am ar bith ach beidh siad san linn go deo.

    Más féidir llinn a bheith ciallmhar is cliste faoi na rudaí atá uainn, is féidir linn an phobal a thabhairt linn. Mar atáimid, agus sinn ag lorg a leithéid seo, aonad aistriúcháin do chaipéisí nach mbeifear á léamh, tá an chosúlacht orainn gur fanaiceoirí sinn gan ciall gan réasún.

    Tá súil agam go bhfuil sin soiléir…..

    Freagra
  16. crosbhealaí

    Mo bhuíochas leat as an freagra cuimsitheach. Ach creidim go bhfuil dul amu ort bheith ar díriú an t-am ar fad ar chúrsai aistriúcháin amháin, ó thaobh an Achta Teanga de. Tá alán rudai eile ann.

    Ni mór comharthaíocht a bheith dátheangach agus an Ghaeilge chun tosaigh de reir an Achta, agius mar an gcéanna le stáiseanóireacht. Tá seo a dhéanamh againn faoi lathair i gColaiste na Trionóide, agus daoine á thabhairt faoi ndeara. Déanann seo an Ghaeilge dofheicithe.

    Ni mór freagra Gaeilge a fhail ar chomhfhreagras sa teanga sin, ó chomhlacht poiblí ar bith.

    Ni mór do gach chomhlacht poiblí scéim teanga a ullmhú, a leagann amach feabhsú ar sheirbhísí dátheangacha thar threimhse tri bliana. Bun-cheisteanna cearta teanga atá ann.

    Maidir le tuarascála agus caipéisí, b’fheidir nach leitear i nGaeilge iad, ach seans maith nach léitear i mBéarla iad ach oiread. Bí ag diriú mar sin ar cén fáth go ndéanfar priontáil orthu ar chor ar bith- seachas díriú ar leagan Gaeilge a bheith ar fáil. D’fhéadfaí na mór-tuarascála seo a fhoilsiú ar line amhain- i gceachtar teanga (ach bheadh costaisí aistriúcháin fós i gceist).Ach go bunúsach, má bhíonn leagan Béarla i gcló, tuige nach mbeadh leagan Gaeilge? Bíonn na meáin Ghaeilge céanna a luann tú i dteideal leaganacha gaeilge a fháil, le tuairisciú cruinn a dhéanamh orthu?

    Maidir le gairm an aistriúcháin go ginearálta, cuimhnigh go gcaithfear aistriúchán a dhéanamh, ni amhain chun mór-thuarascála a chur amach, ach chun leagan Gaeilge de chomharthaí poibli a chur suas, aistriúchan comhuaineach a dhéanamh ar chomdhálacha, míreanna a chur ar shuíomhanna idirlíne.

    Ní gá deighilt a chothú idir chur chun cinn na teanga sa phobal, agus na curaimi Stáit seo, agus iad a chur in adharca a chéile. Tá gradam agus urraim dlithiúil de dhíth ag an Ghaeilge, rud nach raibh aici in Éirinn leis na céadta bliain.

    Eascraíonn impleachtaí áirithe soláthar as an ngradam céanna a thabhairt di- mar atá aontaithe ag na Cúirteanna (cuimhnigh gur tháinig an Acht Teanga ar an saol de thoradh chás cúirte Ui Bheoláin, agus bhreithiúnas an Bhreithimh Hardiman- a thuig na rudaí seo).

    Ach d’admhóinn, cinnte, gurb é an t-easpa is mó a bhí ann i gconaí, nach raibh Plean Naisiúnta Teanga comhthreormhar ag dul ar aghaidh ag an am céanna, chun an rud ar fad a chur i gcomhthéacs, an teanga a neartú mar theanga labhartha, agus mar thoradh air seo uilig (agus de thaisme) éileamh poiblí a chothú do na seirbhísí Stait/poibli a ghealltar.

    Bimis ag diriú, mar sin, ar riachtanas Phlean dá leitheid, seachas bheith ag troid in aghaidh an dul chun cinn beag oifigiúil atá déanta!!

    Freagra
  17. crosbhealaí

    Mo leithscéal- ba chóir dom a rá “déanann seo an Ghaeilge sofheicthe” (seachas dofheicthe) ag bun alt a dó den phost deireanach uaim.

    Freagra
  18. igaeilge Údar an Ailt

    Gan amhras tá an ceart agat a Aonghuis faoi na rudaí a deir tú faoin Ghaeilge a bheith so fheicthe – ach tá ort aird a thabhairt ar an gcomhthéacs, sé sin an saol ina bhfuilimid ag máireachtáil. Gach uair a leagann an Stát lámh ar an nGaeilge, cuireann siad leis an maorláthas seachas leis an spleodar a bhaineann lei.

    Ag an am chéanna tá siad ag ciorrú soir siar – aonad do pháistí le h-uathachas inniu, oisbidéil áitiúla amárach. Agus tá seo ag cur fearg ar dhaoine sa phobal mór agus, ag labhairt dom mar chainteoir Ghaeilge, orm féin. Ansan feicim €3m á chaitheamh ar chaipéisí nach léitear i mBéarla a aistriú go Gaeilge agus cuireann sin múisc orm. Gan amhras bhí sé ceart agus cóir go mbeadh na h-ionstraim reachtúla seo ann i nGaeilge agus i mBéarla ón gcéad lá riamh ach loic an Rialtas ar a ndualgas dlithiúil an uair úd. Anois tá carn mór le h-aistriú ag am ina bhfuil gach pingin ón sparán phoiblí á áireamh agus gach éinne ag iarraidh bheith cúramach nach dtéann sé i bpóca na gcomharsan.

    Caithfidh tú a admháil go bhfuil sé míthrathúil go bhfuil an fógra á dhéanamh faoin aonad aistriúcháin seo agus ciorruithe ag titim amach sna h-eagrais Ghaeilge agus sna meáín Ghaeilge, gan trácht ar an t-aonad uathachas, an ollphriosún, na h-oisbidéil. Céist tosaíochtaí agus tráthúlacht atá ann agus tá sé cineál mhí mhacánta a bheith ag brath ar an stadas dlí nuair atá an fíor shaol ag bogadh chun tosaigh níos gaiste. B’shin an dearmad a rinneadh i leith na Gaeilge riamh anall – an iomarca béime ar na rudaí ná raibh tabhacht leo ach ó thaobh ‘stadais’ de agus gan a dhothain béime ar na rudaí sin a chuir i lár an aonaigh sinn.

    Tá an ceart agat go bhfuil airgead á chur amú ar phaipéarachas i mBéarla níos mó ná mar atá i nGaeilge – ach ní h-é sin an fath gur cheart dúinn airgead a chur amú ar na nithe seo a bheith againn i nGaeilge. Cén fath nach féidir linn bheith glic, seiftiúil agus straitéiseach ar an gceist seo?

    Freagra
  19. aonghus

    Cén fáth nach féidir linn bheith glic, seiftiúil agus straitéiseach ar an gceist seo?

    Is féidir agus is ceart.

    Ach (dar liom) is droch straitéis dúinne a bheith ag aontú leo siúd ar mian leo fáil réidh leis an nGaeilge, agus a bhaineann feidhm as argóintí cosúil le hospidéal.

    An rud ba cheart dúinn a dhéanamh ná díriú ar na nithe seo:
    1) Ní bheidh pingin breise ar fáil do rud ar bith muna ndéanfaí an obair seo. Obair a chaithfidh na ranna íoc as a gcuid airgid riaracháin.

    Freagra
  20. aonghus

    2) Ní fíor go bhfuil IR “rarely read”. Cáipéisí oibre atá iontu. Mar sin, cé gur beagán daoine a léann iad, tá siad riachtanach do na daoine sin chun a gcuid oibre a dhéanamh. Glacaim leis gurbh é sin an bunús le cinneadh na Cúirte.

    Seo sampla

    Is cinnte, mar shampla, go bhfuil gá ar iascairí an Daingin fhios a bheith acu cad tá san ceann seoseo.

    Níl ansin ach cúpla sampla.

    Ach ar bhunús straitéiseach, má ghéilleann muid nach gá uirlisí oibre a bheith ar fáil i nGaeilge, tá géillte againn nach bhfuil sa Ghaeilge ach siamsaíocht agus caitheamh aimsire.

    Freagra
  21. igaeilge Údar an Ailt

    Ní aontaim leat gur teanga oibre í an Ghaeilge go forleathan go fóill agus sílim go bhfuil an béalcráifeacht don tuairim sin ag an am seo ina contúirt do thodhchaí na teangan go fad tréimhseach.

    Níl iascairí an Daingin chun na hIR sin a luaigh tú a léamh i nGaeilge – mar go bhfuil an leagan Bhéarla ar fáil agus go bhfuil sin níos éasca. B’fhéidir nach dtuigeann tú seo ach níl taithi ag daoine a bheith ag léamh an Ghaeilge – rud é sin a thosnaíonn ar scoil nuair is léir go bhfuil na leabhair Ghaeilge i bhfad ar chúl na leabhair i mBéarla i réimse ábhair. Níl réimse ghreannáin, irisleabhair, leabhair do pháistí, do dhéagóírí, do dhaoine fásta ar fáil. Gan trácht ar nuachtáin. An rud a chuireann olc orm go bhfuil an buiséad atá luaite leis an Aonad Aistriúcháin seo cothrom le trí oiread an méid airgid a chaithfear ar leabhair Ghaeilge i mbliana, €1m nó mar sin, agus b’fhéidir go mbeidh sé i bhfad níos mó ná sin.

    B’fhearr liom go gcaithfí an t-airgead ar oisbidéal nó an tAonad Uathachas seachas é a chaitheamh ar Aonad Aistriúcháin mar atá sé beartaithe. Ní fhéadfainn codladh istoiche dá gcreidfinn go raibh airgead a bhí á chaitheamh ar an Aonad Aistriúcháin á cheilt ar oisbidéal éigean a bhí ag druidim leapacha de bharr easpa airgid. Agus ní fínscéalaíocht é sin, nó scéal cailleach an uafáis, nó tá aonaid timpist agus éigeandála a chiorrú ó dheas anseo. Luath nó mall cuirfear an locht ar an nGaeilge as seo – agus cad a bheidh le rá againn, go rabhamar ag iarraidh ‘stadas’ teanga a chosaint tre ábhar do leite a fhoilsiú.

    Tá an bhéalcráifeacht seo ón Stat i leith na Gaeilge tar éis bac a chur le forás na teanga ó thús an Stáit. Anois creidim go mbeidh sé ina bhagairt do thodhchaí na teanga, fiú amháin a beatha.

    Tá dea thoil ann i leith na Gaeilge faoi láthair, mar a léiríonn suirbhé an tAthair Mac Gréil, ach táimíd chun sin a chur amú má chuirimíd an béim, ag trath na h-eigeandála, ar ábhar i nGaeilge nach bhfuil riachtanach nó tairbheach. Togra do lá níos faide anonn é seo, bhféidir an uair i 2028 nuair a bheidh an 250,000 cainteoir laethúil ann….

    Freagra
  22. colm

    “Gach uair a leagann an Stát lámh ar an nGaeilge, cuireann siad leis an maorláthas”
    Is ráiteas suimiúil é seo – Thatcherachas amach is amach atá anseo. “roll back the state”, sa gcaoi go mbeidh tuilleadh brabúis ag lucht an rachmais. Glacaim nach é seo an teachtaireacht atá aagat féin, ach tagann sé ró-ghar dó le go mbeinn compóirteach leis.

    “Ansan feicim €3m á chaitheamh ar chaipéisí nach léitear i mBéarla a aistriú go Gaeilge”
    Tá an-dul amú ort anseo – léitear na dlithe agus na hionstraimí reachtúla, go mion agus go minic. B’fhéidir nach léitear i do chuid gnótha iad, ach bíonn siad á léamh gach lá.

    “Caithfidh tú a admháil go bhfuil sé míthrathúil”
    Níl mé sásta a leithéid a admháil ar chor ar bith. Ach tá dream ann a deireann an méid seo i gcónaí faoi airgead ar bith a chaitear ar an nGaeilge, ar rud ar bith a bhaineann leis an nGaeilge, agus le cultúr na tíre seo. Cuireann sé iontas orm na tuairimí a fheicim agat anseo. Ach nár admhaigh tú thuas nach bhfuil tú ach ag tochas ar do cheirtlín féin?

    Freagra
  23. colm

    €3 mhilliún ar na hionstraimí reachtúla thar tréimhse 10 mbliana b’fhéidir – €10,000 milliún ag an gcóras sláinte gach bliain.
    Bí réadúil faoi, a Choncubhair.

    Freagra
  24. igaeilge Údar an Ailt

    D’admhaigh. Thug mé le fios roimhe seo nach bhféadfainn aon tairbhe a fheiscint sa scéim seo go dtí go raibh rud éigean sa bhreis á bhaint amach aige, seachas an aistriúchán féin. Dúirt mé nárbh athrú poirt go dtí é ann….

    An bhfuil daoine eile anseo, atá b’fhéidir ag súil le cuid den obair aistriúchán sin a fháíl, nach bhfuil go h-iomlán oscailte faoin slí go mbeadh siad ag baint leasa as an scéim seo?

    Ní fheictear go mbeifear ag baint úsáíde as na leaganacha Ghaeilge d’IR seo mar níl an nós leitheoireachta ann i nGaeilge. Caithfear sin a chothú ar dtúis tré béim a chur ar an nGaeilge mar theanga iriseoireachta is litríóchta is spraoi seachas bheith ag caitheamh níos mó airgid ar an scéim seo ná mar atá á chaitheamh ar an bun rud, ábhar leitheoireachta suimiúil tarraingteach is inúsáidte ag an bpobal mhór, seachas an sciar bheag a bhionn ag léamh na h-ionstraim reachtúla mar a mhaíonn tú ina gcuid oibre.

    Feictear domsa gur féidir leat iarracht a dhéanamh mé a lua leis an dream ‘frith Ghaeilge’ seo a bhionn i gcónaí ag caitheamh anuas ar infhéistiocht sa teanga – bhíodar ann nuair a bhí TG4 á bhunú agus chosain mé an chaiteachas sin. Ní leithscéal iadsan, áfach, chun an dubh a chur ina gheal ort féin maidir le chomh míthrathúil is atá an chaiteachas áirithe seo ag an am seo agus an gheilleagar sa droch staid ina bhfuil sé agus daoine á ligint chun siúil ó na h-eagrais Ghaeilge agus ó chomhlachtaí léirithe TV do TG4 is eile ceal buiséid de bharr ciorruithe.

    Táim ag iarraidh a bheith iomlán oscailte ar an gceist – ní fheictear dom go bhfuil sé ciallmhar an t-airgead seo a chaitheamh sa tslí seo ag an am seo agus ní bhéidh mé mar chuid de thréada a fhailtíonn roimh gach caiteachas ar an nGaeilge cuma cén fiúntas atá ann.

    Is sciar beag €3m i gcomparáid leis an €10,000m a luann tú ar an gcóras sláínte ach is sciar mhór é i gcodarsnacht leis an méid airgid atá á chaitheamh ar leabhair, irisí, nuachtáín, ábhar leitheoireacht d’óg is d’aosta i nGaeilge.

    An cheist atá agam ort, an mbeidh na iR seo á léamh i nGaeilge agus iad ar fáil i mBéarla?

    Seo Gaeilge ar mhaithe le sciar bheag d’aistritheoirí agus dornán beag dlíodóirí – ní ar mhaithe le pobal mór na teanga.

    Freagra
  25. colm

    Sa bhfógraíocht ghairmiúil, deirtear go magúil go bhfuil a fhios ag gach éinne gur cur amú airgid é leath den fhógraíocht a dhéantar – ach nach fios cén leath.

    Mar a chéile leis an airgead a chaitear ar thograí Gaeilge. Cuirtear go leor airgead amú, mar a dhéantar i ngach earnáil. Tagann tairbhe as cuid de na tograí, imíonn tograí eile i léig tar éis tamaill. Is mar sin a bhíonn, agus is mar sin a tharlaíonn leis an airgead a chaitheann an IDA agus dreamanna eile. Caithear glacadh leis.

    Ó thaobh na nIonstraimí Reachtúla a aistriú go Gaeilge, aontaím leat nach é an bealach is fearr chun iad a chur ar fáil.
    B’fhearr comhdhréachtú a bheith i gceist mar a tharlaíonn i gCeanada, sa mBeilg agus i stáit dhátheangacha eile. Tá súil agam go dtiocfaidh an lá sin.
    Ó thaobh na nIonstraimí nach bhfuil ar fáil i nGaeilge cheana féin, ní féidir é sin a dhéanamh, mar tá siad ann i mBéarla cheana féin. Ach is seirbhís de chuid an Stáit atá i gceist, agus dá bharr sin, ba chóir iad a bheith ar fáil i nGaeilge. Sin é mo dhearcadh ar an gceist.
    Ar an taobh eile de, bhí cás cúirte ann le gairid, agus dlíodóir ag iarraidh leagan Gaeilge d’Ionstraim Reachtúil áirithe, chun cás cúirte a throid, mura bhfuil dul amú orm – mar a tharla i gcás Uí Bheoláin maidir le acht eicínt deich mbliana ó shin. Níor tugadh an breith fós, ach tá seans maith ann go ndéarfar go gcaithfear iad a chur ar fáil i nGaeilge, gur dualgas stáit é.
    Sa mullach ar sin, thug an rialtas geallúint go gcuirfear ar fáil iad is cuma cén bhreith a bheas ann.

    Freagra
  26. Feirsteach eile

    I ndeireadh na dála, má táthar ag iarraidh stop a chur le haistriú dlíthe na tíre seo go Gaeilge, tathar ag iarraidh Bunreacht na hÉireann a athrú.

    Sin an rud a tháinig amach as cás Uí Bheoláin.

    ‘You may change Bunreacht na hÉireann but you may not ignore it’

    Cuireann comharthaíocht dhátheangach isteach ar roinnt Béarlóirí, ar chór a stopadh, nár cheart dúinn an t-airgead a chaitheamh ar rud éigin eile?

    Ní bheadh deireadh leis an ghearradh siar.

    Má chuirtear cothromas teanga ar ceal, chomh lochtach is atá sé, ní bheidh sé ag teacht ar ais.

    Is iontach an cosúlacht idir barúileacha Chnocubhair agus tuairimí Dharren Mac a’ Phríora atá ag dul do phort cosúil leis le bliana.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s