An difríocht idir eirí as agus cic sa tóin

Anuraidh nuair a d’fhag mé Lá Nua, fuaireas suim bheag airgid, an méid a bhí leagtha síos sa reachtaíocht d’oibrithe a thugtar le fios dóibh go bhfuil siad iomarcach don fhoireann oibre. Ní raibh aon phinsean i gceist. Níl mé míshasta leis an suim a tugadh dom.

Tugaim seo chun cuimhne agus an scéal is déanaí á thuairisciú inniu faoi chinneadh Ghobharnóra Bhanc na hÉireann, Richard Burrows, go mbeidh sé ag eirí as i mí Iúil. Tagann an chinneadh seo sna sála ar chinntí dá leitheid ó chathaoirleach an bhoird ag Banc Aontais Éireann, an t-iar Ard Aighne, Dermot Gleeson, agus príomh fheidhmeannach an bhainc sin, Eugene Sheehy. Theana féin bhí príomh fheidhmeannach Bhanc na hÉireann tar éis a rá go mbeadh seisean ag eirí as freisin le linn an tSamhraidh.

Gan amhras ní féidir gan dearúd a dhéanamh freisin ar phríomh fheidhmeannaigh na mbanc eile, leithéidí Michael Fingleton agus Sean Fitzpatrick, atá ag eirí as freisin.

Fagfaidh gach duine acu an banc agus a sciarshealbhóirí agus an phobal níos boichte ná mar a bhíómar nuair a chuaigh siad i mbun oibre. An t-aon grúpa nach mbeidh níós boichte – iad féin. Na baincéirí lofa. Sea lofa. Tá an uile dhuine acu ag fáíl pinsean a fhagann pá agus pinsin na bpolaiteoirí in áit na leath phingine.

Tá sé in am, dar liom, go bhfaigheadh na baincéirí seo léargas ar an difríocht idir eirí as agus cic sa tóin…..

Aon tuairim amháin ar “An difríocht idir eirí as agus cic sa tóin

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Ní bhfaighfeadh siad an léirgeas seo fad is atá a gcáirde in FF igceannas an rialtais.Cic sa tóin do FF ar dtúis agus b`fheidir ansin do na baincéirí lofa agus a gcáirde lofa na tógalaithe.Da mbá rud é go raibh gach duine lofa sa tír seo i ngéibheann ní choinneoidh Pairc an Chrocaigh iad.Cén fá nách bhfuil aon rud á rá ag an Eaglais Chaitliceach faoi róbaláithe na léinte bháine nó an bhfuil aon súim acu ach i gcóireanna a bhaineann le chursaí ghnéis.Ceap mise cun maithiúnas a fháil faoin eaglais caithfear aisíoch a dheanamh.Táim ag faire leis an cúiteamh.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s