An BBC, an Irish News agus bun an bhairille

Is léir go bhfuil bun an bhairille á chuardach ag an BBC agus iad sa tóir ar scéalta nuachta nuair a athfhoilsíonn an chraoltóir stáít Briotanach scéal ón Irish News faoin Aire OIdeachais, Caitríona Ruane ó Shinn Féin, bheith ag glacadh a h-iníon, 12, ar saoire le linn téarma scoile. Is amhlaidh go raibh an Aire ag labhairt sa Chipir agus thug si a h-iníon lei agus níl aon amhras orm gur turas oideachasúil a bhí ann.

Os rud é go raibh mo mhac féin liom agus mé ag filleadh ón nGaillimh inné, lá scoile, tuigim cás an Aire Oideachais ó thuaidh go rí mhaith. Is é an tuismitheoir príomh chaomhnóir an pháiste – aige nó aici atá cúram an pháiste agus má chreideann siad gur ar leas an pháiste é bheith leo seachas ar scoil lá nó dhó nó trí le linn téarma scoile, tá sin réasúnta dár liom.

Tuigim, mar shampla, nach bhfuil ceist ann faoin Aire bheith ag iarraidh costaisí ar son a h-iníne nó a leithéid – faoi mar a bheadh á dhéanamh ag feisirí eile ó thuaidh – agus ó dheas.

Ach creidim go mbaineann an scéal seo leis an bhfeachtas leanúnach atá ar bun ag sciar áirithe den bhuanaíocht ó thuaidh plean Ruane le h-aghaidh atheagar an chórais oideachais a chur ó mhaith. Sílim go bhfuil gá deireadh a chur leis an gcóras dé shruthach ina mbionn na daltaí is saibhre ag freastal ar scoileanna breatha agus an chuid eile ag freastal ar scoileanna atá ag déanamh a ndícheall ar bheagán acmhainní.

Ceist a bhaineann le cogadh na n-aicmí é seo agus is léir go bhfuil an mheán aicme ag baint úsáid as gach cleas is féidir chun na b

4 thuairim ar “An BBC, an Irish News agus bun an bhairille

  1. aonghus

    Tá cuid de alt ar lár, a Chonchubhar.

    Dála an scéil, anois agus tú ó dheas arís, an dóigh leat go bhfuil an córás níos fearr anseo (níl aon 11+ ann)?

    Freagra
  2. Séamus Mac Conmidhe

    Maidir leis an 11+, má tá 500 áit in iarbhunscoil, agus 700 dalta sa tóir ar na háiteanna sin, caithfear critéir iontrála de chineál éigin a úsáid. Chítear domsa go bhfuil scrúdú acadúil níos cothroime ná fad siúil ón scoil. Gan 11+ beidh buntáiste ag daltaí a bhfuil de mhaoin ag a dtuistí teach a cheannach cóngarach d’iarbhunscoil ar a bhfuil ráchairt. Beidh na tithe sin níos daoire dá réir sin. Tá pleananna an aire ag treisiú na deighilte idir saibhir agus daibhir, seachas a mhalairt. Dála an scéil, theip orm féin san 11+ thiar in 84. B’in an chic sa tóin ab fhearr da bhfuair mé riamh. D’oibir mé go dian dícheallach as sin amach agus d’éirigh go maith liom i ndiaidh dom cúig bliana a chaitheamh in alcatraz de mheánscoil.
    Maith thú, a Choncubhair, as blag ar dóigh a chur ar fáil dúinn. Lean ar aghaidh go dásachta dalba!

    Freagra
  3. Seán Mícháel O Donnchadha

    Nách deas ag iníon Caitríona lá saoire chun dul go dtí an Chipir.Nuair a bhí mise ar scoil ní thiocfadh leat lá saoire ón scoil ach go raibh mo athair ar marú muc.Níor thaithn gnó na muca liom ach dá mbeadh lá saoire uait sin mar a bhí cúrsaí.

    Freagra
    1. colm

      Obair d’athara, muc a mharú anois is arís.
      Obair Chaitríona, dul ar chorrthuras thar lear.
      Is é an dá mar a chéile é….

      Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s