Deireadh seachtaine i gConamara

Oíche Dé Domhnaigh atá ann agus tá deireadh ag teacht le mo dheireadh seachtaine i gConamara. Cé go raibh sé fliuch báite furmhór an ama, bhaineas spórt as mar a bhain na páisti agus iad ag rince sa chaislean ‘bouncy’ sa ghairdín. Bhí siad faoi chlúdach i rith an ama cé go raibh orm athrú stocaí a bheith ar fáil go mion is go minic.

Ar aon nós, ritheann smaointe fánacha liom ag a leithéid seo d’am. Tugaim m’athair chun cuimhne, suaimhneas sioraí do, agus ansan cruann mo dhearcadh, nuair a smaoiním ar an raic atá fagtha ag an gcriú mí fhortúnach atá i gcumhacht.

Le linn na seachtaine fograíodh go mbeadh Ryan Tubridy ina láithreoir nua ar an Late Late Show. Maith go leor. De réir dealraimh dúirt sé in agallamh le linn na seachtaine nach léann sé an Sunday Independent agus fuair sé íde béil as ucht seo inniu sa nuachtán céanna ó mo shean chara, Eoghan Harris. Dar le Harris is peaca é do a leithéid a rá agus a thabhairt le fios go bhfuil sé ar shlí éigean ró uasal don Indo.

Léimse an Indo -agus légh mé riamh é. Tá sé tabhachtach léargas a fháil ón dtaobh eile. Agus bhíos á léamh inniu agus ag smaoineamh ar an slí nár staon an nuachtán ó bheith ag tacú le Bertie agus a cháirde roimh an Olltoghchán in 07 agus an oiread is a bhíodh siad ag caitheamh anuas ar George Lee agus David McWilliams agus aoinne eile a shoilsigh solas ar chaimiléireacht an Rialtais. Ní cheapfá gur an nuachtán céanna atá ann inniu agus scuaine colúnaithe ag tabhairt le fios go bhfuil seo ar an Rialtas is measa riamh agus gurb é Brian Cowen an Taoiseach is measa riamh.

Mar a bhím á mheabhrú díbh go minic, thugas le fios go gcaillfeadh FF suas le 35 suiochán in Olltoghchán 07 in alt a fhoilsíodh i Lá Nua. Chreideas go raibh an tóin ag titim as cúrsaí eacnamúla agus go raibh an géarchéim sna seirbhísí poiblí – cúrsaí sláinte is oideachais go h-áirithe chomh h-olc go gcaithfí amach ar a dtónacha iad. Níor tháinig an tuar ar an dtairngreacht sin ag an am. Ach tiocfaidh sé go luath.

Thugas faoi ndeara gur cailliúint 35 suíochán a bhí a thuar do FF san Indo inniu agus John Drennan ag scríobh faoi Olltoghchán nach bhfuil fógartha go fóill….

Chasas le Seosamh Ó Cuaig, glór neamhspleach Chonamara, tar éis aifrinn ar an gCeathrú Rua inniu. Tá sé ina iarrthóir sna toghcháin áitiúil – go n-éirí leis. Tá sean cara eile liom san iomaíocht leis i gConamara – Trevor Ó Clochartaigh. Guím gach rath ar Trevor freisin cé go gcreidim gur sa pháirtí mí cheart atá sé. Tá sé ag seasamh le SF.

Tréaslaím a bhua le fear Uibh Fháilí….sa ghalf. Rinne tú go maith a Shane Mhic an Labhradh. Aon ghaol agat le laochra peile Uibh Fháilí?

Aréir bhíos ag faire ar an Eurovision. An bhua ag fear óg an Iorua agus amhrán maith freisin ag bean na hÍoslainne. An chéad uair eile, caithfidh RTÉ amhrán Ghaeilge a sheoladh go dtí Osló. Bhaineamar triail as turcaí anuraidh agus amhrán Meirceánach i mbliana – cad faoi amhrán a léiríonn rud éigean faoi chultúr dúchasach na hÉireann i 2010?

Beag an baol…píosa deas sa Sunday Business Post inniu faoi Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais. Tagairt domsa ann agus m’ainmniúchán ar ghearrliosta na gcolúnaí is fearr. An é seo mo bhliain? Cá bhfios….

7 dtuairim ar “Deireadh seachtaine i gConamara

  1. aonghus

    Luaigh (ar radio RTÉ1) gur mac le peileadóir mór le rá an galfaire.

    N’fheadar faoin dtoghchán. Ní chuirfidh sé iontas orm má chuireann FF iontas ar lucht tuartha a mbascadh, arís eile.

    Ní toisc iad a bheith fiúntach, ach toisc cuma sách lag a bheith ar an bhfreasúra, agus toisc an fíníochas agus treibheachas is dual do pholaitíocht na hÉirinn. Bhí me i siopa polannach i gCill Channaigh inné. Bhí billeoga toghchán ann do bhean Polannach – atá ag seasamh d’FF.

    Níl aoinne dár spreagadh le fís nua; go bhfeicimse, pé scéal é. An Lucht Oibre faoi Éamonn Ghilmore is túisce a thagann chun cuimhne, ach n’fheadar an bhfuil an eagraíocht acu?

    Freagra
  2. Joe

    Thug tú le fios ar leathanaigh Lá Nua go gcaillfeadh Fianna Fáil suas le 35 suíochán san olltoghchán deireannach? T’ainm an ndiúcs, ní nach ionadh go ndeachaigh an nuachtán go tóin poill.

    Freagra
  3. Concubhar O Liathain

    A Joe, a chara,
    Níl a fhios agam cad atá i gceist agat….
    Ní lia duine ná tuairim ach bhí i bhfad níos mó i gceist le cur go tóín phoil Lá Nua ná mo thuairimí faoi chúrsai pholataíochta….

    Freagra
    1. Joe

      A Concubhair,
      Níl aon amhras orm ach go raibh, ach ag an am céanna ní dóigh liom gur cheap éinne eile go gcaillfeadh F.F. suas le 35 suíochán. Tá dífríocht mhór idir “wishful thinking” agus tuairmaíocht fíricbunaithe

      Freagra
  4. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Mac le Brendan Lowry a bhi ar foireann Uibh Fhaillí a chur stop le Chiarraí i gcluiche Cheannais Craobh na hÉireann 1982 as an cúigear as a chéile a bhuachaint nuair a fuair Sheamus Darby cúl `sna soicind deiridh den chluiche.Im thuairimse tá a rás rite ag FF mar ní bheadh muinín ag éinne iontú.Tagaim leis an tuairm go bhfuil an Fhreasúra lag agus go mór mór an easaontas idir FG agus an Lucht Óibre ina gcur cuige chun deileáil leis an gearchéim eachnamaíochta.Ba cheart don Lucht Óibre agus FG teacht le chéile agus clár rialtais a oibriú amach chun FF a chur amach.Is deachair dearcadh an Sunday Indo a thuiscint.Is saghas nuachtán tablóideach é anois atá taréis bogadh ar dheis, an “Ryanair” de nuachtain Éireannach atá ag “bomáin síos” cosúil leis an Late Late faoi stiúr Tubridy.Do leathbhadóir Eóin Harris cheapann seisean gurbh é a aitheasc ar son Bertie ar an Late Late a bhuaigh an toghacháin do FF.Más fíor agus chreid Bertie é mar chuir sé sa Seanad é ba cheart duit bheith níos cuaramaí faoi cháirde.

    Freagra
  5. igaeilge Údar an Ailt

    Bhí an tuairimíocht bunaithe ar argóint a bhí bunaithe ar fhíricí – agus is anois tá an tuar ag teacht ar an dtairngreacht. Bhí an toghlach dall ar mhí chumas iomlán FF an uair úd – an uair seo tá a súile oscailte….

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s