Foinse – Pravda Uí Chuív?

Táim i gConamara, ag céad comaoine mo neach, agus níl locht air mar ocáid teaghlaigh. Is mór an áthrú é ón ocáid teaghlaigh dhgeireannach a thug sinn le chéile, sochraid m’athair, tuairim is leath bhliain ó shin anois.
Táim ag scriobh an meid seo ar iPhone ague níl sé éasca.
Ag léamh Foinse dom tar eis aifrinn, aithnim an bhearna ata fagtha le dúnadh La Nua. Is léir dom ó thuairisciú ‘phríomh nuachtán naisiúnta na Gaeilge’ – nó an neamh thuairisciu – go bhfuil pé cnamh droma a bhí ag an nuachtán caillte.
Tri shampla:
1. Le linn na seachtaine, sheol an Choimisinéir Teanga a thuairisc bhliantúil. Tá tuairiscí is eagarfhocal ar an dtuarascáil i bhFoinse ach ar eigean gur luadh failli Roinn Ui Chuiv i leith na reachtaiochta agus go h-airithe, níor luadh an faillí atá déanta ag an Roinn a reachtaigh Acht na dTeangacha Oifigiúla agus a chum agus a cheap cur chuige na scéimeanna i leith a scéim teangan féin.
2. Go fóill níl tagairt ar bith sa nuachtán seo ar an bplean atá ag an Aire Uí Chuív aonad aistriúcháin a bhunú agus an costas a bheadh air. Is scéal mór é seo i saol na Gaeilge – ach ní aithníonn an ‘phriomh nuachtán’ gur amhlaidh atá.
3. An mó pictiúr d’Éamon agus An Taoiseach ar gá a fhoilsiú in aon eagrán?

Ní h-amháin go bhfuil an argóint ann – agus ann go láidir – go bhfuil an nuachtán claonta go mí nadúrtha i dtreo amháin ó thaobh na polataíochta de ach is léir freisin go bhfuil Foinse ar chúl na h-imeartha maidir le scéalta móra na Gaeilge. An tseachtain seo chaite bhí fógra sa nuachtán faoin Stiurthóir Aistriúcháin agus ní raibh an scéal ann. An tseachtain seo bhí an scéal mór ag Nuacht 24 faoi phlean an Aire ‘Údarás na Gaeilge’ a dhéanamh de Údarás na Gaeltachta agus agallamh leis an Aire faoin phlean seo. Ach ní raibh rian den scéal i Foinse.
Tuigim go maith go bhfuil todhchaí an nuachtáin idir dhá cheann na meá faoi láthair agus an Fhoras – Dia idir sinn agus an t-olc – ag plé téarmaí an chonartha úir leis an fhoilsitheoir, Pádraig Ó Céidigh.
Ach ni leithscéal é sin an súil a bhaint den liathróid. Is é priomh ghnó an nuachtáin iriseoireacht a dhéanamh, seachas bolscaireacht ar son pháirtí nó fiú aire ar leith. Is mó an chosúlacht idir Foinse agus ‘Pravda’ Uí Chuív anois ná riamh.

Aon tuairim amháin ar “Foinse – Pravda Uí Chuív?

  1. Seán Mícháel O Donnchadha

    A Choncubhair bhi mise igConamara freisean ag streachailt le Teastas Eorapach na Gaeilge.Tá an fadhb tuasluaithe pleidhte agat cheanna.Leanfadh sé a fhad agus a bheidh
    “an tionscail Gaeilge” ag braith ar maoiniú ón stáit. Nárbh
    Fada ó raibh Ó Ceidigh luaite mar iarrthóir ag FF san Toghcheanntar Iar – Thuaisceart san amh ina raibh siad sa toir ag gach duine ó Dustin go Éamo féin chun seasamh.Tá Súil agam go ndéanfaidh Éamo sóileiriú ar an cheist seo amach anseo, bfheidir taréis an toghcháin, nuair a bheidh taighde níos fearr ó na pobalbreitheanna.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s