Údarás na Gaeilge á bheartú ag Ó Cuív

Tá seo le léamh in agallamh idir Eoghan Ó Néill agus an Aire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, atá foilsithe san eagrán is déanaí de Nuacht 24. Glacaim leis go bhfuil leagan den agallamh le fáil freisin ar Raidió Fáílte.

San agallamh seo deir sé an méid seo:
Ar dtúis an cheist:

Eoghan Ó Néill: An bhfuilimíd ag caint faoi eagras iomlán nua a bheadh ag comhordú na rudaí seo ar bhonn 26 contae amháin.
Éamon Ó Cuív: Sin an cheist. Ceann de na féidearthachtaí atá ann ná go mbaintear úsáid as ceann de na h-eagrais atá ann cheana féin, mar shampla, Údarás na Gaeltachta. Agus go mbeadh freagracht áirithe ar an Údarás ar fud na tíre ar fad, chomh maith leis an Ghaeltacht.
Sin tuairim amháin a cuireadh chun cinn agus tuairim atá á scrúdú. Ach níl aon chinneadh déanta. Níl ann ach caint faoi láthair. Ach tá fadhb ann. Níl aon cheist faoi sin.

Is cosúil gurb é an rud atá ag déanamh tinnis don Aire, agus nach mall atá sé á admháil seo, go bhfuil an ghné uile Éireannach den Fhoras, an ghné thuaidh theas le bheith beacht, ag cur bac ar chur chun cinn na Gaeilge. Ní cháineann sé a shiúr roinn ó thuaidh, ná an Aire ó thuaidh, Greagóir Doicheallach Ó Chaim Bhéil, ach is léir go dtuigeann sé go bhfuil an roinn sin ag cur laincis nach beag ar chur chun cinn na Gaeilge. Is cuimhin liom an méid sin a thuairisciú roinnt blian ó shin, i 2001/2002, agus nuair a thuairiscíos an méid sin, tháinig preas oifigeach an Aire ar an bhfón chugam go feargach ag séanadh an méid a bhí tuairiscithe. An uair sin ba fear ón UUP a bhí ina Aire, Michael McGimpsey, ach is mar a chéile iad an DUP agus an UUP i leith na Gaeilge.

Tá an crioch dheighilteachas seo gléasta i bhfocail eile ag an Aire agus é ag caint faoin stadas éagsúil atá ag an nGaeilge ó thuaidh is ó dheas agus gur stat ceannasach é an Stat ó dheas agus mar sin go gcaithfidh sé beartú dá réir sin i leith na Gaeilge. Agus, ag cur polataíocht na Poblachta ar leataobh ar feadh soicind, ní féidir argóínt faoi sin nó is firic é go fóíll.

Ar an láimh eile tá sé deacair an Aire a chreidiúint nuair atá sé ag gearán faoi ‘chriochdheighilteachas’ na n-eagras Ghaeilge. Gan amhras tá leithéidí Pobal ann ó thuaidh agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó dheas de bharr go bhfuil cúinsí éagsúla ag an nGaeilge ó thuaidh is ó dheas. Agus eisean is mó atá ag dul don phort sin!

Le linn an agallaimh thug sé súntas do go bhfuil Pobal ann ó thuaidh agus Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ó dheas agus, dar leis:

Is é an trua é nach bhfuil aon eagraíocht amháin Gaeilge ann do na 32 contae maidir le cur chun cinnna Gaeilge ar bhonn deonach.

Mar sin féin is léir ón agallamh go dtuigeann sé na cúinsí éagsúla atá i réim ó thuaidh is ó dheas chomh fada agus a bhaineann sé leis an nGaeilge. Agus tuigfidh sé freisin go bhfuil an dhá eagraíocht éagsúil seo gléasta le h-aghaidh dul i ngleic le na cúinsí ina gcuid féin den oileán.

Ní h-é nach gcreidim nár cheart comhthathú a bheith ann. Ach creidimse go bhfuil sé deacair creidiúint a thabhairt do chaint faoi chomhthathú do Aire atá ag cruthú maorláthas nua don Ghaeilge mar a bhí Midas fadó ag cruthú ór – gach rud a leagann sé láímh air, iompaíonn sé go maorláthas. Ní h-é nach bhfuil gá le maorláthas – ach an oiread sin de?

Anois is arís, tagann sé chun tosaigh san agallamh go dtuigeann an Aire an fadhb:

Nó mar ar thaispeáin an Athair Mac Gréil ina thuarascáil le déanaí, is é an fhadhb atá ann ó dheas go bhfuil eolas ar an haeilge ag daoine ach gan fáill acu í a úsáíd.

An rud atá mise ag rá, má bhreathnaíonn tú ar shaol duine, feictear domsa go mbeadh sé iontach dá mbeadh gasúr á thogáil i mBéal Feirste Thiar, mar shampla, go mbeadh eagraíocht amháin ann a bhreathnódh ina dhiaidh, a chinnteodh go mbeadh naíscoil Ghaelach ar fáil, go mbeadh bunscolaíocht Ghaelach ann, seirbhísí don óige ann agus iomlán saoil ar fáíl.
Is é an chaoi go bhfuil sé faoi láthair againn ná go gcaithfidh 8 nó 9 d’eagrais díreach le gasúr a thogáil le Gaeilge. Ní fheicim aon chiall le sin.

An fath go bhfuil an 8 nó 9 eagras sin ann, leithéidí Gaelscoileanna, Comhar na Naíonraí Gaeltachta etc, gur bunaíodh iad mar aisfhreagra ar easpa sheirbhís ón stát nó gur bhunaigh an stat féin iad agus go raibh sé i gceist go mbeadh riar á dhéanamh ag an eagras ar an dtaoscán sin a raibh sé aitheanta go raibh easnamh ann agus, mar sin, go raibh gá le féachaint ina dhiaidh.

Más amhlaidh go mbeidh bannaí ann go mbeidh an Stat ag déanamh a chúram i leith na h-acmhainní a chur ar fáil chun go dtógfaí na páistí le Gaeilge, maith go leor, ní gá na h-eagrais go léir a bheith ann. Ach go dtí sin, agus go h-áirithe san aeráid seo, ní ghéillfinn ar cheist na n-eagras don Aire. B’fhearr iad a bheith ann ná folús a bheith ann.

Ag an deireadh seachtaine, sa Sciobairín, beidh an tAire Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, i láthair ag Comóradh an Stáit ar an nGorta. Ocáid solúnta é seo. Ba mhór aige a thabhairt chun cuimhneamh le linn an chomoraidh go raibh na mílte ag fáil bháis den ocras agus bia á sheoladh amach ó Chorcaigh go Sasana. Bhí bia ann ceart go leor – ach ní dhailfí é i measc iad san a bhí sé de dhith orthu.

An deireadh seachtaine seo chaite, d’fhograiodh go mbeadh aonad aistriucháin á bhunú ag an Roinn Ghnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le breis is 6,000 ionstraim reachtúil a aistriú go Gaeilge. Tá sé i gceist, de reir dealraimh, an aonad seo a lonnú i gceann de phriomh oifigí na Roinne. Ní fios cé mhéid a chosnóidh sé an méid sin a aistriú go Gaeilge ach d’fhéadfadh sé bheith thar a bheith costasach. An bhfuil bealach níos tairbhí don Ghaeilge is don Ghaeltacht an t-airgead sin a chaitheamh? É a infheistiú in irisí/nuachtáin Ghaeilge, ar a laghad do léighfi iad san. Nó an obair a thabhairt do chomhlachtaí aistriúcháín neamhspleach i nGaeltachtaí ar fuaid na tíre? Nó an t-aonad féin a lonnú i gColásite Iosagáín nó ionad mar é i nGaeltacht atá tearc fhorbartha ó thaobh institiúidí náisiúnta Ghaeilge de?

Tá gá le h-athshamhlú ar an nGaeltacht agus ar phobal na Gaeilge agus eirí as an chaint sioraí seo faoi theorainní is a leithéid. Tá sin ró theorannta.

Tá gá an béim a leagadh ar labhairt agus ar léamh agus ar scríobh is ar chruthaitheacht seachas ar mhaorláthas agus ar fhoirmeacha agus ar phroisis measúnaithe.

Ach is cosúil gurb é bóthar an mhaorláithis atá roghnaithe ag an Aire Ó Cuív – sin bóthar nach dtogfaidh sin in áit ar bith….

2 thuairim ar “Údarás na Gaeilge á bheartú ag Ó Cuív

  1. colm

    Tá go leor ceisteanna ardaithe agat anseo a Choncubhair, ach níl mé chun aghaidh a thabhairt ach ar cheann amháin acu.

    Tá brú ag teacht chun móreagraíocht amháin a bhunú le freastal ar gach gné den saol Gaelach.
    Ní fheicim go luíonn sé seo le réasún. Freastalaíonn gach eagraíocht ar a gné féin den saol. Ar mhaith an rud é, cur i gcás, Comharchumann Mhúscraí a nascadh le Comharchumann Fánada agus Comharchumann Ráth Chairn – nó níos measa fós, leis an mBéal Binn i mBrí Chualann?
    Ní fheictear dom go mbainfeadh ciall leis sin. Mar a chéile leis na heagraíochtaí eile. Ní féidir gach eagraíocht a chur le chéile – ní dóigh liom go mbeadh de thoradh air ach maorlathas a chruthú a sháfhadh a ladar in obair gach eagraíocht ar leith, agus go mbeadh tuilleadh acmhainní á gcur amú ar an gcaoi sin.
    Agus rud eile de – ní túisce iad nasctha le chéile ná go mbunódh dream áirithe eagraíocht nua áit eicínt. An mbeadh cosc ar dhaoine eagraíocht Gaeilge a bhunú? Ceist shuimiúil í sin!
    Ar an taobh eile de, tá scátheagraíocht ann cheana féin – an Chomhdháil. Agus tá scátheagraíocht eile ann – Foras na Gaeilge.
    Sa deireah thiar thall, freastalaíonn gach eagraíocht ar a chuid féin den saol, agus is maith an rud é iad a bheith ag comhoibriú lena chéile.

    Dála an scéil, cé mhéid eagraíochtaí Béarla atá sa tír? An mbeadh sé i gceist iad ar fad a bhrú isteach in aon eagraíocht amháin freisin?

    Freagra
  2. Ping: The perils of publishing an Irish language newspaper « iGaeilge

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s