Suirbhé an éadochais

Lá gruama i mí Bealtaine, suirbhé le torthaí gruama ó Ghaeltacht Thír Chonaill faoi líon na bpáistí a tháinig ar scoil an chéad uair i mí Meán Fómhair seo chaite agus arbh í an Ghaeilge an teanga teaghlaigh acu.

De réir an tsuirbhé, a rinne Dónal Mac Ruairí ar son chlár Ronán@3 ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, is í an Ghaeilge an príomh theanga teaghlaigh ag 27% de na páistí a tháinig ar scoil i mí Meán Fómhair seo chaite. Fagann sin gurb í an Bhéarla an príomh theanga teaghlaigh ag 73% de na páistí.

Tá moladh ar leith ag dul do Dhónal mar chuaigh sé i dteagmháil le gach scoil é féin agus fuair sé an t-eolas ó na múinteoirí. Agus craoladh an t-eolas ó gach scoil. Chuirfeadh cuid de na bhfigiúirí ar chrith thú. Scoileanna i gceantaracha chomh Gaelach le Gort a’Choirce gan ach beirt as deichniúr ag baint úsáide as na Gaeilge sa bhaile. Ar an láimh eile bhí deichniúr as 25 ar an Tearman, áit a bheadh luaite mar bhreac Ghaeltacht, ag baint úsáide as an nGaeilge sa bhaile.

Is cinnte go mbeidh bás na Gaeilge sa Ghaeltacht á fhogairt in athuair ag cailligh an uafáis.

Ach sa deireadh thiar níl anseo ach an toradh nadúrtha a bheithfeá ag súil leis nuair atá creimeadh á dhéanamh ar ár meas ar an nGaeilge sna meáin craolta is clóite. Is iad na meáin an tosca is mó tionchair ar pháistí agus ar thuismitheoirí – agus, creid nó ná creid, d’fhagadh an réimse seo go h-iomlán ás an áireamh sa Staidéar Teanga-eolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht a fhoilsíodh nach mór dhá bhliain ó shin anois. Is cuimhin libh an tuarascáil seo, nach cuimhin, b’shin é an tuarascáil inar maíodh ná raibh ach 15-20 bliain fágtha ag an nGaeilge mar theanga beo sa Ghaeltacht.

Níl i TG4 agus RTÉ RnaG, dá fheabhas iad, ach sopanna in áít na scuaibe. Labhraim Gaeilge le mo mhac i gcónaí – agus labhrann sé Gaeilge liom. Ach is cláracha Béarla is fearr leis ar an dteilifís. Tá cláracha Ghaeilge ann ar TG4 – fiú leagan Ghaeilge de Ben 10, an clár is mó a thaithníonn leis, ach má amharcann sé ar dhá uair a chloig teilifise gach lá, ní bheidh ach thart ar leath uair as Gaeilge má fhagaim a rogha féin aige. Ní air atá an locht – tá réimse cláracha ag teastáil chun áird a leithéid a choimead.

Ó mo thaobh féin de, de ghnath stopaim ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta tar éis chlár Ronáin – nó blúiríni de Ard Trathnóna – agus is le leithéidí Drivetime a éistim ina dhiaidh sin. Faighim mo nuacht uaidh. Níl a leithéid ar fáil i nGaeilge. Agus tá’s agam go bhfuil clár ann ó Bhaile Átha Cliath thart ar an am sin ach dá fheabhas é, níl sé inchurtha.

Corr uair go mbionn deis agam amharc ar Nuacht TG4 – de réir dealraimh bhíos féin ar an gclár an oíche dheireannach ach ní fhaca mé an clár. Tá 7in ana mhí thrathúil mar am féachana – agus is tubaist é nach mbionn an dara feasachán ann. Agus cén fath nach mbeadh sé ar fáil laithreach bonn ar an idirlíón, cén tairbhe bheith ag faire ar nuacht an lae sin an lá dar gcionn?

Aon tuairim amháin ar “Suirbhé an éadochais

  1. colm

    “Níl i TG4 agus RTÉ RnaG, dá fheabhas iad, ach sopanna in áít na scuaibe.”

    Faraor, ní sop in áit na scuaibe é TG4. Is beag Gaeilge atá air dáiríre, agus fiú cuid mhaith de na cláracha do pháistí, is i mBéarla atá siad. Cuireann sé lagmhisneach orm, agus cé go bhfuil fiúntas áirithe ag baint leis do mhuintir na Galltachta, bí cinnte nach gcoinneoidh sé páistí na Gaeltachta ag caint Gaeilge.

    Tá mo chuid páistí féin imithe thar aois na gcartún, agus ní féidir liom a mhaíomh go bhfaca mé iad ag breathnú ar TG4 le bliain anuas.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s