Splunc! ó Chomhluadar

splunc
Eagras é Comhluadar atá árd mheas agam air nó tá an obair á dhéanamh ag Feargal agus Nicole is eile chun tacú le tuismitheoirí fud fad na tíre atá ag iarraidh a bpáistí a thogáíl le Gaeilge.

Seo chughaibh anois iris don aos óg, Splunc!, agus caithfidh mé a rá go bhfuil sé thar a bheith snásta agus ‘glossiáilte’. Greannán atá ann le scéalta ann faoi Celt, Liam Leisciúil agus Cill Chleasaí is eile – agus táim ag súil nuair a thabharfaidh mé abhaile é go mbainfidh Art agus Danú, mo pháistí féin spraoi agus sult as.

An t-aon rud a thugaim faoi ndeara mar gheall ar an iris nach bhfoilseofar é ach, de reir dealraimh, dhá nó thrí uair sa bhliain nó luaitear ‘Fómhar/Geimhreadh’ le Eagrán 1 den iris gealgáireach seo agus tá ‘Earrach/Samhradh’ luaite leis an dara eagrán. Is é an t-aon locht atá air, mar sin, chomh h-annamh is a fhoilsítear é.

Níl aon locht ar Chomhluadar as seo, dar liom. Tá an iris seo ar fheabhas – ach tá sé costasach a leithéid d’iris a fhoilsiú agus ní fheicim aon urraí mór luaite leis. Is é seo an chineál irise atá de dhíth chun daoine óga a spreagadh chun an Ghaeilge a léamh. Tabhair dom léitheoir Splunc inniu – agus tabharfaidh mé duit léitheoir ‘nós’ amarach. Agus an lá ina dhiaidh sin b’fhéidir go mbeidh leitheoir leabhair Ghaeilge agat.

Maith sibh, a lucht Chomhluadair! Sin dea obair atá ar bun agaibh.

3 thuairim ar “Splunc! ó Chomhluadar

  1. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Is ar tógraí mar seo ba cheart don Rialtas an airgear a chaitheamh murbh ionann postanna mar áistritheoirí do chaipéisí nách leann duine ar bith.Tá mé taréis an leabhar Lá an Phaoraigh a fhoilsíodh in 2007 ag Cló Iar – Chonnachta a léamh.Tá an Ghaeilge sách éasca ann d`éinne atá ag iarradh an teanga a fhoghlaim.Molaim é, sár leabhar ó sár-pheileadóir as Gaeltacht Conamara.

    Freagra
  2. Feargal Ó Cuilinn

    Go raibh maith agat as ucht an aiseolas agus moladh do ‘Splunc’. Tá sé i gceist againn go mbeadh ‘Splunc’ ar fáil go míosúil amach anseo agus ar díol go forleathan, ach tógfaidh sé am orainn an tionscnamh a fhorbairt. Tá súil againn go mbeidh ceithre choip an bhlian seo chughainn agus an minicíocht ag meadú thar na blianta. Má cheannaíonn a dhóthain daoine é seans go mbeidhmíd ábalta iris eile a fhoilsiú do pháistí níos sine freisin- sin an plean ar aon nós.

    Freagra
  3. Séamas Ó Neachtain

    Ní bheidh An Gael ann ach ceithre huaire sa bhliain, ach oiread. Treise libh. Agus más mian libh fógra a chur inár n-iris, bheinn sásta sin a dhéanamh daoibh (cé nach bhfuil mórán spáis agam fós!).
    angael ag optonline.net

    http://www.angaelmagazine.com (ach níl an suíomh ag obair i gceart faoi láthair…mo leithscéal)

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s