Tubridy an Tbhaoidil Dí a roghnaigh RTÉ

Anois tá a fhios agam go bhfuilim ag dul in aois. Cúpla lá ó shin dúirt mo bhean liom go raibh ribí liath i m’fholt gruaige tugtha faoi ndeara go soiléir aici i m’fholt fhionn dhonn. Agus aréir ceapadh fear nios óige ná mé le bheith ina ostach/laithreoir ar an Late Late Show.

Níor chuir mé morán spéise sa sorcas ar bhain le comharba a fháil don suiochán socúil seo. Tbhaoidil Dom nó Tbhaoidil Dí an rogha a bhí ann. Ach anois tá Ryan Tubridy roghnaithe agus bhí a phus ar fuaid na nuachtáin ar maidine, é féin agus a chailín, Aoibhinn Ní Shuilleabháin (Rós Thrá Lí ó chúpla bliain ó shin).

An t-aon smaoineamh a bhí agam mar gheall ar seo, seachas an cheist sin faoi ‘aois’, go raibh deis ag RTÉ rud éigean difriúil a dhéanamh. Cad faoi deis a thabhairt do bhaill an phobail iad féin a chur chun tosaigh agus clár ‘réalaíoch’ a dhéanamh faoi? Bheadh sé ina shorcas níos mó arís agus bheadh sé ina fhaoiseamh ón ngruaim is ón mbuairt atá ár gciapadh faoi láthair.

Ar aon nós – ná beadh sé níos radacaí arís dá ndéanfaí clár dhá theangach den Late Late Show agus roinnt agallaimh trí Ghaeilge a dhéanamh ar an seó. Thabharfadh sin leithscéal dom fánúint sa bhaile oíche Dé hAoine.

6 thuairim ar “Tubridy an Tbhaoidil Dí a roghnaigh RTÉ

  1. Feirsteach

    Aontaím le do smaointe, ach ní tharlódh sé iarrachtaí spreagtha a dhéanamh le Ryan Tubridy féin agus le RTÉ.

    D’fhreastail a dheartháir Garret Tubridy ar Choláiste Eoin, le Aoibhinn Ní Shúilleabháin agus tá ar a laghad colcheathair amháin dá gcuid ag seoladh a bpáistí go gaelscoil, Chris Andrews TD.

    Fiú muna bhfuil clár dátheangach indéanta go fóill, méadú ar an líon tagairt den Ghaeilge “clúdach” ar cheisteanna Gaeilge, ábhar trí Ghaeilge.

    Céard faoi é mar cheann d’Aoíthe nua Sheachtain na Gaeilge 2010?

    Bheadh é féin agus Aoibhinn thar cinn, go háirithe dá mba rud é go raibh sé i gceist acu páistí a thógáil le Gaeilge!
    An ghné is tábhachtaí don phleanáil teanga/d’athbheochán na Gaeilge ná an aistriú teanga idir ghlúin.

    Freagra
  2. igaeilge Údar an Ailt

    Nil a fhios agam an bhfuil sé ábhairín ró luath bheith ag caint ar Ryan Tubridy agus Aoibhinn Ní Shúilleabháin bheith ag togáil páistí le Gaeilge le chéile go fóill. Nach le déanaí a thosnaigh siad ag siúl amach le cheile! Ar aon nós, tuigim an méid atá le rá agat. Ní raibh agam ach cúpla smaoineamh fánach – niorbh olc an rud é Ryan Tubridy a fháíl chun an Ghaeilge a labhairt ar an Late Late Show. Ach seo an rud, nílim cinnte an féidir linn leanúint orainn ag brath ar na celebs. Glacann siad páírt i scéim, foilsítear na pictiúir, glacann siad an táílle agus as go brach leo. An bhfuil aon fiúntas fadtréimhseach ag baint le réaltaí a cheangal leis an nGaeilge?

    Freagra
  3. Feirsteach

    Chomh fada agus a bhíonn an lucht léitheoireachta is mó ag na nuachtáin tablóideach ceapaim go mbeidh gá le daoine cáiliúla a mhealladh leis an Ghaeilge, ní bhíonn siad á n-úsáid i bhfeachtais fógraíochta ar mhaithe lenár n-áilleacht ach ar mhaithe le tionchar a imirt ar dhaoine (trí tháirge a cheannach).

    Freagra
  4. Seán Mícháel O`Donnchadha

    Ní doigh liom go bhfuil aon seans go mbeidh Gaeilge ar an “Late Late”.Tá an iomad bhrú faoi lucht féachana agus cúrsaí fógraíochta.Beidh tuarastáil mór ag Tubridy agus gá le figiuirí féachana móra.Ní doigh liom freisean go dtabharfadh RTE fiú sean-chlár Tubridy go dtí an Gaeilge.B`fheidir gur fearr Teilifís na Ghaeilge an bhearna a líonadh.Bhí seó saghas dha theangach fadó le Liam ó Murchú, aimsir a raibh clú ar Bhráthairí Criostaí ar a gcumas faoi oideachais seachas rudaí éile.Is cuimhin liom bhíodh alán bráthairí ar an gclár.B`fheidir go ndeanfadh leitheidí Paidí Ó Lionáird, Dara Ó Cinnéide nó fiú Aoibhinn álainn í féin an beart, éinne ach Hector.

    Freagra
  5. Gearóid Mac Suibhne

    Is dócha go bhfuilim ag dul ar seachrán anois ach cén fáth gur cuireadh deiredh leis an gclár ‘Ardán’ ar TG4? An é ná raibh lucht féachanna ag an gclár nó ar ceapadh go raibh a rás rite?
    Ní dóigh liom go mbeidh aon Ghaeilge le cloisint ar an Late Late nó ar pé clár a chuirfear in áit Tubridy Tonight ach ceapaim go mbeadh ‘chat show’ as Gaeilge ar TG$ ana shuimiúil agus dá mba rud é go raibh amhras orthu dul in iomaíocht le cláracha RTÉ ar an Aoine is ar an Satharn d’fhéadfaidís é a chur ar siúl ar an nDomhnach.

    Freagra

Freagra

Líon amach do chuid faisnéise thíos nó cliceáil ar dheilbhín le logáil isteach:

Lógó WordPress.com

Is le do chuntas WordPress.com atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Peictiúr Twitter

Is le do chuntas Twitter atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Facebook

Is le do chuntas Facebook atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Pictiúr Google+

Is le do chuntas Google+ atá tú ag freagairt. Logáil Amach / Athrú )

Ceangal le %s